Conarthaí Teileafóin agus Leathanbhanda
Bíonn formhór na n-úsáideoirí éiginnte mar gheall ar iomlán na sonraí a bhaineann le conarthaí a dhéantar le soláthraithe seirbhísí teileafóin agus leathanbhanda. Is minic a tharlaíonn fadhbanna níos déanaí dá bharr sin. Tá an Treoir seo ceaptha chun comhairle a thabhairt faoi dhul isteach i gconarthaí teileafóin agus leathanbhanda agus déantar achoimriú ar chuid de na gnéithe tábhachtacha dar cheart duit machnamh orthu sula rachadh tú faoi chonradh le soláthraí seirbhíse.
Sa treoir seo déanann muid:
· liosta de na bealaí difriúla inar féidir leat conradh seirbhíse a shíniú le soláthraí;
· an príomhfhaisnéis a chaithfidh tú a fháil ó sholáthraí seirbhíse a mhíniú duit; agus
· liosta de na pointí dar cheart duit machnamh orthu sula dtéann tú faoi chonradh.
Maidir le Comreg Tá muid freagrach as rialáil na cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid, cumarsáid raidió agus chraolacháin) agus earnálacha an phoist.
Conradh seirbhíse a shíniú
Comh luath is a chinneann tú ar theileafón áirithe agus/nó ar sheirbhís leathanbhanda is féidir leat conradh seirbhíse a dhéanamh le soláthraí ar cheann amháin de thrí bhealach:
· trí aontú a dhéanamh ar an dteileafón, le fíorú tríú páirtí;
· trí fhoirm údaraithe chustaiméara a shíniú; nó
· trí fhoirm údaraithe leictreonach chustaiméara a shíniú.
Fíorú Tríú Pháirtí (FTP)
Tá cuid mhór de na gnólachtaí teileachumarsáide ag úsáid an chórais seo anois. Is éard is ciall leis ná aontú ar an dteileafón a dhéanamh chun dul faoi chonradh gan aon fhoirmeacha ná doiciméid eile a shíniú. Ní mór don tríú páirtí a bheith ag an soláthraí, duine lasmuigh den chuideachta, le fíorú a dhéanamh go bhfuil tú sásta dul faoin gconradh sin. Chomh luath is a fhíoraítear é seo bíonn tú ceangailte faoin an gconradh.
Is é an ghnáth-rud a dhéantar ná go mbíonn gníomhaire díolacháin a phléann tseirbhís leat agus a mhíníonn an conradh duit. Is mar seo a bhfaigheann tú an chaoi oiread ceisteanna a chur ionas go dtuigeann tú an tseirbhís i gceart. Má thoilíonn tú dul faoin gconradh aistreoidh an gníomhaire chuig an dtríú páirtí tú d’fhonn an comhaontú a fhíorú.
Níl cead ag an ngníomhaire díolacháin tú a stiúradh tríd an bpróiseas fíoraithe ná páirt a ghlacadh ann. Is ag an dtríú páirtí amháin atá an cead ceisteanna a chur ort lena fhíorú go dtuigeann tú sonraí an chonartha agus go bhfuil tú faoi cheangal ann. Tóg do chuid ama chun éisteacht go cúramach leis na ceisteanna ón dtríú páirtí agus ná tabhair aon fhreagra ‘Is ea’ nó ‘Tá’ mura dtuigeann tú go cruinn is go beacht an cheist atá á chur ort. Ní dhéanfaidh an tríú páirtí an tseirbhís a phlé leat, mar sin caithfidh an fhaisnéis a bheith faighte agat sula ndéanfar tú a aistreofar chuig an bpáirtí sin tú. Ná dearmad má théann tú faoi chonradh ar an mbealach seo tá tú ceangailte faoin dlí.
Foirm Údaraithe Chustaiméara
Is tríd an bhfoirm seo a go traidisiúnta a dhéantar an conradh. Aon uair a shíníonn tú í tá conradh ceangailteach docht á dhéanamh agat leis an soláthraí seirbhíse. Dá bhrí sin, ní mór duit a bheith sásta go dtuigeann tú é sin agus go dtuigeann tú an tseirbhís sula ndéanann tú aon fhoirmeacha a shíniú. Má shíníonn tú ba chóir don soláthraí faisnéis a thabhairt duit faoi cad is ceart a dhéanamh má athraíonn tú d’aigne faoin gconradh ag am ar bith.
