Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Treoir um Nascadh leis an Idirlíon

Is iomaí teaghlach Éireannach, gnólacht, eagras agus foras oideachas

a bhfuil an tIdirlíon mar pháirt anois de.   Tá rogha mór ann inniu

faoin mbealach is féidir nascadh a dhéanamh leis an Idirlíon.

 

Sa treoir seo cuirfidh muid síos ar:

• na roghanna atá ann chun nascadh leis an Idirlíon;

• na difríochtaí idir na cineálacha teicneolaíochta atá ar fáil duit;

• conas srian a choimeád ar chostais dhiailithe an idirlín; agus

• na nithe dar chóir a mheas nuair a bhíonn soláthraí á roghnú agat.

 

Cad é an bealach is fearr chun nascadh leis an Idirlíon?

Tá seo ag brath ar an úsáid atá tú chun baint as an Idirlíon.

• Más mear-rochtain atá uait, b’fhéidir go mbeidh fonn ort

uasghrádú a dhéanamh le do sholáthraí seirbhíse go dtí rochtain

ard-luais.  Le mear-rochtain is féidir leat cóir idirlín níos

sofaisticiúla a úsáid, cur i gcás scannáin a íoslódáil agus

comhaid cosúil le fótagraif a aistriú go tapa.

Baineann lucht gnó beaga tairbhe as an mear-rochtain trí na

costais ar líne a laghdú agus trí éifeacht níos fearr a bhaint

as am agus acmhainní.

• Má tá tú sásta le luas na córach diailithe Idirlín

atá agat b’fhéidir go dteastódh freisin uait smacht níos fearr a

choimeád ar an gcostas míosúil.  Is féidir leat roghnú a

dhéanamh as raon rátaí, lena n-áirítear ‘ráta cothrom’, ón

Soláthrái Seirbhíse Idirlín (SSI).

 

Cé atá le teagmháil?

Ní mór duit teagmháil a dhéanamh le gnólacht telecom agus

b’fhéidir freisin le Soláthraí Seirbhíse Idirlín (SSI).  Is minic gurb

ionann an dá dhream.  Cuirfidh an gnólacht telecom nó an SSI

an teicneolaíocht ar fáil duit chun ceangail leis an Idirlíon nó

chun an cónasc atá agat cheana a fheabhsú.  Is fiú comhlachtaí

difriúla a thriail le comparáid a dhéanamh idir tairiscintí difriúla. 

Braithfidh an cineál naisc a roghnóidh tú ar phointí difriúla,

ina measc:

cad atá ar fáil i do cheantar;

• an airde luais atá uait;

• an méid airgid a theastaíonn uait a chaitheamh; agus

.má tá tú sásta conradh a shíniú go ceann tréimhse áirithe ama.

 

Cad iad na teicneolaíochtaí a thugann rochtain níos

tapúla ar an Idirlíon?

Tá líne seasta teileafóin ag teacht isteach ina n-áitribh ag

formhór na dteaghlach agus na ngnóthaí beaga. Má úsáideann

tú líne seasta chun an idirlín a dhiailiú beidh tú ábalta é a rochtain

ar airde luais go dtí 56 cilighiotán sa soicind (KBps). Tá bealaí

níos tapúla fós chun nascadh leis an Idirlíon agus is éard a thugtar

orthu sin go minic ná teicneolaíochtaí ‘ard-luais’ nó ‘leathanbhanda’.

I measc na mear-theicneolaíochtaí seo tá an líne dhigiteach

rannpháirtí (LDR), an móideim cábla agus an rochtain shatailíte 

nó rochtain sheasta gan sreang.

 

Cén tairbhe atá ag baint as rochtain níos tapúla

a fháil ar an Idirlíon?

Le rochtain níos tapúla is féidir leat sonraí a íoslódáil (a shábháil)

agus a uaslódáil (a sheoladh) an-mhear ar fad.  Freisin is féidir

leat comhaid níos toirtiúla a sheoladh agus a ghlacadh.  Tá seo

ag éirí an-tábhachtach do mhion-ghnóthaí go mbíonn

orthu comhaid le dearaí, catalóga nó íomhánna a chraobhscaoileadh.

