The Consumer Website of the Commission for Communications Regulation

Bradaíl Móideim a úsáideann ríomhchláir diaileora

Réamhfhocal:

Teastaíonn uainn a chur in iúl d’úsáideoirí teileafón go bhfuil an baol ann go bhféadfaí socraithe idirlín (an móideim diailithe) a athrú gan cead nó gan fios b’fhéidir.  Dá dtarlódh a leithéid d’fhéadfaí táillí teileafóin a charnadh suas ar ráta go dtí €5 an nóiméad.  Ní bhíonn an gnáth-ráta ach idir 1c agus 5c an nóiméad.

Sa treoir seo déanann muid:

·        saincheisteanna a bhaineann le ríomhchláir diaileora a mhíniú; agus

·        a chur in iúl duit cad iad na céimeanna ba cheart a thógáil chun na ríomhchlár bradacha seo a sheachaint.

 

Maidir le ComReg

Tá muid freagrach as rialáil earnálacha na cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid, cumarsáid raidió, chraolachán) agus na hearnálacha poist.

 

 

 


 Cad a thuigtear le ríomhchláir diaileora?

Baineann roinnt láithreán gréasáin úsáid as ríomhchláir diaileora

chun íocaíochtaí a bhailiú, mar mhalairt ar chartaí creidmheasa.

Is bealach é seo chun muirear a ghearradh tríd an ghnáth-bhille

teileafóin – cosúil le seirbhísí eile ar an ráta préimhe.

Má théann tú isteach ar láithreáin gréasáin a ofrálann

seirbhís mar seo, iarrfar ort bog-earra ar dtugtar ‘an diaileoir idirlín’

a íoslódáil.  Athróidh an bog-earra seo socruithe an mhóideim

a cheanglaíonn an ríomhaire agus an líne teileafóin, agus

bíonn na costais ceangail ar seo níos daoire de ghnáth.

Is gnáth go mbíonn na ríomhchláir diaileora á n-úsáid ag

freastalaithe gréasáin taobh amuigh d’Éirinn agus bíonn

na costais an-ard chun glaoch ar an dtír ina bhfuil siad.

 

Cad í an fhadhb mar sin?

Bíonn an fhadhb ann mura mbíonn a fhios ag úsáideoirí go

mbíonn ríomhchlár diaileora íoslódáilte acu nó mura mbíonn a

fhios acu cad a dhéanann an ríomhchlár sin.

B’fhéidir nach n-inseodh na láithreáin bradacha seo duit go

bhfuil bog-earraí á suiteáil ar an ríomhaire agat nó go bhfuil

athrú buan á dhéanamh ar shocruithe diailithe an mhóideim. 

Fiú amháin d’fhéadfaidís gnáth-fhuaimeanna diailithe an

mhóideim a mhúchadh chun dícheangail an mhóideim

ón ngnáth-sholáthraí seirbhíse (ISP) a cheilt agus go raibh

uimhir dhifriúil ar fad á dhiailiú.

Dáiríre tá na soláthraithe seo ag ardú na socraithe leo

as do mhóideim – ag gabháil seilbh orthu agus á sóinseáil chun

a gcríocha féin.  Tabharfaidh tú an bhradaíl faoi deara b’fhéidir, nó

an iarracht chun bradaíola, nuair atá tú ag dul isteach ar an idirlíon, ach

is minic nach mbíonn a fhios ag úsáideoirí faoi mhéid na díobhála

go dtí go bhfaigheann siad bille teileafóin le hard-chostas glaonna

chuig uimhreacha idirnáisiúnta nó uimhreacha ar rátaí préimhe.

Sainchomharthaí bradaíola móideim.

·        Airíonn tú an móideim ag dícheangal agus ag diailiú arís.

·        Tagann moille thar ghnáth ar luas an idirlín.  B’fhéidir go mbeadh cúiseanna eile le sin, ach le linn seiceála duit, breathnaigh ar dtúis ar do chuid socruithe diailithe agus ar na hairíonna a bhaineann leo.

·        Faigheann tú bille teileafóin an-ard gan coinne le huimhreacha teileafóin idirnáisiúnta an-aithnide ard-chostasacha.

·        Feiceann tú íocón aicearra an-aithnid ar dheasc an ríomhaire.

·        Ní féidir leat ríomhphoist a sheoladh in ainneoin a bheith ar líne.

 

 


An rud is féidir leat a dhéanamh chun an bhradaíl mhóideim a chosc.

