The Consumer Website of the Commission for Communications Regulation

Athrú Líne Seasta

Rinneamar an treoir seo a cheapadh mar chabhair duit chun soláthraí le haghaidh glaonna ar do líne sheasta a thoghadh.

 

Le blianta anuas tá méadú mór tagtha ar líon na gcuideachtaí a ofrálann seirbhísí teileafóin ar línte seasta úsáideoirí.  Chuidigh an fás seo san iomaíocht le laghdú i gcostas na nglaonna ar na línte seasta agus le hardú an chaighdeáin sa tionscal go ginearálta.

Tugann muid míniú sa treoir seo ar:

• na roghanna atá agat idir soláthraithe seirbhíse;

• na pointí ar cheart a mheas más mian leat soláthraí nua a thoghadh; agus

• sonraí maidir le haistriú chuig soláthraí nua.

 

Cad iad na roghanna atá agam i gcomhair na nglaonna a dhéanaim ó mo líne seasta?

Ní ghá duit an soláthraí céanna a úsáid i gcomhair do líne teileafóin agus na glaonna a dhéanann tú tríd.  Is éard a tugtar go minic ar seo ná ‘réamh-thoghadh an iompróra’ nó RTI.  Ar chúl na bileoige seo gheobhaidh tú liosta de na soláthraithe RTI atá údaraithe againn chun seirbhís teileafóin sheasta nó ar línte talún a thairiscint.

 

Cén chúis a bheadh agam le hathrú a dhéanamh?

B’fhéidir go mbeadh seirbhísí ar líne seasta á n-ofráil ag cuideachta eile ar luach níos fearr agus a oirfeadh níos fearr duit.

 

Conas is féidir liom athrú a dhéanamh chuig soláthraí nua?

Is féidir leat é seo a dhéanamh

• trí fhoirm údaraithe a shíniú ar pháipéar nó ar fhearas digiteach ag do dhoras (má thagann ionadaí ón soláthraí ag triall ort); nó

trí do chead a dheimhniú ar an dteileafón.  Tugtar Fíorú Tríú Pháirtí (FTP) a thugtar ar seo agus is mar a chéile é agus an fhoirm údaraithe a shíniú.

Déanfaidh an soláthraí nua an chuid eile den obair.  Mura bhfuil uait ach faisnéis a fháil faoin seirbhís ní cheart duit foirm ar bith a shíniú ná eolas faoi do chuntas a thabhairt.  B’fhéidir gur mhaith leat seiceáil leis an soláthraí atá agat féachaint an bhfuil an cuntas íoctha agat, mar d’fhéadfaí an t-athrú a chosc mura bhfuil.

 

Ar ghá dom m’uimhir theileafóin a athrú?

Níor ghá.  Go hiondúil coimeádtar an uimhir theileafóin.  Ní bhíonn cur isteach ar bith ar an seirbhís ná ar an mbealach a úsáideann tú an teileafón.  Ach, i gcúinsí áirithe, b’fhéidir go mbeadh ort an uimhir a athrú.  Mar sin, ba cheart duit sonraí breise a lorg ón soláthraí nua faoi sin.

 

An mbeadh bac éigin ar an seirbhís chugam le linn an athraithe?

Ní bheadh.  Ba chóir go mbeadh an t-athrú chuig an soláthraí nua gan lúb ar lár ar bith.

 

Ar ghá dom an trealamh teileafóin a athrú?

Níor ghá.  Oibreodh an trealamh atá agat leis an soláthraí nua.

transmission) and postal sectors.

An bhféadfainn an t-idirlíon a úsáid i gcónaí?

D’fhéadfá go deimhin.  Ní dhéanfaí aon chur isteach ar do chuid socruithe idirlín dá n-athrófá chuig soláthraí nua.  Tabharfaidh an soláthraí nua sonraí breise duit.

 

Cé dhéanfaidh mo líne theileafóin a chothabháil?

Ní dhéanfadh athrú chuig soláthraí eile athrú ar bith ar chothabháil an líne.  Is cuma cén soláthraí, bítear ag súil go bhfaigheann gach úsáideoir an leibhéal seirbhíse céanna maidir le lochtaí a dheisiú.  Má bhfaigheann tú locht ar an líne déan teagmháil leis an soláthraí lena n-íocann tú cíos an líne.

 

Cad iad na ceisteanna ar cheart dom a chur ar an soláthraí nua sula n-athróinn?

• An féidir liom an ‘cód cleachtais i leith custaiméirí agus téarmaí agus coinníollacha an chonartha a fheiceáil’?

• An gcuirtear an bille amach uair sa mhí nó gach dá mhí?

• Conas a íocfainn. Mar shampla, an gcaithfinn dochar díreach a úsáid?

• An bhfuil praghas-liosta i gcló le fáil agam?

• An gcaithfinn íos-táille nó táille suiteála a íoc as gach glaoch a dhéanfainn?

• Conas a ghearrann sibh an muirear ar na glaonna – de réir an tsoicind, an 30 soicind nó de réir an nóiméid?

• An bhfuil muirear ar bith eile ann, cur i gcás táillí nasctha?

• Cad iad na hamanna mór-éilimh agus beag-éilimh atá agaibh?

• Cén fhaid a thógfaidh sé an t-athrú a dhéanamh?

• Ar ghá dom síniú le haghaidh tréimhse áirithe?

• An gcaithfinn íos-mhéad airgid a chaitheamh gach mí?

• An bhfuil aon lascaine speisialta ar fáil?

 

 

An gá dom a rá leis an soláthraí atá agam go mbeidh mé ag athrú?

Ní ghá.  Déanfaidh an soláthraí nua é seo.  B’fhéidir go dteastódh uait a fháil amach ón soláthraí atá agat an bhfuil ceangal conarthach agat leo.  Dá mbeadh a leithéid ann b’fhéidir go mbeadh ort pionós éigin a íoc sula bhfaighfeá an conradh a chealú.  Tá sé tábhachtach an cuntas a bheith glanta go hiomlán chun a bheith siúráilte go scaoilfí tú gcomhair athraithe.  

 

An gcuirfidh an soláthraí atá agam anois in iúl dom go ndúradh leo go raibh mé ag athrú?

Cuirfidh siad litir chugat chun seiceáil an raibh cead tugtha agat an t-athrú a dhéanamh.  Níor ghá duit an litir a fhreagairt ach amháin mura raibh an cead sin tugtha agat.

 

Cad faoi na seirbhísí teileafóin eile atá agam anois?

Fanfaidh na seirbhísí eile ar nós ‘glaoch ag feitheamh’ agus ‘freagairt ar ghlaonna’ mar an gcéanna.  Ní chóir go mbeadh athrú ar bith ar shuiteáil an idirlín ná ar na seirbhísí leathanbhanda má thoghann tú soláthraí nua i gcomhair líne agus glaonna.  Tabharfaidh na soláthraí nua sonraí breise duit.

 

Cad a tharlaíonn má bhíonn locht ar an líne?

Má athraíonn tú chuig soláthraí eile ba chóir go bhfanfadh an tseirbhís mar an gcéanna.  Má tá locht ar an líne ba cheart duit teagmháil leis an soláthraí nua agus gheobhaidh siad innealtóir chun an locht a dheisiú.

 

Cad a tharlaíonn má aistrím go seoladh baile eile ach go dteastaíonn uaim an sean-sholáthraí a bhí agam a choinneáil?

Ba cheart duit teagmháil le cibé soláthraí atá san áit nua agus cuirfidh siad sin in iúl duit cad is cóir a dhéanamh.

 

 

 

© 2010 Commission for Communications Regulation