Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Prótacal Gutha ar an Idirlíon (PGI)

Sa Treoir seo déanann muid:

·                    a mhíniú cad is PGI ann agus an bealach a oibríonn sé;

·                    leideanna a thabhairt duit sula ndéanann tú aon cheannach; agus

·                    smaoineamh a thabhairt faoi conas a d’fhéadfadh PGI cuidiú leat.

 

 

Maidir le Comreg

Tá muid freagrach as rialáil na cumarsáide leictreonaí (teileachumarsáid, cumarsáid raidió agus chraolácháin) agus earnálacha an phoist.

 

Cad a thuigtear le Prótacal Gutha ar an Idirlíon (PGI)?

Teicneolaíocht is ea an Prótacal Gutha ar an Idirlíon (PGI) a chuireann ar do chumas glaonna teileafóin a dhéanamh ar an gceangal idirlín in ionad ar ghnáth-líne teileafóin.  Bíonn an ceangal idirlín de ghnáth ar leathanbhanda le soiléire réasúnta a chinntiú sna glaonna agus chun aon mhoill ama a choimeád chomh beag agus is féidir le linn don ghlao a bheith ceangailte.

 

Conas a oibríonn sé?

Is féidir leat glaonna teileafóin a dhéanamh le PGI ar thrí bhealach.

 

1.          Cuibheoir Analógach Teileafóin

Is í an tslí is fusa chun glao a dhéanamh le PGI ná Cuibheoir Analógach Teileafóin (CAT) a úsáid.  Uaireanta tugtar ‘geata’ mar ainm ar seo.  Leis an bhfearas seo is féidir leat do ghnáth-theileafón caighdeánach a úsáid.

 

Chun glao PGI a dhéanamh, ní ghá ach an gléas láimhe caighdeánach atá agat a phlugáil isteach sa CAT agus an CAT a cheangal leis an ríomhaire nó an nasc idirlín.

 

Gabhann an CAT an comhartha ón bhfón caighdeánach agus tiontaítear é i gcomhartha oiriúnach le cur thar an idirlíon.

 

Beidh tú ábalta le roinnt CAT b’fhéidir:

·              an ríomhaire a chur i gcóir don PGI;

·              roghnú a dhéanamh i gcomhair glaonna amach idir PGI agus an gnáth-nasc teileafóin;

·              malartú idir PGI agus an nasc teileafóin i gcomhair glaonna isteach.

 

 

 

2.            An Fón PGI

Tá an gléas láimhe seo cosúil le gnáth-teileafón, ach tá sé ceangailte díreach don ródaire nó don ríomhaire ar phort Ethernet nó USB in ionad an ghnáth-nascóra theileafóin.

 

Bíonn a bhfuil de bhog-earraí agus fearais a bheadh uait le glaonna PGI a láimhseáil suite cheana féin sa ghléas láimhe seo.  Cuireann sé bealach tapa agus éifeachtach ó thaobh costais ar fáil chun an Prótacal Gutha ar an Idirlíon a úsáid.

 

Cosnaíonn an gléas bunúsach láimhe PGI idir €40 agus €130

 

 

3.  Ó ríomhaire go ríomhaire

De réir mar a thuigfeá ón bhfrása, is éard a chiallaíonn seo ná gan ach an nasc idirlín ar an ríomhaire a úsáid chun teagmháil le duine ag ríomhaire eile.  Tá seo indéanta trí chlár ar do ríomhaire a oibríonn cosúil le fón PGI.  Is féidir trealamh neamhchostasach mar seo a cheannach ó roinnt mhaith gnólachtaí ar nós Xten agus Microsoft.  Chomh maith leis na bog-earraí, bíonn micreafón, callairí, cárta oiriúnach fuaime agus luath-nasc idirlín ag teastáil sa ríomhaire.

 

B’fhéidir go mbeadh ort roinnt ama a chaitheamh ag cur an mhicreafóin agus na callairí i gcóir chun a bheith siúráilte go mbíonn an fhuaim a oibriú i gceart agat agus nach mbíonn aon aisfhotha ann nuair a bhíonn an glao ar siúl.  Is féidir an t-aisfhotha a sheachaint trí na callairí a choimeád achar maith scartha ón micreafón agus gan ró-airde fuaime a ligean sna callairí. 