• Seiceáil na socruithe idirlín go rialta

féachaint an bhfuil an uimhir cheart á dhiailiú ag an ríomhaire

chun cheangail leis an idirlín. Thosódh an uimhir teileafóin

ag formhór na soláthraithe idirlín in Éirinn le 189X, mar

shampla 1890 nó 1891.

• Bí cúramach ag cliceáil na ‘bpop-fhuinneoga’ (fuinneoga a

thaibhsíonn gan coinne).  Má tá amhras ar bith ort fúthu

cliceáil ‘No’ i gcónaí nó brúigh an eochair éalaithe (‘Esc’)

chun an fhuinneog a dhúnadh.

• Bí chomh cúramach céanna má déantar tú a atreorú

chuig leathanach gréasáin gan coinne.

• Cur suas airde an mhóideim le chloisteáil an

bhfuil sé scoite nó ag iarraidh diailiú ath-uair.

• Má fheiceann tú faoi deara naisc nó íocóin ar do dheasc nach

n-aithníonn tú, scrúdaigh agus scrios iad murar ríomhchláir

bailí iad. Beidh ort na ríomhchláir taobh thiar dóibh a scor freisin. 

Ní leor an t-íocón amháin a chealú.

• Múch an ríomhaire agus an móideim nuair nach bhfuil

siad á n-úsáid.

• Cuir pasfhocal mar chosaint ar do ríomhaire

agus ar an idirlíon.

• Cuir cosc i gcoinne uimhreacha ráta préimhe

agus uimhreacha idirnáisiúnta ach fiosraigh é seo leis an

soláthraí telecom ar eagla go gcuirfeadh seo isteach ar

ghlaonna gutha.

• Déan bog-earraí cosantacha a shuiteáil agus

déan iad a athnuachan go rialta. Ba chóir go mbeadh an

ISP ábalta comhairle a thabhairt duit faoin gceist seo.

• Cuardaigh leathanaigh cabhracha an ISP nó an tacaíocht

theicniúil atá acu le haghaidh eolais nó cabhrach chun

an fhadhb seo a réiteach.

 

Cad ba cheart dom a dhéanamh má éiríonn le ríomhchlár diaileora mo mhóideim a shóinseáil?

Nuair a bhfaigheann tú an bille teileafóin is cóir na

táillí cearta dar leat a íoc (an méid a aontaíonn tú)

agus mínigh don soláthraí seirbhíse an méid den bhille

a bhaineann leis an ríomhchlár diaileora i do thuairim.

 

Cad tá déanta ag ComReg go dtí seo?

D’fhoilsíomar an chéad treoir d’úsáideoirí faoi

bhradaíl móideim i Mí an Aibreáin, 2004. 

Tar éis dúinn an cheist a phlé le cuideachtaí

teileafóin, le soláthraithe idirlín agus tar éis

agallaimh leis an bpobal, threoraíomar dóibh

bearta áirithe a chur i gcrích.

• Ní foláir do sholáthraithe idirlín crua-earraí

agus/nó bog-earraí ar bheagán costais a

mholadh d’úsáideoirí

• Ní foláir do chuideachtaí teileafóin an diailiú

díreach trí chóid tíortha áirithe a chosc, ach gur féidir

leo an cosc a scaoileadh ó uimhreacha áirithe

má tá siad sásta nach bhfuil baol sna

huimhreacha sin.

• Níl cead ag cuideachtaí teileafóin táillí a ghearradh

ar ghlaonna ar dhiailiú díreach trí chóid na dtíortha

ar an liosta murar uimhreacha atá scaoilte ó chosc iad.

• Is socruithe sealadacha iad seo agus athróidh an cóid

lena mbaineann siad ó am go chéile.  Ní bhaineann

an chosaint uathu ach le tíortha faoi leith.

 

 

Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?

Ar an dteileafón (LóGhlaoch: 1890 229 668 (9.00rn go dtí 5.30in Luan go hAoine

Trí facs: (01) 804 9671

Trí Ríomhphost: consumerline@comreg.ie

Trí láithreáin gréasáin: www.comreg.ie / www.askcomreg.ie / www.callcosts.ie

Tríd an bpost:

Foireann Tomhaltóirí ChomReg

Lárionad Irish Life

Bloc DEF

Sráid na Mainistreach Íochtarach

Baile Átha Cliath 1

 

 

Séanadh dlíthiúil

D’ullmhaíomar an doiciméad seo ó fhoinsí éagsúla.  Cé go ndearnamar cúram réasúnta lena ullmhú, níl muid sásta glacadh le freagracht ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a fhulaingeodh duine ar bith as an eolas seo a úsáid.

 

Bealtaine 2007

 

 

 

© 2010 Commission for Communications Regulation