Treoir d’Fhiosrúcháin Eolaí an Teileafóin
Réamhfhocal
An raibh a fhios agat go bhfuil rogha agat idir sheirbhísí fiosrúcháin eolaí teileafóin?
An raibh a fhios agat go bhfuil rogha agat idir sheirbhísí fiosrúcháin eolaí teileafóin? Tá an Treoir seo ceaptha mar chabhair duit chun cinntí ar bhonn faisnéise a dhéanamh an chéad uair eile a theastóidh uait uimhir theileafóin a aimsiú. Sa Treoir seo déanann muid:
• a mhíniú duit conas an luach is fearr a bhaint as seirbhíse fiosrúcháin eolaí teileafóin;
• achoimriú ar chóras praghsála na seirbhíse; agus
• a chur in iúl duit conas a fháil amach cad iad na seirbhísí eile atá ar fáil.
Cén muirear a ghearrtar as seirbhís fiosrúcháin eolaí teileafóin?
Níl na muirir a ghearrtar ar sheirbhísí fiosrúcháin eolaí teileafóin faoi réir rialáil ar bith agus déantar iad a leagan síos trí aontú idir soláthraí na seirbhíse agus an líonra teileafóin a úsáidtear chun an tSeirbhís a rochtain. Má tá líne teileafóin seasta agat nó má íocann tú as fón póca in aghaidh na míosa, cuirtear na muirir trí do chuntas teileafóin agus taispeánfar iad ar an mbille teileafóin. Maidir le custaiméirí le fóin póca réamh-íoctha baintear na muirir as an gcreidmheas. I gcomhair roinnt pleananna praghsála réamh-íoctha is féidir idirbhearta an chuntais a bhreithniú ar láithreán gréasáin an tsoláthraí.
Is féidir glaoch ar aon cheann de na seirbhísí fiosrúcháin eolaí teileafóin ó theileafón ar bith, fón seasta, fón póca nó táillefón. Taispeánann na táblaí thíos na praghsanna a ghearrfaí ar úsáid na seirbhísí seo as líne talún de chuid eircom. Is féidir difríocht a bheith idir praghsanna, ag brath ar an gcomhlacht teileafóin a sholáthraíonn an tseirbhís agus ba cheart duit teagmháil leo chun praghsanna a fháil. Go háirithe bíonn difríocht idir muirir ó na fóin póca, ag brath ar an líonra, an plean praghsála, amanna ard/beag-éilimh agus an tseirbhís fiosrúchaín eolaí teileafóin a úsáidtear. Is féidir le táillí a bheith chomh hard le €1.30 nó €2.40 an nóiméad le haghaidh glaonna chuig fiosrúcháin an eolaí, náisiúnta nó idirnáisiúnta.
Fiosrúcháin Eolaí Teileafóin Náisiúnta
|
Tá CBL ar 21% áirithe sna praghsanna go léir |
Conduit |
eircom |
Numbers Direct |
|
An Uimhir le Glaoch |
11850 |
11811 |
11890 |
|
Íosmhuirear |
89.00 cent |
84.51 cent (céad 30 soicind) |
71.00 cent |
|
An praghas ó fhormhór na línte talún |
89.00 cent suiteáil móide 25.00 an nóiméad iar sin, gearrtha de réir an tsoicind |
84.51 cent don chéad 30 soicind móide 22.90 cent an nóiméad iar sin, gearrtha de réir an tsoicind |
71,00 cent an nóiméad móide 18 cent an nóiméad iar sin, gearrtha de réir antsoicind |
|
Líon na n-uimhreacha ar gach glaoch |
Gan Teorainn |
3 |
Gan Teorainn |
|
Muirir iar nascadh le huimhir |
25 cent an nóiméad (0.4166 cent an soicind) |
22.90 cent an nóiméad (0.3816 cent an soicind) |
18.00 cent an nóiméad (0.3 cent an soicind) |
|
Costas ar ghlaoch 30 soicind (Liostáil amháin) |
€1.02 |
84.51 cent |
71.00 cent |
|
Costas ar ghlaoch 1 nóiméad (Liostáil amháin) |
€1.14 |
95.96 cent |
71.00 cent |
|
Costas ar ghlaoch 3 nóiméad (ag áireamh 2 nóiméad le glaoch a chríochnú) |
€1.64 |
€1.42 |
€1.07 |
|
Costas ar ghlaoch 5 nóiméad (ag áireamh 4 nóiméad le glaoch a chríochnú) |
€2.14 |
€1.88 |
€1.43 |
|
|
Na praghsanna seo ceart ar 31ú Iúl 2007 |
|
|
Fiosrúcháin Eolaí Teileafóin Náisiúnta
|
Tá CBL ar 21% áirithe sna praghsanna go léir |
Conduit
|
Eircom
|
|
An Uimhir le Glaoch |
11860 |
11818 |
|
Íosmhuirir |
€1.20 |
€1.58 |
|
An praghas ó fhormhór na línte talún |
€1.20 suiteáil móide 60 cent an nóiméad iar sin, gearrtha de réir an tsoicind |
€1.58 don chéad 39 soicind móide 66.20 cent an nóiméad iar sin, gearrtha de réir an tsoicind |
|
Líon na n-uimhreacha ar gach glaoch |
Gan teorainn |
3 |
|
Muirir iar nascadh le huimhir |
60.00 an nóiméad, gearrtha de réir an tsoicind (1.00 an soicind) |
66.20 cent per nóiméad (1.1034 cent an soicind) |
|
Costas ar ghlaoch 30 soicind (Liostáil amháin |
€1.50 |
€1.58 |
|
Costas ar ghlaoch 1 nóiméad (Liostáil amháin) |
€1.80 |
€1.92 |
|
Costas ar ghlaoch 3 nóiméad (ag áireamh 2 nóiméad le glaoch a chríochnú) |
€3.00 |
€3.24 |
|
Costas ar ghlaoch 5 nóiméad (ag áireamh 4 nóiméad le glaoch a chríochnú) |
€4.20 |
€4.56 |
|
|
Na praghsanna seo ceart ar 8ú Eanáir 2007 |
|
An ndéanann na soláthraithe go léir de sheirbhís eolaí teileafóin na rátaí céanna a ghearradh?
