Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Seirbhísí Poist

Cé hé (nó cad é) ComReg?

Is é ComReg an Rialálaí ar earnáil an phoist in Eirinn.

 

Tá sé mar fhís againn  margadh poist iomaíoch fuinniúil a chruthú Éirinn le raon leathan de tháirgí agus de sheirbhísí, ar ard-chaighdeán agus ar phraghsanna iomaíocha

 

Sa Treoir seo déanann muid cur síos ar:

·   Na seirbhísí nach mór do An Post a chur ar fáil,

·   na spriocanna oibre seachadta nach mór do An Post a shroicheadh.

·   an rud a tharlaíonn má chailleann tú seachadadh ó An Post.

·   an bealach chun postas gan iarraidh a chosc.

·   CBL agus íocaíochtaí custaim ar bheartanna ó thar lear

·   conas do chion féin a dhéanamh maidir le gnóthaí an phoist.

 

Cad iad na seirbhísí nach mór do An Post a sholáthar?

Is é An Post Soláthraí Seirbhíse Uilíche (SSU) na hÉireann.  Ciallaíonn sin go bhfuil An Post faoi oibleagáid ag an Rialtas chun seirbhísí áirithe poist a sholáthar.

Deimhníonn ComReg go gcomhlíonann An Post na hoibleagáidí seo.  Ina measc atá:

I gcomhair gach duine agus do gach eagraíocht i bhPoblacht na hÉireann:

ar a laghad bailiúchán amháin agus seachadadh amháin de mhíreanna poist, pacáistí poist agus beartáin poist cúig lá sa tseachtain.

I gcomhair seirbhísí náisiúnta agus idirnáisiúnta:

Glanadh amach, sórtáil, iompar agus imdháileadh a dhéanamh ar;

·   míreanna poist de mheáchan suas go dtí 2kg; agus

·   pacáistí poist de mheáchan suas go dtí 20kg le sprioc-amanna seachada agus le praghsanna bunaithe ar rátaí a fhoilsítear;

Roinnt seirbhísí breise a chur ar fáil, lena n-áirítear:

-    post a atreorú

-    teastais postála a eisiúint in aisce

-    leabhair a chur thar lear

-    aireachas a thabhairt do phost (Mailminder)

-    seirbhís poist saor in aisce a thabhairt do dhaill agus do chaocha.

-    saorfhreagra gnó agus saorphost

-    boscaí nó málaí príobháideacha

 

Cad é an t-am is déanaí is féidir liom rud a chur sa phost chun a bheith cinnte go ndéanfar é a sheachadadh an chéad lá oibre eile?

Chun a bheith cinnte go ndéanfar an seachadadh in áit ar bith sa tír ar an gcéad lá oibre eile, is é an t-am is déanaí ag formhór na bpointí postála le postáil a dhéanamh ná 5.30in, ó Luan go hAoine, gan laethanta saoire bainc a chur san áireamh.

Bíonn am postála níos déanaí nó níos luaithe ná 5.30in ag roinnt beag ionad postála, ach bíonn an t-am ar thaispeáint ar an bpointe postála.

 

An bhfuil spriocanna ard-cháilíochta seirbhíse maidir le post-sheachadadh ag An Post?

Maidir le seirbhís uilíoch an phoist, déanann muid caighdeáin ard-cháilíochta seirbhíse a leagan síos, a fhaire agus a chur i bhfeidhm.  

Is iad na spriocanna gnóthachain atá ceaptha againn i gcomhair An Post chun míreanna aonair ard-tosaíochta a sheachadadh ar fud na tíre ná:

·   94% le bheith seachadta laistigh de lá amháin oibre, agus

·   99.5% le bheith seachadta laistigh de thrí lá oibre.

 

Foilsíonn muid fíor-ghnóthachain An Post uair amháin in aghaidh na bliana.  Is féidir breithniú ar na torthaí is déanaí ar an láithreán gréasáin www.comreg.ie nó ar láithreán An Post www.anpost.ie.

 

An bhfuil seirbhísí ann nach féidir le haon dream eile ach amháin An Post a sholáthar?

Faoi láthair tá seirbhísí áirithe forchoimeádta ag An Post toisc gurb iad siúd an SSU. Baineann na seirbhísí seo le post intíre agus idirnáisiúnta den mheachan 50g nó níos lú, agus gan an praghas a bheith níos mó ná €1.37.

 

Is féidir le soláthraí poist ar bith eile a oibríonn i margadh na hÉireann gach mír phoist de gach chineál eile a láimhseáil.

Faoi réir rialacha an AE, beidh margadh an phoist in Éirinn lán-oscailte le haghaidh iomaíochta faoin 1ú Eanáir 2011 ar a dhéanaí.  Ón dáta sin amach ní bheidh seirbhís ar bith forchoimeádta ag An Post. 

 

An é An Post an t-aon sholáthraí de sheirbhísí poist in Éirinn?

Ní hé.  Tá an-chuid soláthraithe poist ag obair in Éirinn, ach níl aon oibleagáid orthu seirbhísí ar leith a

© 2012 Commission for Communications Regulation