Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Treoir ‘Callcosts’ d’Úsáideoirí

Láithreán gréasáin is ea www.callcosts.ie atá saor in aisce, suas-chun-dáta, furasta le húsáid agus neamhspleách.  Clúdaíonn sé formhór na bpleananna teileafóin, seirbhísí gluaiste agus leathanbhanda atá ar fáil in Éirinn.  Tá sé á stiúradh ag ComReg, ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide.

 

Cuidíonn an láithreán Callcosts le daoine chun comparáid a dhéanamh idir na costais a ghabhann le pleananna difriúla i gcomhair an teileafóin bhaile, an fhóin phóca nó an leathanbhanda.  Bíonn pleananna difriúla á n-ofráil ag soláthraithe éagsúla agus is deacair a rá go minic cé acu ceann ab fhearr a oirfeadh duit.

 

Inseoidh an Treoir seo duit:

  • cuntas ar láithreán gréasáin Callcosts, agus
  • conas a oibríonn an láithreán agus na príomh-rannóga atá ann

 

Conas a oibríonn an láithreán gréasáin Callcosts?

Tugann www.callcosts.ie liosta pleananna in ord praghsanna duit, bunaithe ar an bhfaisnéis a chuireann tú féin isteach ann.  Sa bhealach sin tá sé níos furasta comparáid a dhéanamh idir na praghsanna atá ar fáil agus cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar eolas, féachaint ar cheart aistriú chuig plean eile nó chuig soláthraí eile.  Má tá tú ar phlean nach n-oireann duit nó nach n-oireann don bhealach a úsáideann tú an teileafón nó an leathanbhanda, b’fhéidir go mbeifeá i n-ann airgead a shábháil trí aistriú go dtí plean eile.

 

Rannóga

Tá ceithre phríomh-rannóg sa láithreán

  • Fón Póca
  • Teileafón Baile
  • Leathanbhanda, agus
  • Cuacha (Teileafón Baile agus Leathanbhanda le chéile)

 

Tá pleananna ar ofráil ag soláthraithe faoi láthair ar gach ceann don cheithre rannóg.

 

Úsáid

Tá gléas áirimh i ngach rannóg.  Cuireann an t-áiritheoir seo roinnt ceisteanna ort maidir leis an bplean tá á lorg agat agus an cineál úsáide a bhaineann tú as an dteileafón nó an leathanbhanda.  Moltar duit féachaint ar do chuid bhillí sula dtugann tú freagraí ar an ceisteanna seo.  Nuair a chuireann tú na freagraí isteach gheobhaidh tú liosta torthaí.

 

Torthaí

Ar an liosta torthaí seo tá na pleananna go léir a réitíonn leis an úsáid a bhaineann tú as do theileafón nó as an leathanbhanda.  Bíonn na liosta in ord na bpraghsanna, ag tosú leis an bpraghas is saoire.  Chaithfidh an fhaisnéis a chuireann tú isteach i dtús báire a bheith chomh cruinn agus is féidir ionas go dtiocfaidh na pleananna a mholfaí leis an úsáid a bhaineann tú as do theileafón agus an leathanbhanda.

 

An rogha chun ‘úsáid níos sonraithe a iontráil’

Sna rannóga Fón Póca, Fón Baile, agus Le Chéile tá rogha ar fáil chun ‘úsáid níos sonraithe a iontráil’.  Faoin rogha seo tig leat tuilleadh faisnéise a chur isteach ar úsáid an teileafóin chun torthaí níos fearr a fháil.

 

Má chliceálann tú an cnaipe seo feicfidh tú scáileán eile a léireoidh meastachán dod úsáide mhíosúil.  Bunaítear na sonraí seo ar an bhfaisnéis a chuir tú isteach ar an gcéad scáileán agus ar na foshuíomhanna modúlacha  a forbraíodh le haghaidh an láithreáin.  Is pátrúin iad na foshuíomhanna modúlacha seo ar an gcaoi a úsáideann daoine an teileafón de ghnáth, bunaithe ar fhaisnéis ghinearálta ó sholáthraithe.

