Glaonna Fuara
Treoir ghairid chun glaonna gan iarraidh ó chuideachtaí dhírmhargála a chosc.
Is féidir le gach úsáideoir teileafóin clárú a dhéanamh anois pé acu
a dteastaíonn ‘glaonna fuara’ uathu nó a mhalairt.
Is éard a thuigtear le ‘glaonna fuara’ má glaonn gnólacht ort gan
cead gan iarraidh ag súil le hearraí nó seirbhísí a dhíol leat. ‘Dírmhargáil’
thugtar ar a leithéid uaireanta.
Is furasta do thoil faoi seo a chur in iúl gan costas ar bith. Níl le déanamh
ach teagmháil le soláthraí an líne teileafóin, an dream a íocann tú
cíos ar an líne leo.
Le tamall anuas tá na soláthraithe ag tabhairt sonraí dona gcuid
chustaiméirí faoi na socruithe atá ann chun a dtoil a chlárú. Bí ag
faire amach mar sin i gcomhair eolais bhreise ar na billí míosúla
nó ar na billí dhá mhí nó, fiú amháin, ar láithreán gréasáin an
tsoláthraí.
Sa treoir seo déanann muid:
· cur síos duit ar an mbealach le do thoil a chur in iúl; agus
· achoimriú ar cad atá le déanamh má bhfaigheann tú glaonna fuara i gcoinne do thola.
Maidir le ComReg Tá muid freagrach as rialáil
earnálacha na cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid,
cumrsáid raidió agus craolacháin) agus na hearnálacha
poist.
Conas a oibríonn an próiseas seo?
Tá gach uimhir theileafóin atásna leabhair teileafóin poiblí
nó ar fáil trí na Fiosrúcháin Eolaí an Teileafóin coinnithe ar
thaifead lárnach ar a dtugtar Bunachar Sonraí an Eolaí
Náisiúnta (BSEN)
Nuair a theagmhaíonn tú leis an soláthraí teileafóin lena rá leo nach
mian leat glaonna dírmhargála a fháil, déanfaidh siad deimhin de
go gclárófar é sin san BSEN. Déanfar seo go tapa, ach dá mbeadh
roinnt iarrataí eile cosúil leis ann thógfadh sé, b’fhéidir, cúig lá oibre.
Is féidir le gnólachtaí dírmhargála cóip den BSEN a fháil lena fheiceáil
cé hiad na huimhreacha nach dteastaíonn glaonna fuara uathu agus
féachaint chuige nach ghlaofaí ar na huimhreacha sin. Mar sin féin is féidir
go dtógfadh sé 28 lá beagnach tar éis don fhaisnéis a chlárú san BSEN
go dtí go bhféadfadh an lucht margála teacht ar an liosta coiscthe.
Braitheann sin cé chomh minic a dhéanann siad a gcuid liostaí féin
a athnuachan.
Úsáideoirí na Línte Seasta
Má tá teileafón agat ar líne seasta (líne talún)
agus murar dtoil leat glaonna a fháil ó ghnólachtaí dírmhargála, ba
cheart duit a theagmháil leis an gcuideachta a bhfuil an líne ar chíos
agat uathu.
Más uimhir neamh-eolaí-teileafóin atá agat ní ghá duit teagmháil leis an
gcuideachta teileafóin; beidh an uimhir cláraithe de réir ghnáis mar uimhir
choiscthe le haghaidh glaonna dírmhargála.
Úsáideoirí na dteileafón póca.
Ní bhíonn formhór uimhreacha na bhfón póca ar liosta an BSEN
agus dá bhrí sin ní féidir le úsáideoirí fón póca a dtoil a chur in
iúl faoi seo.
Mar sin féin, tá cosc iomlán curtha ag cuideachtaí na dteileafón póca
le glaonna fuara go dtí na fóin póca. Más maith leat cead a thabhairt don
lucht dírmhargála teagmháil leat sa tslí seo is féidir leat glaoch ar
sholáthraí na seirbhíse gluaiste agus iarraidh orthu d’uimhir a oscailt
don dírmhargáil.
Cad faoi fhacsanna ná lorgaítear?
