Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Ag fánaíocht le fón póca – ceisteanna coitianta

De réir mar atá ag méadú ar thaisteal, tá níos mó daoine ná riamh ag úsáid a bhfón póca thar lear.  Rinneamar suirbhé go luath sa bhliain 2006 agus fuaireamar amach gur beag an t-eolas faoi na costais fánaíochta le fón póca  a bhí ag 52% d’úsáideoirí Éireannacha a thug cuairteanna thar lear.

 

Sa treoir seo;

• tugann muid cabhair duit maidir le cad is cóir a dhéanamh sula n-imíonn tú ar thuras;

• míníonn muid duit conas airgead a shábháil le linn duit a bheith ag fánaíocht;

• míneoidh muid ‘fánaíocht iomrallach’ agus conas í a sheachaint; agus

• déanfaidh muid tú a threorú chuig ar na leathanaigh gréasáin atá againn leis na muirir fánaíochta idirnáisiúnta.

 

Cad a thuigtear le ‘fánaíocht idirnáisiúnta’?

Is éard atá sa bhfánaíochta idirnáisiúnta ná an cumas chun an fón póca a úsáid i dtír thar lear.  Chun é seo a dhéanamh bhíonn aontú déanta idir oibreoir an fhóin phóca agus líonraí móibíleacha thar lear.  Cuireann soláthraí an líonra thar lear bille chuig an oibreoir agatsa (ar a dtugtar ‘muirear mórdhíola’) i gcoinne na húsáide atá déanta agat.  Cuireann na hoibreoirí agatsa a gcostais féin le sin agus gearrann siad muirear ort as an úsáid a bhí agat thar lear.  Bíonn na comhaontuithe fánaíochta idirnáisiúnta casta go leor agus is féidir na muirir mórdhíola a bheith éagsúil ar a chéile.

 

Nithe le tabhairt faoi deara maidir le fánaíocht le fón póca.

·         I bhformhór na dtíortha tig leat an líonra a roghnú a dteastaíonn uait fánaíocht a dhéanamh leis.

·         Is féidir difríocht a bheith idir costas na nglaonna, ag brath ar an líonra móibíleach a thoghann tú, agus d’fhéadfadh na táillí le linn fánaíochta a bheith i bhfad níos airde ná na glaonna sa bhaile.

·         Íocfaidh tú as glaoch a chur ar líne cabhrach an oibreora mhóibíligh bhaile nuair a bhíonn tú thar lear.

·         Íocfaidh tú as glaonna a ghlacadh nuair a bhíonn tú thar lear.

·         Gearrfar táille ort as éisteacht le teachtaireachtaí gutha.

·         Is féidir nárbh ionann na huaireanta ard- agus beag-éilimh ar na líonraí thar lear agus na huaireanta atá ag an oibreoir móibíleach in Éirinn.

·         B’fhéidir go mbeadh ort íoc as glaonna in incrimintí difriúla, mar shampla, b’fhéidir go mbeadh ord íoc de réir an nóiméid agus ní de réir an tsoicind.

·         Go hiondúil bíonn íosmhuirear i gceist.

·         Más réamh-íocóir tú, b’fhéidir go mbeifeá i n-ann na táillí fánaíochta a scrúdú má bhíonn mionshonrú billeála in aisce ar ghréasán ag an oibreoir móibíleach atá agat.

 

Cad a thuigtear le ‘fánaíocht iomrallach’?

Sin, má glacann líonra difriúil i gan fhios duit, leis an gcraoladh a thagann as an bhfón póca.  Tharlódh sin in aice le teorainn idirnáisiúnta, mar shampla an teorainn idir Poblacht an Éireann agus Tuaisceart Éireann.

 

Cén fáth go dtarlaíonn an fhánaíocht iomrallach seo?

Go hiondúil tarlaíonn an fhánaíocht má bhíonn an craoladh as líonra i dTuaisceart Éireann níos treise ná an ceann a thagann as do líonra féin.  Tharlódh go mbeadh an fón póca atá agat cóirithe chun ceangail leis an gcomhartha is treise.  Toisc nach bhfuil beann ar bith ag craolta raidió ar theorainneacha, tharlódh a leithéid fiú mura ndéanfá an teorainn a thrasnú.  Dá dtarlódh seo is é is dóichí go mbeadh ort táillí níos airde a íoc as glaonna.  B’fhéidir go ngearrfaí táillí ort freisin as glaonna a ghlacadh.  Ag brath ar an bhfón póca atá agat, d’fhéadfadh na litreacha ‘UK’ a bheith ar thaispeáint ar an scáileán in éineacht le hainm an líonra a bhfuil ceangal ag an fón anois leis.

 

Conas is féidir liom an fhánaíocht iomrallach a sheachaint?

