Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

An bhfuil fón póca agat?

 

An bhfuil fón póca agat?
An bhfuil do chreidmheas glaonna á ídiú níos tapúla ná mar a cheapann tú gur cheart?

Ar
   *chuir tú isteach ar chomórtas?
    *íoslodail tú glórghlao,cluiche nó páipéar balla?
    *vótáil tú i gcomórtas telefíse(mar shampla  The X Factor)
Bhuel,seans go bhfuil tú ag íoc Rátaí Seirbhísí Bisigh

Cad iad na Seirbhísí  Rátaí Bisigh?
Soláthraíonn  Seirbhísí Rátaí Bisigh eolas nó spraoi agus cuireann siad an costas ar aghaidh chuig do fhón póca.Má chuireann tú glao dar tús”15” nó téacs chuig garchóras soghluaiste dar tus “5”(mar shampla glórghlaonna.páipéir ballaí nó foláirimh cúl),cosnóidh sin airgead ort.!

An bhfuil 'fhios agat gur féidir íoc as téacs a ghlacadh ar do fhón póca?

Tá an chuid is mó de na seirbhísí rátaí bisigh go maith agus ní chothaíonn siad fadhbanna ach ba chóir duit bheith ar d'airdeall agus na treoracha seo a leanas a leanúint:
  :Bíodh 'fhios agat cad é an Ráta seirbhís bisigh(PRS)
  :Déan an costas a lorg
 :seiceail do chreidmheas glaonna go rialta
   :Bí cúramach má deireann sé “FREE/SAOR”Uaireanta  ní fhaigheann tú saor ach an tús agus íocann tú as an rud níos deanaí
    :Cuimhnigh,is féidir táille a íoc as téacsanna a ghlacadh.Léigh na téarmaí agus na coinníollacha chun a chinntiú go gciallaíonn “FREE” saor in aisce.
    :Ní fheidhmíonn glórghlaonna agus cluichí áirithe ar na fónpócaí go léir.Mar sin,sula gceannaíonn tú aon rud,bi cinnte go bhfeidhmíonn an t-earra ar do fhón féin.Má cheannaíonn tú an rud mícheart ní dócha go n-aisíocfar do chuid airgid!
    :Muna mbíonn tú 100% cinnte?Ná úsáid e!
    :Bíodh 'fhios agat cad atá á fháil.agat. .An Seirbhís sintiúise í?

Síntiús
Ciallaíonn “sintiús”níos mó ná ceann amháin den rud atá á ordú agat.Mar shampla,d'fhéadfadh ceann in aghaidh na míosa(ar nos irise),roinnt gach deireadh seachtaine(cosúil le foláirimh cúl) nó ceann laethúil(cosúil le tuismeá).Más ball de sheirbhís sintiúise tu,ciallaíonn sin gur aontaigh tú ar níos mó ná earra amháin a cheannach agus go gcuirfear táille ar gach téacs a fhaigheann tú go dtí go ndeireann tú”STOP”.

Conas is féidir liom éalú as seirbhís sintiúise?
Téacs an focal “STOP” ar ais chuig na huimhreacha a sheolann an téacs chugat.Ná scríobh aon fhocal eile ach “STOP”.D'Fhéadfadh aon fhocal ,nath nó caractar eile é a chur as feidhm.Má leanann na téacsanna ag teacht ,téigh i dteangmháil le ComReg.Is muidne an rialtóir ar Sheirbhísí Rataí Bisigh.Is féidir leat gearán a chur chugainn agus tógfaimid dáiríre é.

Cad eile gur chóir a bheith ar eolas agam?
-SPAM :Seo téacsanna nó glaonna a d'fhéadfaí a chur ort nuair nár iarr tú riamh iad.Ná freagair téacsanna nó glaonna SPAM riamh.Níor cheart go gcuirfeadh gnónna iad féin chun cinn an bealach seo.Ná tabhair aon sonraí pearsanta agus glan amach na téacsanna i gcónaí nó croch suas an fón.
-Ná líon foirm amach ar an idirlíon a iarrann do uimhir fhoin mar d'fhéadfadh sin tú a chur ar sheirbhís síntiúise tú.
_
   Uaireanta d'fhéadfaí dul i dteangmháil leat toisc go bhfuil tú ar liosta teangmhála.Cinntigh go bhfanann tú glan ó na liostaí seo le d'uimhir fhóin a choimead faoi rún.
-Má scrítear an costas róbheag nó má deirtear róthapaidh chun é a thuiscint ,bí cúramach.Bí cinnte go mbíonn 'fhios agat cén costas a ghabhann le rud  ionas nach bhfaigheann tú bille a bhainfidh geit asat.
--Má íocann do thuismitheoirí nó do chaomhnóir do chuid costaisí fón póca,téigh i dteangmháil leo sula síníonn tú  aon rud i leith earra nó seirbhíse.
--Seiceáil go bhfuil tú sean go leor le cur isteach ar chomórtas.Iarrfar i gcónaí cruthúnas aoise agus,mar sin,má bhuann tú ní bhronnfar an duais ort.
--Má fheiceann tú rud a fhógraítear mar “FREE” bí cúramach.Má dhealraíonn sé go bhfuil sé dochreidte,gach seans gurb amhlaidh atá.Tá sé éasca “sea”a rá ach sula gcuireann tú an uimhir isteach,féach ar na téarmaí agus ar na coinníollacha agus bíodh 'fhios agat cad a chiallaíonn an “sea” céanna.

Cé mhéad a chosnaíonn gach téacs ar an  ráta bisigh?
Brathann sin ar an uimhir ráta bisigh atá á húsaid agat.

Rangú uimhreacha                       Cineál Costais                              Rangú
51XXX                                       An ráta caighdeánach                 gan dul thar 0.16 CLS san áireamh
53XXX                                       biseach bunúsach                      gan dul thar 0.80 CLS san aireamh
57XXX                                        Biseach ard                             0.80 nó níos mó,CLS san áireamh

Fadhb leis an bhfón nó le bille fóin?
Labhair amach!-roinn do fhadhb!-labhair le do thuismitheoirí nó le do chaomhnóir!

Conas is féidir liom dul i dteangmháil le ComReg?
Ar an bhfón-(01)8049668/1890 229 668
(9.00r.n go dtí 5.30i.n)Luan go hAoine.
le faics:(01)8049680
le ríomhphost:consumerline@comreg.ie

Seo a leanas ár suíomhanna:
www.phonesmart.ie
www.comreg.ie/www.askcomreg.ie/www.callcosts.ie
Trid an bpost:Foireann Caiteoirí ComReg,Ionad Irish Life,Bloc DEF,Sraid na Mainistreach Iochtarach,BAC1.

© 2012 Commission for Communications Regulation