 

Ag úsáid na faisnéise seo, roinneann an láithreán Callcosts iomlán do chuid nóiméad idir:

  • amanna ard-éilimh, beag-éilimh agus deireadh na seachtaine
  • na líonraí línte, seasta agus gluaiste
  • glórphost, agus
  • rogha-uimhreacha

 

Tig leat na sonraí a athrú ar an scáileán seo, mar shampla, má úsáideann tú nóiméid ag uair áirithe sa lá nó má ghlaonn tú ar dhaoine ar líonra amháin níos mó ná ar líonraí eile.

 

Má bhaineann tú úsáid as teachtaireachtaí pictiúir agus téacsanna, breathnaíonn an láithreán gréasáin ar seo freisin.

 

Fón Póca

 

Tá na pleananna gutha go léir ó sholáthraithe na bhFón Póca ag Rannóg an Fhóin Phóca.  Ina measc seo atá pleananna réamh-íoctha agus billí.  Iontrálann tú ar an rannóg seo:

·        úsáid laethúil nó míosúil

·        cathain a úsáideann tú an fón póca

·        cé méid nóiméad a chaitheann tú ar ghlaonna

·        an céatadán de ghlaonna chuig fóin póca eile, agus

·        cé méid téacsanna agus pictiúir a sheolann tú.

 

Agus é seo déanta agat, gheobhaidh tú torthaí agus tig leat féachaint ní ba ghrinne ar gach plean faoi leith má chliceálann tú air.

 

Tugann formhór na bpleananna rogha do chustaiméirí tuilleadh nóiméad gutha nó téacsanna a cheannach ar rátaí laghdaithe.  ‘Breiseanna’ a thugtar ar a leithéid.  Déanfaidh an gléas áirimh ag Callcosts na breiseanna seo a chur le do phlean-sa más luach maith ar airgead duit é.

 

An rogha chun ‘úsáid níos sonraithe a iontráil’

Tá ‘an rogha chun úsáid níos sonraithe a iontráil’ faoi rannóg an Fhóin Phóca.  San áit seo feicfidh tú cén chaoi atá na nóiméid a iontráil tú ar an gcéad scáileán roinnte ag modúl an láithreáin.  Tig leat iad seo a athrú chun a bheith níos cruinne faoin mbealach a ghlaonn tú ar fhóin póca agus ar línte seasta.

 

Glacann an láithreán leis an dtuiscint go dtagann 5% de ghlaonna chugat tríd an ghlórphost.  Tig leat uimhir na nóiméad a athrú sa chás seo.

 

B’fhéidir go n-ofrálfadh roinnt soláthraithe rátaí laghdaithe nó saor in aisce chuig uimhir ‘uimhir roghnaithe’.  De ghnáth bíonn coinníollacha ag baint le seo; ní mór duit an uimhir a roghnú nó a ainmniú le soláthraí an fhóin phóca sula n-úsáideann tú í. 

 

Má tá a leithéid ar ofráil ag an soláthraí, glacann an láithreán leis an dtuiscint gurb ionann agus 5% dod chuid ghlaonna ‘na huimhreacha roghanna’. Tig leat líon na nóiméad a athrú ag an bpointe seo más maith leat.

 

Teileafón Baile

 

Déileálann Rannóg an Teileafóin Bhaile le pleananna i gcomhair glaonna ar an líne teileafóin atá agat sa bhaile.  Clúdaíonn an rannóg seo na glaonna áitiúla, náisiúnta, gluaiste agus idirnáisiúnta.

 

Billí

Ofrálann roinnt comhlachtaí teileafóin bille amháin i gcomhair teileafóin bhaile. Ciallaíonn sin go bhfaighidh tú bille amháin i gcomhair cíos an líne agus ar an glaonna.  Mura n-ofrálann soláthraí an teileafóin bille amháin, chaithfidh tú cíos an líne a íoc le soláthraí eile.  Sa chás seo gheobhaidh tú dhá bhille – ceann i gcomhair glaonna, ó sholáthraí amháin, agus ceann í gcomhair cíos an líne ó sholáthraí eile.

 

Glaonna

Maidir le hÚsáid Glaonna Baile, iontrálann tú an t-am a dhéanann tú glaonna de ghnáth chuig uimhreacha áitiúla, náisiúnta agus gluaiste.

