The Consumer Website of the Commission for Communications Regulation

Uimhir éigeandála an AE

Cad é 112 ?

Is é 112 an uimhir ghutháin do sheirbhísí éigeandála i dtíortha an AE, ó ghutháin phóca
nó ó ghutháin shocraithe, saor in aisce. Samhlaigh go bhfuil tú ar cuairt i dtír AE is go bhfuil tú
i dtionóisc, nó mar fhinné ar cheann. An eol duit an uimhir le glaoch uirthi? Agus Eorpaigh ag taisteal níos minicí ar ghnó nó ar saoire, tharlódh go mbeadh an
fhadhb seo ag na milliúin. Ar an dea-uair, ní gá dul sa tóir ar uimhir éigeandála éagsúil do gach tír AE ina mbeidh tú. Cuimhnigh ar 112! Ní ghlacfaidh 112 ionad na n-uimhreacha éigeandála
náisiúnta. I bhformhór na dtíortha, oibríonn sí taobh leis na huimhreacha náisiúnta. Ghlac an Danmhairg, an Ísiltír is an tSualainn le 112 mar an t-aon uimhir éigeandála.

Cad a tharlaíonn nuair a ghlaonn tú?


Freagróidh oibritheoir oilte do ghlaoch. Ag brath ar an tír, pléifeadh an t-oibritheoir féin leis an iarratas nó cuirfear ar aghaidh thú chuig an tseirbhís éigeandála chuí.
Is minicí a bhíonn oibrithe in ann plé le glaonna 112 i mbreis is teanga amháin, rud atá tábhachtach do dhaoine a ghlaonn ar 112 agus iad thar lear. Tabhair d'ainm, do sheoladh, d'uimhir ghutháin. Is gá sin chun scairteoirí a aithint is mearbhall a sheachaint – b'fhéidir gur thuairiscigh roinnt daoine an tarlú céanna cheana. Ná croch suas má ghlaonn tú ar 112 trí thaisme!
Abair leis an oibritheoir go bhfuil gach rud i gceart. Mura ndéanann tú é sin, b'fhéidir go mba ghá cabhair éigeandála a chur amach le seiceáil nach bhfuil fadhb ann.

Glaoigh ar 112

Chun teagmháil a dhéanamh leis an seirbhís éigeandála in aon tír AEÓ fhóin shocraithe, ina measc íocfhóin, nó ó fhóin phóca, saor in aisce.

Cathain a thig leat glaoch ar 112?

Diailigh 112 in aon éigeandáil inar gá otharcharr, an bhriogáid dóiteáin nó na póilíní. Samplaí:
􀁄 Bhí tú i dtionóisc bhóthair thromaí, nó
mar fhinné ar cheann.
􀁄 Feiceann tú foirgneamh trí thine.
􀁄 Feiceann tú daoine ag briseadh isteach i
dteach
Ná glaoigh ar 112 chun teacht ar, mar
shampla:
􀁕 Tuairiscí tráchta
􀁕 Tuairiscí aimsire
􀁕 Eolas nó ceisteanna ginearáltatraffic
B'fhéidir go gcuirfeadh glaonna gan ghá róbhrú ar an gcóras, is beathaí na ndaoine
ar gá dóibh cabhair éigeandála dáiríre a chur i mbaol.
Tig le glaonna bréige tionchar a imirt ar an bhfreagairt ar éigeandálaí dáiríre. I ngeall
ar líon ard na nglaonna bréige, chinn an Bheilg, an Chipir, an Fhrainc, an tSlóivéin
is an Ríocht Aontaithe cosc a chur ar ghlaonna ó fhóin phóca gan chárta SIM.

© 2010 Commission for Communications Regulation