Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Ag glaoch ar uimhreacha seasta i dTuaisceart Éireann

Úsáid an cód ‘O48’ aon uair a bhíonn tú ag glaoch ar uimhreacha seasta i dTuaisceart Éireann

Réamhfhocal

An raibh a fhios agat gur féidir leat glaoch a dhéanamh

ón bPoblacht ar uimhir líne sheasta i dTuaisceart Éireann tríd

an gcód 048 a úsáid in ionad an chóid idirnáisiúnta 00 44?

An raibh a fhios agat freisin gur féidir an cód 048 a bheith

níos saoire le húsáid ná an cód 00 44?

Is féidir leat cód náisiúnta a úsáid chun glaoch ar

chairde, gaolta nó lucht gnó i dTuaisceart Éireann

de rogha ar chód idirnáisiúnta a úsáid.

Sa Treoir seo déanann muid:

• an cód 048 a mhíniú; agus

• a chur síos duit conas agus cathain is ceart é a úsáid

 

Cad é an cód 048?

Is é an cód 048 an Cód Diailithe Náisiúnta chun glaonna a dhéanamh

chuig uimhreacha seasta i dTuaisceart Éireann.  Tig leat freisin cód diailithe

idirnáisiúnta na Ríochta Aontaithe (00 44) a úsáid chun glaoch ar uimhreacha

i dTuaisceart Éireann.

Ní foláir do gach oibreoir a sholáthraíonn seirbhísí teileachumarsáide an cód

048 a cheadú.  Is féidir freisin cód diailithe idirnáisiúnta na Ríochta Aontaithe

(00 44) a úsáid chun glaoch ar uimhreacha i dTuaisceart Éireann,  ach

tharlódh go mbeadh glaonna a dhéanfaí ar an gcuma sin níos costasaí ar na

líonraí sa Tuaisceart.

© 2012 Commission for Communications Regulation