Cártaí Teileafóin Réamh-íoctha
Réamhfhocal
Baineann an-chuid daoine in Éirinn úsáid as cártaí teileafóin réamh-íoctha chun glaonna a dhéanamh. Má bhfaightear na cártaí trí sholáthraí seirbhíse creidiúnach oibríonn siad go maith de ghnáth agus is féidir le húsáideoirí airgead a shábháil ag glaoch ar sprioc-limistéir áirithe. Mar sin féin, is eol dúinn go bhfuil roinnt cártaí teileafóin nach dtagann leis an gcaighdeán a bheifí súil leis. Is dá bharr sin a chuireamar an treoir seo le chéile.
Sa treoir seo déanann muid:
• míniú a thabhairt ar conas a oibríonn na cártaí teileafóin; agus
• liosta de rudaí ar cheart a bhreithniú agus cárta teileafóin á cheannach.
Maidir le ComReg
Tá muid freagrach as rialáil a dhéanamh ar earnáil na cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid, cumarsáid raidió agus chraolacháin) agus earnálacha an phoist.
Conas a oibríonn na cártaí teileafóin?
Cártaí chun glaonna a dhéanamh is ea na cártaí teileafóin a dhíoltar ar phraghas socraithe, ag tosú ar €5 de ghnáth. Go hiondúil bíonn sonraí faoi oibriú na seirbhíse ar chúl na gcártaí, ach ní i gcónaí:
• diailíonn tú uimhir shaor-ghlao nó uimhir áitiúil a thaispeántar ar an gcárta;
• agus nuair a deirtear leat, cuireann tú isteach d’uimhir aitheantais phearsanta (UAP) – de ghnáth bíonn seo folaithe faoi phainéal a chuimlítear, agus baineann sí leis an gcárta sin amháin;
• nuair a deirtear leat cuireann tú an uimhir a bhíonn uait isteach agus ceanglaítear an glaoch.
Cé’n áit is féidir liom an cárta teileafóin a úsáid?
Oibríonn na cártaí teileafóin as aon fhón tadhalltoin. Ciallaíonn sin go dtig leat iad a úsáid ó do theileafón baile, táille-fón poiblí nó fón póca.
An bhfuil muirir faoi cheilt ag baint leo?
De ghnáth bíonn rátaí na sprioc-limistéar léirithe nuair a cheannaíonn
tú an cárta, ach, b’fhéidir go mbeadh ort formhuirir a íoc má úsáideann
tú é i dtáille-fón poiblí nó ar fhón póca. Freisin, b’fhéidir go ngearrfadh
soláthraithe ‘íosmhuirear glaoite’ nó ‘muirear suiteála’. Bíonn na
muirir seo i gcló an-bheag de ghnáth agus ní mar a chéile iad
ag soláthraithe difriúla.
Rudaí ba cheart a bheith aireach fúthu ag ceannach cárta teileafóin.
• Léigh na téarmaí agus na coinníollacha
a bhaineann le húsáid an chárta – ba chóir iad seo a bheith
ar an gcárta féin nó ar fhógraí san áit a cheannaíonn tú
an cárta.
• Seiceáil an praghas-liosta agus tabhair aire ar
leith ar mhuirir breise, ar nós muirir laethúla mura mbíonn
an cárta in úsáid.
• Seiceáil an bhfuil íosmhuirir á ngearradh ar ghlaonna agus an
bhfuil na muirir glaonna de réir an tsoicind nó an nóiméid.
• Seiceáil an bhfuil sonraí an chonartha á dtaispeáint ag an soláthraí.
• Seiceáil an bhfuil uimhir chúnaimh tugtha ar eagla nach
n-oibreodh an cárta.
• Seiceáil an bhfuil dáta éaga ar an gcárta.
• Seiceáil an féidir an t-iarmhír chreidmheasa a dheimhniú (an
méid airgid atá fágtha le caitheamh ar ghlaonna).
.
Cad ba cheart a bheith ar aire na mion-dhíoltóirí a dhíolann cártaí teileafóin?
Ba cheart do na mhion-dhíoltóirí a bheith sásta gur soláthraí dlisteanach atá ag ofráil na gcártaí leo. Mura n-oibríonn an cárta is é an mion-dhíoltóir atá freagrach as gearán an cheannaitheora a réiteach. Bíonn ar an ndíoltóir féin an cás a leanúint go neamhspleách leis an soláthraí.
An gá do chuideachtaí cártaí teileafóin a bheith faofa ag ComReg?
Ní ghá do chuideachtaí teileafóin cead a lorg uainne sula gcuireann siad na cártaí teileafóin ar mhargadh na hÉireann.
Cad ba cheart dom a dhéanamh mura n-oibríonn mo chárta teileafóin?
Mura n-oibríonn sé, déan gearán leis an mion-dhíoltóir san áit a cheannaigh tú é.
Cad iad na cearta atá agam má tá muirear na nglaonna níos airde ná mar a fógraíodh iad?
Ba cheart duit gearán a dhéanamh leis an soláthraí seirbhíse, ag úsáid faisnéis na teagmhála ar an gcárta, nó déan gearán leis an miondhíoltóir.
Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?
Is féidir leat teagmháil linn:
Ar an dteileafón (LóGhlaoch): 1890 229 668 (09.00rn go dtí 5.30in), Luan go hAoine
Trí facs: 01 804 9671
Trí ríomhphost: consumerline@comreg.ie
Tríd an bpost: ComReg – Foireann na dTomhaltóirí
Lárionad Irish Life
Bloc DEF
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Áth Cliath 1
Ár láithreáin gréasáin: www.comreg.ie / www.askcomreg.ie / www.callcosts.ie
Eagraíocht eile do thomhaltóirí
Údarás na gCaighdeán Fógraíochta in Éirinn
Teileafón: 01 660 8766
An Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí
Teileafón: 01 809 0600
Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí
Teileafón: 1890 220 229
Séanadh dlíthiúil
D’ullmhaíomar an doiciméad seo ó fhoinsí éagsúla. Cé go ndearnamar cúram réasúnta lena ullmhú, níl muid sásta glacadh le freagracht ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a fhulaingeodh duine ar bith as an eolas seo a úsáid.