 

 

Cad iad na sochair atá le baint as an PGI?

Ceann de na buntáistí is mó is ea glaonna a dhéanamh ar chostas níos lú – i gcásanna áirithe saor ó chostas, cur i gcás má ghlaoitear  daoine a úsáideann an líonra céanna. 

 

Buntáiste eile, is féidir an gléas láimhe teileafóin a bhaint den ríomhaire nó den chuibheoir agus imeacht leat chuig láthair eile (áit ar bith eile sa domhain b’fhéidir), é a cheangal le nasc eile agus oibriú leat amhail is dá mbeifeá sa bhaile.  ‘Oibríocht fánaíochta’ a tugtar ar a leithéid sin.

 

 

Cad is na seirbhísí is féidir a fháil ó sholáthraithe PGI?

Lasmuigh de ghnáthsheirbhísí glaonna, b’fhéidir go n-ofrálfadh na soláthraithe PGI:

·              comharthú láithreachta,

·              glaonna físe,

·              glaonna comhdhála, agus

·              seirbhísí gaolmhara sonraí mar ‘bhrú gréasáin’ agus ‘an clár bán’. 

 

Bíonn roghanna ard-fhorbartha glaonna a láimhseáil ar thairiscint ag roinnt seirbhísí freisin.  Tá siad bunaithe ar fhaisnéis faoi chomhartha aitheantais (CA) an ghlaoiteora agus tugann siad an rogha duit conas déileáil le ghlaonna ó uimhir ar leith.  Is féidir leat, mar shampla:

·              an glao a athchur chuig uimhir eile;

·              an glao a chur díreach chuig an bhosca glórphoist;

·              an comhartha ‘in áirithe’ a chur chuig an nglaoiteoir; nó

·              teachtaireacht ‘as seirbhís’ a thabhairt.

 

Is féidir freisin, ar an-chuid seirbhísí PGI, an glórphost a sheiceáil ar an ngréasán nó teachtaireachtaí a nascadh le ríomhphost a chuirtear chuig ríomhaire nó gléas láimhe.

 

Difríochtaí idir na soláthraithe PGI

Tá na seirbhísí PGI cuibheasach nua go fóill agus, go bunúsach, ní hiad na seirbhísí de ghlaonna céanna atá ar thairiscint ag na soláthraithe go léir.  Cé gur féidir tuilleadh roghanna a bhaint as PGI, chomh maith le breis áiseanna agus laghdú sa phraghas, ní mór d’úsáideoirí fios a bheith acu cad é díreach atá á cheannach acu.  Is féidir go mbeadh de chuma ar chuid de na seirbhísí PGI gurb é atá á thairiscint ná gnáthsheirbhísí teileafóin, ach ní ghá go mbeadh na háiseanna go léir iontu a mbeadh tomhaltóirí ag súil leo ná ina dtaithí ón ghnáthsheirbhís baile.

 

Go ginearálta, bí ar d’aire faoi na difríochtaí seo a leanas:

·              B’fhéidir nach dtabharfadh roinnt soláthraithe PGI cead glaoch duit ach amháin chuig daoine eile a úsáideann PGI, ach tá cuid eile a d’fhéadfadh ligean duit glaoch ar aoinne a bheadh teacht orthu ar uimhreacha teileafóin áitiúla, idirnáisiúnta, ar chianraon, ar fhón póca agus/nó ar sheoltaí idirlín.

·              Ní oibríonn cuid de na seirbhísí ach ar do ríomháire amháin nó ar theileafón PGI speisialta, ach oibríonn seirbhísí eile le ghnáth-fón agus cuibheoir.

·              D’fhéadfadh roinnt soláthraithe PGI iarraidh ort uimhir nua a thosaíonn le cód ‘076’ a úsáid go speisialta i gcomhair glaonna PGI, agus is féidir le tuilleadh acu ligean duit an sean-uimhir teileafóin a úsáid chun na seirbhísí a úsáid.