Míchumasaigh an ‘roghnú líonra uathoibríoch’ ar do ghléas láimhe.  Ar an bhfón póca is féidir leat líonra a roghnú go huathoibríoch nó é a roghnú de láimh.  Má dhéanann tú an ‘roghnú líonra uathoibríoch’ a mhí-chumasú ní thig leis an bhfón ceangal a dhéanamh le líonra eile mura roghnaíonn tusa é.  Tá cur síos sa treoir a ghabhann le do ghléas láimhe faoi conas a dhéanfá athrú idir ‘roghnú líonra uathoibríoch’ agus ‘roghnú líonra de láimh’.  Smaoinigh ar ghlacadh le plean praghsála a thugann lascaine ar bhonn uile-Éireann duit. Bíonn ‘pleananna taraifí’ le lascaine á n-ofráil ag cuid de na hoibreoirí móibíleacha ar bhonn uile-Éireann.  Bíonn cuid acu saor in aisce ach bíonn táille mhíosúil sa bhreis ag baint le cuid eile.

 

An mbeadh orm táillí a íoc dá dtéadh mo theileafón ‘ar fánaíocht’ go hiomrallach?

Má tá an fón póca cóirithe le haghaidh ‘roghnú uathoibríoch líonra’ agus má théann sé ar fánaíocht go hiomrallach, ní foláir duit an bille a eisítear dá bharr a íoc. 

Táillí laghdaithe fánaíochta.

Tá seirbhís nua tosaithe ag roinnt oibreoirí a thugann deis duit táillí i bhfad níos lú a íoc le linn duit a bheith i dTuaisceart Éireann.  Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh led oibreoir nó lena láithreán gréasáin féachaint an dtugann siad an tseirbhís in-roghnaithe seo duit.  Bí cinnte na téarmaí agus na coinníollacha a sheiceáil i gcónaí.

 

Fánaíocht – cad is ceart a dhéanamh sula n-imíonn tú.

Sula n-imíonn tú, breathnaigh ar láithreán gréasáin d’oibreora agus, más gá, an rannóg um chúram custaiméirí atá acu, lena fháil amach:

• an gceadaítear fánaíocht idirnáisiúnta faoin gconradh atá agat,

• an méid a chosnóidh sé ort an fón a úsáid sa tír a bhfuil tú ag taisteal inti,

• cé acu líonra a thairgeann na rátaí fánaíochta is saoire,

• cén ainm a thaispeánfar ar do theileafón i gcomhair an líonra sin, agus

conas seirbhísí eile a fháil (mar a bheadh glórphost, athchur glaonna, agus roghnú líonraí).

 

Leideanna maidir le húsáid an fhóin phóca nuair a bhíonn tú thar lear.

Tá sé níos daoire an fón póca a úsáid thar lear ná sa bhaile, ach ní chóir go gcuirfeadh sin bac ort  ó choimeád i dteagmháil le clann agus le cairde má dhéanann tú iarracht praiticiúil chun na táillí a choimeád chomh híseal agus is féidir.

 

Bíodh a fhios agat cén líonra is fearr a oireann duit.

Má oibríonn tú an fón póca agus tú thar lear seans go bpiocfaidh sé suas líonra éigin nach é an rogha is saoire a oireann duit.  Chun é seo a sheachaint cóirigh an fón chun líonra a roghnú de láimh as a bhfuil de líonraí ar fáil.  Cuirfidh seo ar do chumas roghnú pearsanta a dhéanamh ar an líonra a thugann an luach airgid is fearr duit.  Is fearr go mbeadh a fhios agat freisin go mb’fhéidir nach mbeadh gach aon líonra a theagmhódh an fón leis ar fáil duit ach oiread.  Tharlódh nach mbeadh aon socrú fánaíochta déanta le cuid acu ag an oibreoir móibíleach agat féin.

 

Úsáid i gcónaí thar lear an líonra is saoire atá le fáil.

Is féidir leat an fhaisnéis is déanaí a fháil maidir le costais ó láithreán gréasáin d’oibreora mhóibíligh sula dtéann tú thar lear agus is féidir leo an líonra is saoire a chur ar eolas duit.  Go luath sa bhliain 2006 sheolamar treoir nua taraifí chun cuidiú le tuiscint na gcustaiméirí ar chostas glaonna agus téacsanna a chur agus a ghlacadh i dtíortha cosúil leis an Ríocht Aontaithe, An Spáinn, an Phortaingéil, An Iodáil, SAM, An Ghearmáin, An Ghréig, An Tuirc.  Roghnaíomar na tíortha seo toisc go dtéann an-chuid Éireannach go dtí iad.  Tá sé i gceist againn tíortha eile a chur leo le himeacht ama.  Má bhíonn na costais ar fáil ag taistealaithe, tá súil againn go mbeidh sibh i n-ann an t-oibreoir áitiúil is fearr a oireann díbh a roghnú.  Téigh isteach ar www.askcomreg.ie/roaming le réimse na líonraí atá ar fáil agus na praghsanna sna tíortha sin a sheiceáil.

 

Bíodh a fhios agat na costais atá ar an nglórphoist.

Ba cheart duit cinneadh a dhéanamh maidir le glórphost a úsáid nó gan é a úsáid.  Bíodh costas glaonna a athchur chuig an glórphost agus costas rochtana na dteachtaireachtaí ar eolas agat.

 

Úsáid téacsanna in ionad glaonna.