 

Freisin tig leat sonraí a chur isteach faoi glaonna idirnáisiúnta ar an tíortha is coitianta a ghlaonn tú.  Tig leat suas chuig trí thír a roghnú agus a rá cén t-am is gnáiche leat glaoch: i rith an lae, um thráthnóna agus/nó ag deirí seachtaine.  Áireoidh na pleananna a thaispeánfar sna torthaí costas na nglaonna idirnáisiúnta a chuir tú isteach.

 

An rogha chun ‘úsáid níos sonraithe a iontráil’

Sa rogha atá anseo chun ‘úsáid níos sonraithe a iontráil’ tig leat an bealach a roinn an láithreán na nóiméid a iontráil tú i dtús báire a athrú.  I gcomhair glaonna ón líne seasta go dtí fóin póca déanann muid na nóiméid a scaipeadh, ag brath ar an am den lá a ghlaonn tú de ghnáth.  Freisin úsáideann muid faisnéis faoi líonraí an bhfón póca lena rá linn cé acu líonraí gur dóichí go mbeifeá ag úsáid na nóiméad orthu. Ach má tá pátrún difriúil i gcomhair glaonna agat tig leat na sonraí seo faoi na líonraí a athrú.

 

Glacann modúl an láithreáin leis an dtuiscint freisin go mbíonn 5% dod chuid ghlaonna go dtí ‘uimhreacha roghnaithe’, má tá seo á ofráil ag an soláthraí.  Tharlódh go n-ofráladh soláthraithe teileafón seasta nóiméid saor in aisce, nó le lascaine, chuig líon teoranta d’uimhreacha áirithe – uimhreacha seasta go hiondúil.  Má ghlaonn tú ar uimhir nó dhó sách minic, tig leat uimhir na nóiméad a athrú anseo más maith leat.

 

Leathanbhanda

 

Tá cineálacha difriúla de sheirbhísí leathanbhanda sa rannóg seo: tá an Líne Dhigiteach Rannpháirtí (LDR), cábla, gan sreang, satailít, agus leathanbhanda gluaiste.  Is gnách le soláthraithe leathanbhanda a gcuid phacáistí a phraghsáil ar dhá bhealach.

 

  • ‘Ar siúl de shíor’ – íocann tú táille chothrom leis an bpacáiste seo (mar shampla praghas seasmhach gach mí) is cuma cé chomh fada a bhíonn tú ar an idirlíon.  Ach má théann tú os cionn an liúntais íoslódála a thugtar duit, tharlódh go mbeadh ort táillí breise a íoc.
  • Leathanbhanda ‘am-bhunaithe’ – leis an bpacáiste seo bíonn uimhir shocraithe uaireanta lenar féidir leat ceangal leis an idirlíon gach mí. Má théann tú os a gcionn bíonn ort táillí breise a íoc.

 

Más dóigh leat gurb ionann leat an dá rogha, pioc amach an rogha ‘Don’t Mind’.  Beidh na torthaí a gheobhaidh tú i bhfad nios leithne sa tslí sin.  Más maith leat is féidir dul isteach arís agus cuardach ní ba mhine a dhéanamh.

 

Luas an Leathanbhanda

De ghnáth bíonn luais á n-ofráil ag soláthraithe ag freagairt don mhéid is féidir leat a íoslódáil de réir an tsoicind.   Dá airde an luas íoslódála is ea is tapúla is féidir leat leathanaigh gréasáin a oscailt nó comhaid a íoslódáil.  Bheadh a leithéid úsáideach, cur i gcás, dá mbeifeá ag imirt cluichí ar an idirlíon.  Mura mbíonn tú siúráilte cén luas íoslódála is fearr a oireann duit, pioc amach ‘Don’t mind’ agus i measc na dtorthaí a gheobhaidh tú beidh pleananna ag clúdach iomlán na luas atá ar fáil. 

 

Cíos Líne an Teileafóin

Tá roinnt seirbhísí leathanbhanda nach dtig leat a fháil mura bhfuil líne teileafóin agat. Tá seirbhísí eile ann agus is féidir leat iad a fháil gan sreang, trí shatailít, trí nasc chábla teilifíse nó trí leathanbhanda gluaiste.  Cé nach gá líne teileafóin dóibh siúd, tharlódh go n-ofráladh na seirbhísí seo seirbhísí teileafóin bhaile duit freisin.