 

 

Teicneolaíocht ‘ar siúl gan stad’.

Bíonn roinnt mhaith de na teicneolaíochtaí ard-luais rochtana idirlín

‘ar siúl gan stad’.  Sa bhealach seo tá síor-cheangal agat le do Sholáthraí

Seirbhíse Idirlín ar  phraghas aontaithe caighdeánach.  Ní ghá duit diailiú

gach uair chun ríomhphost a ghlacadh.  Is áis an-úsáideach í seo don ghnó beag

mar sábhálann sé mór-chuid ama.

 

 

Teicneolaíocht                                        An Luas Tipiciúil             ‘Ar Siúl gan Stad’

      is airde  (KBps)1

Gnáth-líne seasta                                              56 KBps                                             

LDSC bunaigh (cónaitheach)                            128 KBps                                           

LDR                                                                 256 KBps – 1MB                               

Cábla                                                               150 – 600 KBps                                 

Satailít                                                  128 KBps – 2 MB                               

Rochtain Sheasta gan sreang                             128 KBps – 2 MB                               

1Braithfidh na luais a bhéas ar fáil ar an gcumrú atá ar do ríomhaire, an cineáil móideim a úsáidtear agus ar chumas an líonra.

 

Glaonna teileafóin a dhéanamh agus a ghlacadh

Cosúil le han-chuid custaiméirí sa bhaile, in oifigí baile agus in oifigí beaga, is é is dóichí nach

bhfuil agat ach líne amháin teileafóin i do áit cónaithe nó i d’ionad gnó.  Dá dheasca sin is féidir go mbeadh an líne teileafóin in áirithe le linn duit a bheith ar an idirlíon.  Mar sin féin, tá bealach fós ann le glaonna teileafóin a dhéanamh nó a  ghlacadh, fiú amháin má tá tú féin nó duine eile ar líne, má roghnaíonn tú na bealaí mear-rochtana idirlín, mar a bheadh LSDC agus LDR.

 

Ach i gcás teicneolaíochtaí leathanbhanda eile, cosúil le cábla, satailít agus an rochtain sheasta gan sreang ní bhíonn glaonna gutha de shíor á dtairiscint ar an gceangal céanna leis an nasc idirlín.  Bí ar an aire mar sin go mb’fhéidir go mbeadh ort an líne teileafóin a choimeád má theastaíonn uait glaonna a dhéanamh agus a ghlacadh.

 

Smacht a choimeád ar chostais an dhiailithe chun idirlín a rochtain.

Cad iad na praghsanna difriúla atá á dtairiscint?

 

I Mí Mheán Fhómhair 2006, rinneamar leathnú ar an láithreán

gréasáin www.callcosts.ie.  Chuireamar áireamháin isteach

ann i gcomhair línte seasta agus i gcomhair leathanbhanda.

Má chuireann tú an do phátrún úsáide idirlín agus

do sheoladh isteach san áis seo is féidir leat teacht ar an

bpacáiste idirlín agus an praghas is fearr atá ar fáil i do

cheantar féin.  Logáil isteach ar www.callcosts.ie chun tuilleadh

eolais a fháil mar gheall ar seo.

 

Cad iad na roghanna praghsála atá ar fáil?

De réir nóis go dtí seo, chun críche an idirlín,

bhain formhór na nÉireannach úsáid as taraifí méadraithe

nó as an gcóras ‘íoc mar a chaitheann tú’. Ní bhíonn

aon mhuirear míosúil ag cuid de na taraifí méadraithe agus

íocann tú an glao áitiúil gach uair a nascann tú leis an idirlíon. 

Tá cuid eile, bunaithe ar shíntiús, lena n-íocann

tú táille mhíosúil agus glao-chostais laghdaithe le linn duit

a bheith nasctha leis an idirlíon.  .