De ghnáth, bíonn sé níos saoire téacsanna a chur ná glaonna gutha a dhéanamh.  Ní bhíonn táille ar bith i bhformhór na dtíortha ar théacsanna a ghlacadh.  Mar sin is féidir leat an costas a bhaineann le glaonna isteach a sheachaint roimh ré trína mholadh dod chairde agus do lucht do theaghlaigh téacsanna a chur chugat in ionad glaonna.

 

Smaoinigh ar athrú ó sheirbhís réamh-íoctha go dtí seirbhís a íoctar go míosúil.

Bíonn na taraifí fánaíochta sna roghanna réamh-íoctha níos costasaí ná a bhfuil ar fáil sna seirbhísí a íoctar de réir na míosa.  Má úsáideann tú an fón go minic thar lear, d’fhéadfá é seo a chur san áireamh agus tú ag breithniú ar mhórchostas iomlán do theileafóin.

Ba cheart duit breithniú ar chostas fadtéarmach an chonartha mhíosúil sula n-athrófá ón réamh-íocaíocht.  Téigh isteach ar www.callcosts.ie chun treoir neamhspleách a fháil maidir leis an  luach is fearr a oireann dod úsáid a roghnú.

 

Rátaí ard-éilimh agus beag-éilimh.

Tharlódh go mbeadh na rátaí beag-éilimh níos saoire ná na rátaí ard-éilimh le linn fánaíochta thar lear, ach is fearr é seo a sheiceáil led oibreoir sula n-imíonn tú.  Ba cheart duit a mheabhrú go mb’fhéidir nárbh ionann an hamanna ard-/beag éilimh sa tír thar lear agus in Éirinn.    Ofrálann roinnt oibreoirí ráta cothrom má bhíonn tú ag fánaíocht leis an líonra is fearr a oireann dóibh sa tír a bhíonn tú ar chuairt inti.

 

Úsáid táillefón agus cárta teileafóin.

D’fhéadfá táillefón áitiúil a úsáid chun glaonna a dhéanamh, ach is fearr na rátaí a sheiceáil roimh ré.  Tharlódh go mbeadh costas níos saoire ar na glaonna dá n-úsáidfí  cárta teileafóin réamh-íoctha.

 

Ag teagmháil le seirbhís chúram na gcustaiméirí

Cuir ceist ar d’oibreoir roimh imeachta duit féachaint an dtacaíonn siad le gearrchóid diailithe dhírigh (uimhir cheithre-dhigiteach de ghnáth) ó thar lear chun teagmháil a dhéanamh le rannóg an chúraim chustaiméirí. Mura ndéanann bí siúráilte go bhfaighidh tú uimhir theagmhála eile sula n-imíonn tú. Ag brath ar do shuíomh agus an líonra a úsáideann tú, b’fhéidir go mbeadh ort an cód idirnáisiúnta d’Éirinn (+353) a dhiailiú móide uimhir theileafóin iomláin an oibreora chun teacht ar chúram na gcustaiméirí.  Tabhair faoi deara go ngearrtar an praghas céanna ar ghlaonna chuig cúram  na gcustaiméirí agus glaonna ar Éirinn i gcoitinne.

 

Roghnú an líonra

Tá dhá rogha ar do theileafón chun ceangail a dhéanamh le líonra móibíleach, rogha láimhe agus rogha uathoibríoch.  Ar thaisteal duit, bain úsáid as an rogha láimhe i gcónaí ionas go bhfaighidh tú an líonra eachtrannach is saoire a roghnú.  Déan an treoirleabhar an fhóin phóca a léamh chun a fháil amach conas líonra a roghnú de láimh nó déan teagmháil le cúram custaiméirí an oibreora.

 

Glórphost

Faigh amach conas an glórphost a úsáid thar lear.  Cosúil le cúram na gcustaiméirí, tharlódh nach n-oibreodh an gearrchód.   Ba chóir go mbeadh bealaí eile agat chun teacht ar ghlórphost.  Déan teagmháil led oibreoir móibíleach chun sonraí a fháil sula n-imíonn tú.

 

Barr-líonadh

Más réamh-íocóir tú, bí cinnte go mbíonn barr-líonadh déanta ar do chuntas sula n-imíonn tú, toisc go mb’fhéidir go mbeadh sé deacair nó do-dhéanta an barr-líonadh a fháil thar lear.

 

Seirbhísí práinne

I dtíortha an AE is í an uimhir theagmhála le haghaidh na seirbhísí práinne ná 112.  Ba cheart duit seiceáil áitiúil a dhéanamh féachaint cad iad na huimhreacha i dtíortha eile.  Úsáideann SAM agus Ceanada an uimhir 911.

 

ComReg agus an fhánaíocht idirnáisiúnta.

Tá faisnéis faoi phraghsanna agus comhairle níos mine ar thairiscint againn ar www.askcomreg.ie.  Tá tograí faoi dhlíthe nua déanta le déanaí ag Coimisiún na hEorpa d’fhonn costas na fánaíochta a rialáil i dtíortha an Aontais Eorpaigh.  Is féidir leat na tograí seo, atá i luath-riocht go fóill, a léamh ag www.ec.europa.eu. 

 

 

 

 

© 2013 Commission for Communications Regulation