Ní cead ag na cuideachtaí dirmhargála facs a chur chuig áit
chónaithe chustaiméara gan an toiliú chuige sin a fháil roimh ré.
Lucht Gnó
Is féidir le cuideachtaí dírmhárgála facsanna gan iarraidh a chur
chuig áitribh gnó. Más úsáideoir gnó tú mar sin agus an uimhir facs
atá agat san BSEN (Bunachar Sonraí an Eolaí Náisiúnta) agus
murab áil leat facsanna dírmhargála a fháil, ba cheart duit teagmháil
a dhéanamh leis an ngnólacht a bhfuil an línear chíos agat uathu.
Ba cheart a nótáil nach ndéanann an BSEN idirdhealú idir uimhreacha
teileafóin gutha agus uimhreacha facs mar is féidir gurb ionann
an dá ceann.
Ní choimeádann an BSEN an raon iomlán d’uimhreacha um
Dhiailiú Díreach Isteach (DDI) dá bhféadfadh a bheith á n-úsáid
ag gnó éigin. Ní choimeádtar ach an uimhir ghnó a thoghann an
t-úsáideoir a chur isteach sna heolaithe teileafóin poiblí. Dá bpiocfadh
lucht dírmhárgála uimhir DDI amach go fánach nó go hiomrallach,
bheadh sé deacair a leithéid sin a chosc.
Cad a dhéanfá dá bhfaighfeá glaonna
margála i gcoinne do thola?
Ní ghabhann gach glaoch margála le haicme an
‘glaoigh gan iarraidh’. Tig le gnó teagmháil leat más custaiméir
thú nó iar-chustaiméir. Is féidir leo é seo a dhéanamh fiú
má tá d’uimhir ar an liosta coiscthe. Ach is féidir leat
a rá leo nach dteastaíonn uait glaonna a fháil uathu.
B’fhéidir go bhfaighfeá glaoch margála freisin má thugann tú
sonraí do theileafóin go dtí cuideachta éigin, abair, má bhíonn tú
tú ag cur isteach ar chomórtas, ag baint an luach as cúpóin,
nó ag iarraidh bróisiúir. Murar mian leat glaonna a fháil luaigh é
sin agus tú ag tabhairt na sonraí sa chéad áit.
Má bhfaigheann tú glaoch margála nach dteastaíonn uait, ó ghnó
éigin nach raibh baint ar bith agat leo cheana, nó nach bhfuil
sonraí teagmhála tugtha agat dóibh, abair leo nach áil leat
a thuilleadh glaonna a fháil uathu feasta.
Má bhfaigheann tú glaoch níos déanaí ná 28 lá tar éis
dod shonraí a bheith curtha ar an gclár coiscthe san
BSEN, nó tar éis duit a rá leis an ngnólacht áirithe nár theastaigh
uait teagmháil a fháil uathu arís, sa chás sin b’fhéidir go mba
mhaith leat gearán a dhéanamh leis an Choimisinéir Cosanta Sonraí.
Conas is féidir liom teagmháil leis an Choimisinéir Cosanta Sonraí?
Ar an dteileafón: LóGhlaoch 1890 252 231 (9.45 rn go dtí 12.45,
2.15in go dtí 5.00pm)
Trí facs: TBA
Tríd an Ríomhphost: info@dataprotection.ie
Tríd an bpost: Oifig an Choimisinéara Chosanta Sonraí
Teach na Canáile,
Bóthar an Stáisiúin
Cúl an tSúdaire,
Co Laoise
Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?
Ar an dteileafón (LóGhlaoch: 1890 229 668 (9.00rn go dtí 5.30in Luan go hAoine
Trí facs: (01) 804 9671
Trí Ríomhphost: consumerline@comreg.ie
Trí láithreáin gréasáin: www.comreg.ie / www.askcomreg.ie / www.callcosts.ie
Tríd an bpost:
Foireann Tomhaltóirí ChomReg
Irish Life Centre
Bloc DEF
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Séanadh dlíthiúil
D’ullmhaíomar an doiciméad seo ó fhoinsí éagsúla. Cé go ndearnamar cúram réasúnta lena ullmhú, níl muid sásta glacadh le freagracht ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a fhulaingeodh duine ar bith as an eolas seo a úsáid.




