Oibleagáid na Seirbhíse
Uilíche agus a ciall
don tseirbhís teileafóin
agatsa
.
De réir an dlí is é ComReg atá freagrach as rialáil a dhéanamh ar
earnáil na cumarsáide leictreonaí in Éireann. Ceann de fhreagrachtaí
ComReg is ea soláthraí seirbhíse uilíche (SSU) a roghnú chun na
riachtanais a leagan síos agus an dul chun chinn a fhaire. I MÍ Iúil
2003 roghnaigh ComReg eircom mar sholáthraí seirbhíse uilíche
go ceann trí bhliana. Nuair a chríochnaíodh an tréimhse sin i
Mí Iúil 2006, ainmníodh eircom arís mar SSU go ceann ceithre
bhliana eile.
Sa treoir seo déanann muid:
• achoimriú ar cad a thuigtear le seirbhís uilíoch, agus
• cur síos ar na hoibleagáidí atá ar an soláthraí seirbhíse uilíche
i ndáil le seirbhísí teileafóin.
Cad is Seirbhís Uilíoch ann?
Is ionann Seirbhís Uilíoch agus
na seirbhísí bunúsacha dar chóir a bheith ar fáil ag na daoine
agus ag na heagraíochtaí go léir. Áirithe le chéile tugtar
an Oibleagáid na Seirbhíse Uilíche (OSU) orthu. I gcás na
teileachumarsáide áirítear ansin:
• rochtain a sholáthar (línte teileafóin) ar láithreáin seasmhacha,
• eolairí teileafóin i gcló a sholáthar,
• táillefóin poiblí a sholáthar,
• seirbhísí a sholáthar do dhaoine le míchumais, agus
• modhanna a thionscnamh chun caiteachais a rialú agus
srian a choimeád le costais.
Cad nach bhfuil clúdaithe faoi oibleagáid na seirbhíse uilíche (OSU)?
Ní chlúdaíonn OSU
• Líonra digiteach de sheirbhísí comhtháite (LDSC) agus ceangail leathanbhanda an idirlin.
• seirbhísí soghluaiste teileafóin, nó
• seirbhísí d’fhiosrúcháin eolaire/uimhreacha teileafóin,
Cén comhlacht a sholáthraíonn an tseirbhís uilíoch?
Is é eircom an ‘Soláthraí de Sheirbhís Uilíoch’ agus tá eircom tofa ag ComReg
chun seirbhís uilíoch a sholáthar go dtí deireadh Mí Mheithimh 2010.
Cad ba chóir d’eircom a dhéanamh mar sholáthraí na seirbhíse uilíche?
Ba chóir d’eircom
• freastal ar gach iarraidh réasúnta chun custaiméirí
a nascadh leis an líonra teileafóin poiblí agus seirbhísí teileafóin
a tá ar fáil go poiblí a thairiscint*,
• a rá leat conas a bheartaíonn siad an ceangal a dhéanamh agus
córais iompróirí a sheachaint nuair is féidir;
• a deimhniú go ndéileáiltear go pras leis an iarraidh le haghaidh
ceangail, a chur in iúl cathain atá suirbhé le déanamh, agus tú
choimeád ar an eolas faoi dhul chun cinn an iarratais.
• cuntas ar na ceangail a fhoilsiú uair sa ráithe,
• gach iarracht réasúnta a dhéanamh
lena chinntiú gur féidir leis na ceangail leis an líonra teileafóin
poiblí na sonraí a sheoladh agus a ghlacadh ar an ráta
28.8 KBps ar a laghad, agus, más gá, córais iompróirí a bhaint
amach agus luas na sonraí a mhéadú ar línte áirithe,
• a chur in iúl do gach iarratasóir ar líne teileafóin cad iad
na cleachtais atá acu chun gearáin a réiteach,
• eolaire teileafóin i gcló a sholáthar agus é a athnuachan
in aghaidh na bliana,
• an Bunachar de Shonraí an Eolaire Náisiúnta (BSEN) a choinneáil,
• a chinntiú go gcuirtear táillefóin poiblí ar fáil chun freastal ar
riachtanais réasúnta an phobail,
• praghsanna bunaithe ar mheán geografach a fheidhmiú tríd an
tír go léir,
• bealaí a chur ar fáil lenar féidir le custaiméirí an caiteachas a rialú,
* Má tá an costas measta chun freastal ar an iarraidh faoi bhun
€7,000, nó comhionann leis, íocfaidh an duine nó an t-eagras a
lorgaíonn an ceangal an muirear caighdeánach i gcomhair ceangail.