Ní dhéanann. Bíonn rátaí difriúla ann, ag brath ar an líonra a úsáideann tú agus an tseirbhís a ghlaonn tú. Déantar na muirir a áireamh de réir mhuirir shuiteála sheasta nó de réir íosmhuirir, agus iar sin móide mhuirear de réir an tsoicind. Tharlódh go gclúdódh an t-íosmhuirear an chéad 30 soicind nó an chéad nóiméad don ghlaoch duit, ag brath ar an tseirbhís eolaí teileafóin a roghnaíonn tú.
Cad faoi na seirbhísí ‘um ghlaoch a chríochnú’?
I gcomhair na n-uimhreacha náisiúnta go léir, ach i gcás roinnt áirithe uimhreacha idirnáisiúnta amháin, ofrálfaidh roinnt seirbhísí fiosrúcháin tú a nascadh leis uimhir a loirg tú uathu. B’fhéidir go mbeadh seo úsáideach duit, ach ba chóir go mbeadh a fhios agat go gcosnódh sé cuid mhór sa bhreis ort ná dá nglaofá ar an uimhir tú féin. Ba chóir fios a bheith agat freisin má ghlacann tú leis an ofráil ‘glaoch a chríochnú’ go mb’fhéidir nach dtabharfaidís an uimhir a d’iarr tú duit. Mura mbeadh freagra ar an nglaoch ansin ní bheadh an uimhir agat chun glaoch ar ais níos déanaí tú féin.
Cad é an scéal é mura mbíonn an uimhir ag soláthraí na seirbhíse eolaí teileafóin?
Má tá an fhaisnéis cheart tugtha agat agus nach féidir leis an soláthraí seirbhíse eolaí teileafóin an uimhir atá uait a aimsiú, chiallódh sin, b’fhéidir. gur uimhir ‘neamh-eolaí-teileafóin’ atá ag an duine (nó an ngnó) agus nach mian leo a n-uimhir teileafóin a fhoilsiú.
Tabhair faoi deara freisin go mbeidh muirear ar do ghlaoch is cuma más féidir an uimhir a sholáthar nó nach féidir.
Cad iad na seirbhísí eile a ofrálann na soláthraithe seirbhísí eolaí teileafóin?
Ofrálann soláthraithe eolaí teileafóin na seirbhísí breise seo a leanas:
· Aimsitheoir gnóthaí – is féidir leo gnó éigin a aimsiú duit i gceantar áirithe, fiú amháin mura bhfuil an ainm agat. Mar shampla, dá mbeifeá ag iarraidh pluiméir a aimsiú i gcathair na Gaillimhe.
· Cuardach ar Idirlíon – bíonn eolaí lenar féidir leat uimhreacha teileafóin a aimsiú saor in aisce ar láithreán gréasáin ag cuid de na soláthraithe fiosrúcháin eolaí teileafóin.
· Faisnéis trí Théacs – tar éis duit uimhir a iarraidh ar an seirbhís, cuirfidh siad ar théacs í go dtí do fón póca.
Léiríonn an tábla thíos na seirbhísí difriúla atá ar ofráil ag na soláthraithe difriúla.
|
Oibreoir |
Conduit |
Eircom |
Numbers Direct |
|
Seirbhís |
|
|
|
|
Téacs (SMS – ‘short message service’) go dtí fón póca |
Tá |
Tá |
Tá |
|
Cuardaigh – Cónaí agus Gnó |
Tá |
Tá |
Tá |
|
Cuardach Idirlín |
Tá |
Tá |
Níl |
|
Uimhir seirbhíse an gcustaiméirí |
1800 923 433 |
1901 agus ansin roghnaigh “Agent” |
01 686 9100 |
|
Láithreán Gréasáin |
www.eircom.ie/11811 |
Conas is féidir liom gearán a dhéanamh leis an soláthraí fiosrúcháin eolaí teileafóin?
Más mian leat gearán a dhéanamh faoin seirbhís a fuair tú le linn duit an tseirbhís eolaí teileafóin a úsáid, ná glaoigh an uimhir 118XX nó déanfar muirear a ghearradh ort ar na rátaí um fhiosrúchán atá acu. Ba cheart duit glaoch orthu ag uimhreacha seirbhísí ar an liosta thuas.
Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?
Is féidir leat teagmháil linn:
Ar an dteileafón (Ló-Ghlaoch): 1890 229 668 (09.00r.n. go dtí 5.30i.n.), Luan go hAoine
Trí facs: 01 804 967180
Ríomhphost: consumerline@comreg.ie
Post: ComReg – Foireann na dTomhaltóirí
Lárionad Irish Life
Bloc DEF
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Ár láithreáin gréasáin: www.comreg.ie / www.askcomreg.ie / www.callcosts.ie
Séanadh dlíthiúil
D’ullmhaíomar an doiciméad seo as iliomad foinsí. Cé go ndearnamar cúram réasúnta á ullmhú níl muid sásta glacadh le freagracht ar bith as aon chaillteanas nó damáiste a fhulaingeodh duine ar bith de bharr úsáid na faisnéise seo.
Deireadh Fómhair 2007




