Gearán
Conas gearán faoi sholáthraí seirbhíse a dhéanamhTá an treoir seo ceaptha le chur in iúl duit na cearta atá agat chun
gearáin a dhéanamh faoi sheirbhísí cumarsáide. De ghnáth
ní bhíonn úsáideoirí siúráilte faoin mbealach is fearr chun gearán faoin
soláthraí seirbhísí a dhéanamh. Leis an dtreoir seo beidh
siad i n-ann struchtúr ní b’fhearr a chur ar a gcuid gearán.
Mínítear an ról atá ag ComReg i bpróiseas na ngearán freisin.
Sa treoir seo déanann muid:
• míniú a thabhairt ar cad atá le déanamh ag soláthraí na seirbhíse chun déileáil le gearán;
• liosta de na pointí atá le breithniú le linn don ghearán a bheith á dhéanamh;
• liosta de na rudaí atá le déanamh má ídíonn tú próisis gearáin an tsoláthraí agus gan an cheist a bheith réitithe fós;
• míniú a thabhairt ar an ról atá ag ComReg agus an chabhair is féidir linn a sholáthar; agus
• liosta iomlán d’eagraíochtaí thomhaltóirí.
Maidir le ComReg Tá muid freagrach as rialáil
earnálacha na cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid,
cumrsáid raidió agus chraolacháin) agus na hearnálacha
poist.
Conas ba chóir don soláthraí seirbhíse déileáil
le gearán?
Tá ceangal ar an soláthraí seirbhíse cód cleachtais a oibriú chun
gearán a láimhseáil. Sa chód seo bíonn gach sonra a bheadh uait
maidir le gearán a dhéanamh, ina measc:
• sonraí teagmhála chun gearán a dhéanamh;
• gnásanna chun gearán a fhiosrú nó é a chur ar leibhéal níos airde;
• scálaí ama chun gearán a réiteach; agus
• sonraí polasaithe maidir le línte a scor nó a dhícheangal.
Conas is féidir liom cóip de chód gearán an
tsoláthraí seirbhíse a fháil?
Is féidir leat í seo a fháil ó láithreán gréasáin an tsoláthraí
sheirbhíse nó trí ghlaoch a chur ar an rannóg chúraim
custaiméirí atá acu.
Pointí le nótáil má dhéanann tú gearán leis an soláthraí seirbhíse
• Bí chomh soiléir agus is féidir agus tabhair go leor
sonraí faoin ngearán.
• Tabhair caoi don tsoláthraí an fhadhb a réiteach.
• Nótáil an dáta agus an t-am a rinne tú an gearán.
• Iarr orthu uimhir thagartha an ghearáin a thabhairt duit.
• Nótáil gealltanas ar bith a bhfaigheann tú ón soláthraí.
Cad a tharlaíonn má bhraithim nach bhfuil
an láimhseáil cheart á dhéanamh ar mo ghearán?
Mura bhfuil tú sásta leis an tslí a láimhseáladh an gearán is féidir
leat iarraidh orthu an gearán a chur chuig leibhéal níos airde
san eagraíocht. Ciallaíonn seo de ghnáth go gcuirtear an gearán chuig foirne
tacaíochta ‘dara líne’ san eagraíocht, is é sin ceannairí foirne nó
bainisteoirí, daoine a oibríonn ar ghearáin achrannacha ó chustaiméirí.
Cad a tharlaíonn mura dtagann an soláthraí seirbhíse
ar aon réiteach ar an ngearán?
Má cheapann tú i gcónaí nár tugadh an aird cheart ar an ngearán
in ainneoin gnásanna gearán an tsoláthraí, tharlódh go mbeadh ComReg ábalta
cuidiú éigin a thabhairt duit.
Conas is féidir le ComReg cabhair a thabhairt?
Déanfaidh muid iarracht a mhíniú duit cad iad díreach na
hoibleagáidí atá ar an soláthraí seirbhíse agus tabharfaidh muid
tuairim réadúil duit ar an dtoradh is dóchúla a thiocfadh as an ngearán.
An ndéanfaidh ComReg mo ghearán a fhiosrú?
Má bhaineann do ghearán le hoibleagáidí an tsoláthraí
maidir le cosaint a thabhairt do thomhaltóirí, iarrfaidh muid ar an
soláthraí seirbhíse an gearán a scrúdú athuair.
Cé dhéanann an gearán a réiteach?
Má seolann muid an gearán chuig an soláthraí seirbhíse fanann
an fhreagracht orthu siúd fuireach i dteagmháil leat chun an fhadhb
a réiteach. Beidh muid ag faire ar dhul chun cinn agus chomh luath is an
chuireann an soláthraí in iúl dúinn go bhfuil an fhadhb réitithe
déanfaidh muid teagmháil leatsa lena chinntiú gurb amhlaidh atá.
Cé fhaid a thógfadh sé chun an gearáin a réiteach?
Ón uair a chuirtear gearán chuig an soláthraí seirbhíse, de ghnáth
déantar é a réiteach faoi 10 lá oibre. Ina leithéid de chás
ba cheart go gcoimeádfaí ar an eolas tú faoi cad tá ag tarlú.
Seicliosta ag teagmháil le ComReg maidir le gearán
• Ar dtúis ba cheart duit labhairt leis an soláthraí seirbhíse faoin ngearán.
• Ba cheart go ndéanfá gnásanna gearáin an tsoláthraí a ídiú roimh ré.
• Ba cheart go mbeadh an gearán ag baint le tarlú éigin i gcaitheamh na sé mhí roimhe sin.
• Go hiondúil ba cheart don chuntas a bheith faoi d’ainm féin, ach i gcásanna
áirithe tá muid sásta oibriú le tríú páirtithe.
Na sonraí dar cheart duit a thabhairt do ChomReg maidir leis an ngearán.
• Ainm agus uimhir an chuntais
• D’uimhir theagmhála agus uimhir d’fhóin phóca más féidir
• Sonraí an ghearáin maille leis an uimhir thagartha
• Sonraí faoi dhéileálacha a bhí agat roimhe sin leis an soláthraí céanna
• Míniú soiléir ar cad atá le ghnóthachan dar leat as an ngearán a dhéanamh
Agus an t-eolas á thabhairt agat dúinn, má tá sonra ar bith nach
mian leat a thabhairt don soláthraí seirbhíse, luaigh é sin.
Eagraíochtaí tomhaltóirí eile
Údarás Caighdeán Fógraíochta na hÉireann
Teileafón: (01) 660 8766
Coimisiún Craolacháin na hÉireann
Teileafón: (01) 676 0966
An Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí
Teileafón: (01) 809 0600
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teileafón: (057) 868 4800
Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí
Teileafón: 1890 220 229
Cúirt na nÉileamh Beag
Teileafón: (01) 888 6000
Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?
Ar an dteileafón (LóGhlaoch): 1890 229 668 (9.00rn go dtí 5.30in Luan go hAoine
Trí facs: (01) 804 9671
Trí Ríomhphost: consumerline@comreg.ie
Trí láithreáin gréasáin: www.comreg.ie / www.askcomreg.ie / www.callcosts.ie
Tríd an bpost: Foireann Tomhaltóirí ChomReg
Lárionad Irish Life
Bloc DEF
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Séanadh dlíthiúil
D’ullmhaíomar an doiciméad seo ó fhoinsí éagsúla. Cé go ndearnamar cúram réasúnta lena ullmhú, níl muid sásta glacadh le freagracht ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a fhulaingeodh duine ar bith as an eolas seo a úsáid.
Deireadh Fómhair 2007