Má tá sé os cionn €7,000, íocfaidh eircom an chéad €7,000 agus
íocfaidh an t-iarratasóir aon ní os a chionn, má tá an ceangal ag
teastáil.
Cé chomh tapa ar cheart d’eircom
custaiméirí a cheangal leis an líonra?
Chomh luath is a bhfaigheann eircom iarraidh le haghaidh
ceangail, ba cheart dóibh;
• 60% d’iarrataí a fhreastal laistigh de 4 seachtain,
• 80% d’iarrataí a fhreastal laistigh de 8 seachtain,
• 90% d’iarrataí a fhreastal laistigh de 13 seachtain,
• 90% d’iarrataí a fhreastal laistigh de 26 seachtain, agus
• gach aon iarraidh a fhreastal laistigh de 52 seachtain.
Cuid den oibleagáid um sheirbhís uilíoch is ea na
spriocanna treoracha seo. Le linn don bhfoilseachán
seo a bheith á chur i gcló bhí na spriocanna faoi
athbhreithniú.
Fiosrúcháin an Eolaire Teileafóin
Sa Treoir um Sheirbhísí Fiosrúcháin an Eolaire Teileafóin,
foilsithe ag ComReg, gheobhaidh tú faisnéis maidir le
comhlachtaí a sholáthraíonn an tseirbhís seo maille leis
na táillí a ghearrann siad. Tá socrú speisialta an d’eircom
chun an tseirbhís seo a sholáthar do chustaiméirí le míchumas,
ach níl oibleagáid orthu faoi oibleagáid na seirbhíse uilíche
seirbhís ghinearálta fiosrúcháin maidir le huimhreacha
teileafóin a sholáthar.
Bunachar Sonraí an Eolaire Náisiúnta
Tá gach uimhir theileafóin atá sna leabhair teileafóin
poiblí nó atá ar fáil trí Fhiosrúcháin an Eolaire Teileafóin
coinnithe ar thaifead lárnach ar a dtugtar an Bunachar
Sonraí an Eolaire Náisiúnta (BSEN). Tá sé mar dhualgas ar
eircom, agus ar an oibreoir, athnuachan reatha a choimeád ar
ar an mbunachar seo. Coimeádann an bunachar seo cuntas
freisin cibé acu an bhfuil ‘glaonna margála’ de dhíth nó nach
bhfuil. Léigh an ‘Treoir um Ghlaonna Fuara’ foilsithe ag
ComReg chun tuilleadh eolais a fháil faoi seo.
Táillefóin poiblí
Mar chuid de OSU ní foláir d’eircom a chinntiú
go ndéanann a gcuid táillefón freastal ar éilimh na gcustaiméirí.
Is ionann é seo agus gur gá dóibh:
• dóthain táillefón a sholáthar,
• iad a shuíomh go cothrom de réir riachtanais ar fud na tíre,
• nuair is féidir, a chinntiú go mbíonn úsáideoirí le
míchumais ábalta teacht orthu, agus
• a chinntiú go mbíonn seirbhís ar dhea-chaighdeán le fáil uathu,
a chinntiú freisin gur féidir leis an gcustaiméir
táillefón poiblí a úsáid chun:
• glaoch práinne a dhéanamh,
• seirbhís fiosrúcháin an eolaire teileafóin a úsáid, agus
• íoc ar bhealaí difriúla – le boinn airgid, cártaí teileafóin, cártaí
creidmheasa agus mar sin de.
Más mian le heircom táillefón ar bith a bhaint amach nó
a aistriú ní foláir dóibh dul i gcomhairle roimh ré leis an bpobal áitiúil.