 

Seiceáil sula gceannaíonn tú

Creideann muid go bhfuil sé an-tábhachtach oiread faisnéise agus is gá a bheith agatsa, an tomhaltóir, chun rogha muiníneach a dhéanamh faoin sórt seirbhíse atá de dhíth ort.  Is féidir a bheith mar rogha agat:

·              sean-sheirbhís le líne seasta,

·              seirbhís nua PGI ar chomhchaighdeán ar a laghad, nó

·              seirbhís níos teoranta, ach amháin níos saoire.

 

.

Níl samplaí de threalamh agus seirbhísí tugtha againn sa bhileog seo ach amháin lena mhíniú conas a oibríonn PGI.  Ní thugann muid moladh ar leith d’aon leagan áirithe nó d’aon tsoláthraí ar leith.  Bí cúramach na margaí agus an trealamh is fearr a oireann duit a chuardach agus a aimsiú sula gcuireann tú ceangal ort féin le haon bhranda amháin.  Tá go leor foinsí eolais ann le haghaidh PGI, ach b’fhéidir go gcuideoidh na naisc seo a leanas leat chun tosú a dhéanamh.

 

 

Cad ba chóir dom breithniú air sula ndéanfainn PGI a roghnú?

Cuir na ceisteanna seo a leanas ar an soláthraí ionas gur féidir leat cinneadh bunaithe ar fhaisnéis a dhéanamh.

·               An gá dom m’uimhir theileafóin a athrú chun an tseirbhís PGI a úsáid?

·               An ligeann bhur seirbhís dom na huimhreacha práinne 999 agus 112 a dhiailiú?

·               An bhfuil áiseanna ar thairiscint agaibh cosúil le cúnamh eolaí teileafóin, liostaí eolaí teileafóin agus slí chun teacht ar oibritheoir teileafóin?

·               An mbraitheann bhur seirbhís PGI ar an soláthar de chumhacht leictreach atá agam féin?

·               Má úsáidim Cuibheoir Analógach Teileafóin (CAT, ‘geata’) an mbeadh orm é a luchtú tríd an bpríomhsholáthar cumhachta?

·               An ofrálann sibh aon chúltaca cumhachta i gcás go mbeadh an cumhacht gearrtha?

·               Dá mbeadh fadhb agam le nasc an leathanbhanda an ofráladh sibh cúltaca tríd an sean-nasc teileafóin?

 

Cén áit is féidir liom teacht ar a thuilleadh eolais?

 

Foilsíonn muid sraith de threoirlínte i gcomhair na soláthraithe PGI maidir leis an ndéileáil a bhíonn acu le húsáideoirí.  B’fhéidir go mba mhaith leat é seo a léamh chun tuiscint a fháil ar an tslí a ndéileálfadh an soláthraí leatsa.  Is treoirlínte deonacha iad seo ach tá cód cleachtais réasúnta iontu a leanfadh tromlach na soláthraithe is dóigh linn.  Is féidir na treoirlínte seo a aimsiú ar láithreán gréasáin ChomReg faoin hípearnasc seo a leanas:

http://www.comreg.ie/_fileupload/publications/ComReg04103a.pdf

 

 

Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?

Ar an dteileafón (LóGhlaoch: 1890 229 668 (9.00rn go dtí 5.30in Luan go hAoine

Trí facs: (01) 804 9671

Trí Ríomhphost: consumerline@comreg.ie

Trí láithreáin gréasáin: www.comreg.ie / www.askcomreg.ie / www.callcosts.ie

Tríd an bpost:

Foireann Tomhaltóirí ChomReg

Lárionad Irish Life

Bloc DEF

Sráid na Mainistreach Íochtarach

Baile Átha Cliath 1

 

 

Séanadh dlíthiúil

D’ullmhaíomar an doiciméad seo ó fhoinsí éagsúla.  Cé go ndearnamar cúram réasúnta lena ullmhú, níl muid sásta glacadh le freagracht ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a fhulaingeodh duine ar bith as an eolas seo a úsáid.

 

Deireadh Fómhair 2007

© 2013 Commission for Communications Regulation