 

Le linn duit a bheith ag comparáid costas na seirbhísí leathanbhanda, b’fhéidir go mbeadh fonn ort breathnú ar chostas cíosa líne teileafóin freisin.  Bíonn cead agat costas sheirbhís an teileafóin bhaile a chur le torthaí an leathanbhanda, nó gan é a chur leo.

 

Tig leat tuilleadh eolais faoin leathanbhanda a léamh i dtreoir na n-úsáideoirí ar láithreán gréasáin ChomReg: http://www.askcomreg.ie/tell_us/consumer_guides.77.LE.asp

 

Pointí eile

Tá rudaí eile nár mhiste leat smaoineamh orthu má bhíonn tú ag machnamh ar an gcineál plean leathanbhanda ab fhearr a oirfeadh duit.

 

  • Cóimheas coimhlinte.  Seo an uimhir is mó de dhaoine gur féidir leo seirbhís 512 Kbps a úsáid le chéile ag an am céanna.  Tharlódh go moilleofaí luas an leathanbhanda dá ligfí do an-chuid daoine é a úsáid le chéile.
  • Táillí breise.  Is féidir táillí breise a ghearradh ort má íoslódálann tú níos mó ná mar a cheadaíonn an plean duit.  Ba cheart duit na táillí seo a sheiceáil.
  • Fáil ar leathanbhanda.  Bhraithfeadh cineál agus infhaighteacht an leathanbhanda b’fhéidir ar an áit ia bhfuil tú i do chónaí.  Tig leat na torthaí a scagadh ar an láithreán Callcosts lena dheimhniú an bhfuil aon tseirbhís áirithe leathanbhanda ar fáil sa chontae ina gcónaíonn tú. Tá nasc ann freisin le láithreáin gréasáin na soláthraithe, áit ar féidir leat eolas ní ba chruinne maidir le hinfhaighteacht a fháil.

 

Mura mbíonn tú cinnte fós faoi aon chuid den phlean atá agat nó faoi aon phlean a theastaíonn uait aistriú go dtí é, ba cheart duit teagmháil go díreach leis an soláthraí.

 

Cuacha (Teileafón Baile agus Leathanbhanda le chéile)

 

Sa rannóg Cuacha (Teileafón Baile agus Leathanbhanda le chéile) tá pleananna ag ofráil teileafóin baile agus seirbhísí leathanbhanda le chéile ann.  Úsáid an rannóg seo más áil leat comparáid a dhéanamh idir costais an leathanbhanda agus costas chíos líne an teileafóin agus costas an nglaonna.

 

Tugtar pleananna ‘cuachta’ ar phleananna a nascann an líne teileafóin agus an leathanbhanda le chéile; ofráiltear iad mar aon phlean amháin.  Má thoghann tú plean cuachta is minic níos saoire a leithéid ná dhá phlean teileafóin agus leathanbhanda scartha óna chéile.  Faigheann tú aon bhille amháin i gcomhair an teileafóin agus an leathanbhanda le chéile.

 

Úsáid

Sa rannóg seo, cuireann tú isteach úsáid an Teileafóin Bhaile leis na glaonna áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta.  I gcomhair breis eolais faoi seo, féach thuas an t-alt maidir le Teileafón Baile.

 

Tar éis duit an fhaisnéis faoi úsáid an Teileafóin Bhaile a chur isteach, tig leat cliceáil ar rannóg an Leathanbhanda.  Neachtar acu tig leat dul isteach ar an rogha ‘Úsáid níos sonraithe a iontráil’.  Tá tuilleadh faisnéise maidir le seo san alt thuas maidir le Teileafón Baile.

 

Nuair a thagann tú ar scáileán sonraí an Leathanbhanda, déan cur sios ar an gcineál leathanbhanda atá á lorg agat.  Gheobhaidh tú liosta de thorthaí ansin.