Custaiméirí le míchumais
Tá an dualgas faoin Oibleagáid um Sheirbhís Uilíoch
freastal ar riachtanais na gcustaiméirí le míchumais. Ba
cheart d’eircom, mar chuid den OSU:
• cód cleachtais a chothú maidir le
seirbhísí a sholáthraíonn siad do dhaoine le míchumais,
• rannóg leithleach a choinneáil ar a láithreán gréasáin
maidir leis na seirbhísí atá ar fáil don lucht míchumais, agus
• na seirbhísí seo a leanas a sholáthar:
• teileafóin le haimplitheoirí,
• teileafóin le splanc-rabha i gcomhair glaonna isteach,
• teileafóin ar féidir a cheangal le háiseanna éisteachta,
• seirbhís tiontaithe chun guth a ghlacadh agus é a aistriú
ina théacs,
• scéim a sholáthar a ais-íocann cuid de chostais na
nglaonna a úsáideann an tseirbhís chun guth a thiontú ina théacs
(de ghnáth bíonn na glaonna seo níos faide),
• mear-dhiailiú, lámh shaor nó callaire a bheith mar rogha
ar ghléasanna teileafóin ag custaiméirí a bhfuil deacracht acu
na lámha a úsáid,
• teileafóin le cnaipí móra agus roghanna eile
i gcomhair úsáideoirí lag-radharcacha,
• billí i mBraille saor in aisce, agus
• fiosrúcháin speisialta Eolaire Teileafóin
saor in aisce.
tá fóram bunaithe ag ComReg lena cinntiú go dtuigeann
na hoibreoirí telecom go léir céard a bhíonn de dhíth ó
úsáideoirí le míchumas agus le spreagadh a thabhairt
dóibh seirbhísí oiriúnacha a sholáthar.
Acmhainn Íocaíochta agus srianadh ar chaiteachais
Mar chuid den oibleagáid um sheirbhís uilíoch, ba chóir d’eircom:
• an leibhéal is ísle de bhilleáil shonraithe a sholáthar saor in aisce,
• baic ar ghlaonna amach a thairiscint a áiríonn na glaonna
ard-ráta,
• córas a fhoilsiú a ligeann de chustaiméirí
na táillí ceangail a íoc i dtráthchoda, agus
• na rialacha maidir le dícheangal custaiméirí nach
n-íocann a mbillí a fhoilsiú
Cad a thuigtear le liúntas teileafóin?
Íocaíocht is ea an Liúntas Teileafóin a dhéanann an Roinn
Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh i leith an bhille teileafóin.
Clúdaíonn sé:
• muirir i gcomhair cíos an líne agus an trealaimh (más ábhartha),
agus
• muirir glaonna go dtí €40.82 (móide ÍMAT)
má bhfaigheann tú billí in aghaidh an dá mhí, nó
• muirir glaonna go dtí €21.41 (móide ÍMAT) má
bhfaigheann tú billí in aghaidh na míosa.
Clúdaíonn an Liúntas Teileafóin an costas cíosa ar
theileafón speisialta, má tá sin ar fáil. Ní mór duit coinníollacha
áirithe a shásamh agus an teileafón a fháil cláraithe faoi d’ainm
féin chun an liúntais a fháil.
Níl scéim an Liúntais Teileafóin teoranta do chustaiméirí eircom
amháin. Murar custaiméir de chuid eircom tú, déan teagmháil
le do sholáthraí seirbhísí chun a fháil amach an bhfuil siad
páirteach sa scéim.
Focail a úsáidtear sa treoir seo.
Baic (ar ghlaonna) = cineálacha áirithe glaonna
ó do theileafón a chosc nó a bhacadh
billeáil shonraithe = bille teileafóin a thugann eolas
faoi na glaonna go léir a rinneadh le linn tréimhse na billeála.
glaonna margála = glaonna ag iarraidh seirbhísí breise a
dhíol le custaiméirí
Fiosrúchán Eolaire Teileafóin, fiosrúcháin maidir le huimhreacha
teileafóin.
Cén áit is féidir liom tuilleadh eolais a fhail?
Is féidir leat na doiciméid comhchomhairle agus na gcinneadh
a léamh ar láithreán gréasáin www.askcomreg.ie. Más maith leat
cóip clóite a fháil déan teagmháil linne le do thoil.