Má thoghann tú seirbhís ar ráta cothrom fanann an costas

mar an gcéanna is cuma cé chomh minic a dhiailíonn

tú, ar choinníoll go bhfanann tú laistigh d’iomlán na n-uaireanta

atá sa phacáiste.  Tá cineálacha éagsúla roghanna

ráta cothrom le ‘síntiús’ ann (ar a dtugtar go minic roghanna

neamh-mhéadraithe) de réir mar a léirítear sna samplaí

seo a leanas:

• ‘Ráta cothrom páirteach’ –

tá costais na nglaonna ag amanna socraithe agus/nó uimhir

uaireanta socraithe áirithe sa mhuirear agat.  Mar shampla

is féidir glaonna ar uaireanta beag-éilimh a bheith gan aon

chostas breise agus fós d’fhéadfadh naisc idirlín ar uaireanta

mór-éilimh a bheith ar chostas cent amháin an nóiméad.

• ‘Ráta cothrom iomlán’ – íocann tú méid

socraithe gach mí a áiríonn an t-am go léir a chaitheann

tú ar nasc leis an idirlíon.  Ba cheart duit a bheith ar aire

go mb’fhéidir go mbeadh polasaí i bhfeidhm maidir le

‘úsáid cóir agus cothrom’ nó ‘úsáid inghlactha’, a chuireann

teorainn le líon na n-uaireanta a úsáideann tú.  Réiteoidh

an rogha seo le haon duine sa bhaile nó le lucht gnó a

mheasann an-chuid ama a chaitheamh ar líne, ag am

an mhór-éilimh go speisialta.

 

Nithe le meas agat agus an soláthraí á roghnú.

Tá na líonraí agus na Soláthraithe de Sheirbhís Idirlín ag

dul i líonmhaire.  B’fhéidir go mbeidh cabhair le fáil agat

ónár láithreán gréasáin www.callcosts.ie le roghnú a dhéanamh

eatarthu go léir. Más maith leat an nasc idirlín atá agat a

fheabhsú nó má tá tú ag nascadh don chéad uair leis an idirlíon,

machnaigh ar na pointí seo a leanas:

• Bíodh tuairim agat faoi cé méid uaireanta atá romhat a bheith

ar líne gach mí agus cibé acu le linn beag-éilimh nó mór-éilimh

é sin.

• An mbeadh taca teicniúil de dhíth uait mórán?

• Cén chaoi a bheidh tú ag úsáid an idirlín – díreach i gcomhair

ríomhphoist nó chun comhad móra a aistriú?

• Cén bunábhar agus seirbhísí a theastaíonn uait a

rochtain agus a aistriú?

• Bhfuil tú sásta le diailiú gach uair chun ríomhphoist a ghlacadh?

• An dteastaíonn uait glaonna teileafóin a dhéanamh

agus a ghlacadh le linn duit a bheith ar líne?

 

 cinnte go ndéanfaidh tú na nithe seo a leanas a sheiceáil

le do chomhlacht telecom nó leis an Soláthraí Seirbhíse Idirlín:

 

• Cén trealamh breise is gá a úsáid i gcomhair

na seirbhíse (ar an dtuiscint go bhfuil ríomhaire agus móideim

cóirithe don Idirlíon agat cheana féin)?

• Más gá duit  conradh a shíniú do thréimhse shocraithe

(mar shampla bliain), cad iad na téarmaí agus na coinníollacha

atá ag gabháil leis, agus aon pholasaí faoi ‘úsáid chóir agus

chothrom’ a chur san áireamh’?

• Cad iad na costais míosúla (ag áireamh costais

an líonra agus costais an tSoláthraí Seirbhíse Idirlín?

• Cad iad na roghanna atá ann chun billí a íoc?

• An bhfuil teorainneacha le híoslódáil i dtairiscint na

seirbhíse agus, má tá, cad iad na costais má theitear

os cionn na dteorainneacha sin?

© 2013 Commission for Communications Regulation