 

Torthaí

As na torthaí seo gheobhaidh tú liosta de chostais na bpleananna cuachta i gcomparáid le costais na bpleananna leathanbhanda agus teileafóin bhaile scartha óna chéile (neamh-chuachta) ag soláthraí.  Más pleananna neamh-chuachta iad, léireofar an costas aonair agus an costas iomlán de dhá phlean teileafóin bhaile agus leathanbhanda ó aon sholáthraí amháin.

 

Leideanna maidir le húsáid an láithreáin ‘Callcosts’.

 

  • Sula dtosaíonn tú féach ar na billí teileafóin, fóin phóca agus/nó idirlín a fhaigheann tú.  Ba choir go n-inseodh seo duit cén plean atá agat.  Tabhairfidh sé treoir níos fearr duit conas an teileafón agus an idirlíon a úsáid.  Má tá fón póca réamh-íoctha agat, ní bhfaighidh tú bille ar bith.  Ach tá gléas áirimh i bhformhór na bhfón póca agus tig leat uimhir na dtéacsanna agus na nglaonna a chuireann tú thar tréimhse áirithe a ríomhadh.
  • Mura mbíonn tú cinnte faoi do chuid úsáide nó an cineál seirbhísí atá uait ba cheart duit ‘náid’ (‘0’) a chur isteach agus an rogha ‘Don’t Mind’ a phiocadh.  Gheobhaidh tú comparáidí níos leithne faoi chostas sa dóigh seo.  Tig leat dul isteach arís níos déanaí agus an cuardach a chúngú más maith leat.
  • Le linn duit a bheith ag comparáid na bpraghsanna, bí ag smaoineamh ar nithe eile seachas an praghas, cur i gcás

-          seirbhís chuig custaiméirí

-          roghanna billeála agus íocaíochta, agus

-          gealltanais cosúil le tréimhse íosta i gcomhair conartha, téarmaí agus coinníollacha.

 

Feicfidh tú na sonraí seo má chliceálann tú sonraí an phlean ar liosta na dtorthaí.

 

  • Ar an láithreán gréasáin ‘Callcosts’ tá na pleananna cónaitheacha (neamh-ghnó) atá ar fáil faoi láthair.  Más plean le praghas neamh-reatha atá agat, nach bhfuil ar fáil a thuilleadh do chustaiméirí nua, ní bheidh an plean seo i measc na dtorthaí.  Chun sonraí a fháil faoin bplean seo ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí.
  • Ná dearmad go mbíonn na pleananna ar liosta na dtorthaí ag brath ar an úsáid a chuireann tú isteach sa ghléas áirimh sa chéad áit.  Má úsáideann tú an teileafón nó an leathanbhanda níos mó ná a thaispeántar sna torthaí seo, tharlódh go ngearrfaí breis ort – beidh an bille níos airde ná an praghas a thaispeánfaí.
  • Tá an cháin bhreis luacha (CBL) áirithe sna praghsanna go léir a thaispeántar ar an láithreán gréasáin.

 

Naisc eile 

 

Láithreán Úsáideoirí ChomReg:                 www.askcomreg.ie

Faisnéis faoi Leathanbhanda:                     www.broadband.gov.ie

Faisnéis slándála ar líne:                www.makeitsecure.ie

 

Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?

 

Tig leat teagmháil le ComReg má úsáideann tú na sonraí seo:

 

Teileafón (LóGhlaoch):  1890 229 668, Luan go hAoine 9.00rn go dtí 5.30in

Facs:                          01 804 9671

Rphost:                       consumerline@comreg.ie

 

Post:                           Foireann Úsáideoirí ChomReg

Lárionad Irish Life

Bloc DEF

Sráid na Mainistreach, Íochtarach,

Baile Átha Cliath 1

 

Gréasán:                    www.comreg.ie  www.askcomreg.ie  www.callcosts.ie

 

Séanadh Dlíthiúil

 

D’ullmhaíomar an doiciméad seo as foinsí éagsúla.  Cé go dtugamar gach cúram réasúnta lena ullmhú, níl muid sásta glacadh le freagracht ar bith as aon chaillteanas ná damáiste a fhulaingeodh duine ar bith de bharr úsáid a bhaint as an bhfaisnéis seo.

 

Lúnasa 2008

 

© 2013 Commission for Communications Regulation