Foirm Údaraithe Leictreonach Chustaiméara
Is leagan ar líne í seo den sean-fhoirm údaraithe. Is gnách é a líonadh ar láithreán ghréasáin an tsoláthraí seirbhíse. Má dhéanann tú é seo tá comhaontú ceangailteach á chruthú agat. Molann muid duit mar sin taifead a choimeád de na sonraí a iontrálann tú agus sonraí an aontaithe atá sínithe agat.
Do aigne a athrú
Is éard a tugtar ar an dtréimhse chun d’aigne a athrú i ndiaidh conradh a aontú don chéad uair ná ‘an tréimhse shuaimhnithe’, agus baineann sé leis na Rialacháin um Dhíol Díreach. Tá an reachtaíocht seo á riaradh ag Gníomhaireacht Náisiúnta na dTomhaltóirí.
Tá, ar a laghad, 7 lá agat chun d’aigne a athrú.
Tosaíonn an tréimhse shuaimhnithe nuair a théann tú faoi chonradh seirbhíse nó nuair a bhfaigheann tú deimhniú i scríbhinn nó deimhniú i bhfoirm mharthanach eile.
Cé go bhfuil cead agat an conradh a chealú gan pionós ar bith i rith na tréimhse suaimhnithe, mar sin féin tosóidh tú ag íoc as aon úsáid teileafóin agus/nó leathanbhanda i rith an ama seo.
Na cearta atá agat nuair a bhíonn tú ag déileáil le soláthraithe seirbhíse teileafóin nó leathanbhanda.
An ceart chun praghas-liosta iomlán a fheiceáil roimh ré.
Tá ComReg tar éis cóid chleachtais maidir le praghasáil a eisiúint go dtí gach soláthraí seirbhíse teileachumarsáide. Tá seo de bhreis ar an dlí nach mór do gach gnólacht cloí leis agus a rialaíonn praghsáil táirgí. Is iad na trí mór-phrionsabail atá sa chód cleachtais seo ná go gcaithfidh na praghsanna a bheith cruinn ceart, so-thuigthe agus furasta teacht orthu. Faoin gcód seo ba chóir do sholáthraithe seirbhíse:
· a chinntiú go ndéantar praghas-liostaí priontáilte agus na láithreáin gréasáin a athnuachan chomh luath is a bhíonn éifeacht le praghsanna;
· foireann agus gníomhairí a oiliúint ar an ról atá acu maidir le faisnéis chruinn a sholáthar;
· a bheith ábalta aon mhaíomh a dhéanann siad nach ionann a bpraghsanna agus praghsanna na hiomaíochta a chruthú;
· íosmhuirir glaonna agus táillí suíteála glaonna a achoimriú;
· a chur in iúl cén chaoi a láimhseálann agus a chuireann siad chun sochair aon chreidmheas glaonna;
· a chinntiú go mbíonn an CBL áirithe sna praghsanna; agus
· achoimriú a thabhairt ar an áit is féidir le húsáideoirí teacht ar liosta iomlán de na téarmaí agus de na coinníollacha a bhaineann le táirge nó seirbhís.
Cad ba cheart a bheith i gconradh?
Mar thomhaltóir, tá tú i dteideal conradh a fháil de réir an dlí. Caithfidh an méid seo a leanas, ar a laghad, a bheith sa chonradh:
· ainm agus seoladh an tsoláthraí sheirbhíse;
· na seirbhísí atá á soláthar, leibhéil caighdeán na seirbhísí, agus na tréimhsí feithimh ar na céad naisc;
· na cineálacha cothabhála atá ar thairiscint;
· na sonraí maidir le praghsanna agus taraifí agus an tslí chun teacht ar an bhfaisnéis is déanaí faoi tharaifí agus faoi mhuirir ábhartha;
· fad an chonartha agus na coinníollacha chun é a athnuachan nó é a chríochnú;
· faisnéis ar aon chúiteamh agus socruithe i gcomhair ais-íocaí mura sroichtear leibhéil na gcaighdeán sna seirbhísí; agus
· sonraí faoin tslí chun gearáin agus gníomhaíochta a dhéanamh d’fhonn díospóidí a réiteach.
Ní bhíonn téarmaí agus coinníollacha aon chonartha faoi réir a bhfaofa ag ComReg, mar sin is é do rogha féin an cinneadh a dhéanamh pé acu ar mian leat glacadh leo nó a mhalairt. Mura nglacann tú leis na téarmaí atá ar thairiscint ná téigh isteach sa chonradh. Mura gclúdaíonn an conradh atá ar thairiscint na míreanna thuasluaite, ba cheart duit aird an tsoláthraí a tharraingt ar sin. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a bhfaigheann tú ón soláthraí seirbhíse, is féidir leat ansin an cheist a chur faoi bhráid ChomReg.
An Conradh á athrú
B’fhéidir go dteastódh ón soláthraí seirbhíse téarmaí agus coinníollacha an chonartha a athrú, chomh maith leis na praghsanna a ghearrann siad. De réir an dlí is féidir leo é sin a dhéanamh ach caithfidh siad na hathruithe a chur in iúl duitse ar an am céanna agus freisin mí iomlán, ar a laghad, roimh ré. Caithfidh an soláthraí a rá leat go bhfuil ceart agat an conradh a chríochnú gan pionós murar mian leat glacadh le haon tsóinseáil sa chonradh.
Ag tabhairt aire don ‘chló beag’ sula dtéann tú faoi chonradh
Mura nglacann tú an t-am is gá chun an cló beag sa chonradh a scrúdú, b’fhéidir go mbéarfaí amuigh ort má theipeann an tseírbhís nó má éiríonn díospóid leis an soláthraí seirbhíse. Go bunúsach ba cheart duit machnamh a dhéanamh ar an méid seo a leanas sula gcuimhníonn tú ar dhul faoi chonradh ar bith;
· téarma íosta an chonartha, cur i gcás sé mhí;
· aon mhuirir breise a bheadh le n-íoc agat;
· na teorainneacha is airde de ghlaonna nó d’íoslódáil sonraí a cheadaítear i gcaitheamh tréimhse na billeála;
· cén chaoi agus cén am a gcaithfidh tú fógra a thabhairt más mian leat an conradh a chealú;
· cibé acu an mbeadh ort íocaí deireanacha a dhéanamh as úsáid trealaimh an tsoláthraí, mar a bheadh gléas láimhe nó ródaire;
· conas a dhéantar na muirir a bhilleáil agus an ndéantar iad a bhilleáil roimh ré;
· an gcuireann an soláthraí teorainn leis an modh íoctha, mar shampla íoc trí dhochar díreach amháin;
· conas a dhéantar an conradh a athnuachan;
· cén tseirbhís iar-dhíolacháin a thugtar; agus
· conas a láimhseálfadh an soláthraí seirbhíse díospóidí nó gearáin dá dtarlódh a leithéid.
Eolas ó ChomReg
Tá faisnéis phraghsála shoiléir ar theileafón agus ar an leathanbhanda ar na láithreán gréasáin seo againne www.callcosts.ie. Tá naisc ann freisin le téarmaí agus coinníollacha na soláthraithe, le gach plean praghsála agus na cód cleachtais atá acu chun déileáil le gearáin
Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?
Ar an dteileafón (LóGhlaoch: 1890 229 668 (9.00rn go dtí 5.30in Luan go hAoine
Trí facs: (01) 804 9671
Trí Ríomhphost: consumerline@comreg.ie
Trí láithreáin gréasáin: www.comreg.ie / www.askcomreg.ie / www.callcosts.ie
Tríd an bpost:
Foireann Tomhaltóirí ChomReg
Lárionad Irish Life
Bloc DEF
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Eagraíochtaí Tomhaltóirí Eile:
Údarás Caighdeán Fógraíochta na hÉireann
Teileafón: (01) 660 8766
Coimisiún Craolácháin na hÉireann
Teileafón: (01) 676 0966
An Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí
Teileafón: (01) 809 0600
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teileafón: (057) 868 4800
Gníomhaireacht Náisiúnta na dTomhaltóirí
Teileafón: 1890 220 229
Cúirt na nÉileamh Beaga
Teileafón: (01) 888 6000
Séanadh dlíthiúil
D’ullmhaíomar an doiciméad seo ó fhoinsí éagsúla. Cé go ndearnamar cúram réasúnta lena ullmhú, níl muid sásta glacadh le freagracht ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a fhulaingeodh duine ar bith as an eolas seo a úsáid.
Deireadh Fómhair 2007




