Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Conas teacht glan ar ghlaonna neamhiarrtha

                                                                      
Treoir chun cosc a chur le glaonna neamhiarrtha ó chomhlachtaí margaíochta díreacha.

Mar úsaidí teileafoin,is féidir leat clárú más/muna mian leat “glaonna fuara” nó glaonna neamhiarrtha a  ghlacadh ar do fhón.
Ciallaíonn “glaonna fuara” nuair a chuireann comhlacht glao ort gan chead agus iarrann earraí nó seirbhísí a dhíol leat.Ciallaíonn “glao neamhiarrtha” glao nár iarr tú.Tugtar margaíocht díreach air seo uaireanta.Tá sé éasca agus saor in aisce do rogha a chur in iúl. Ní gá ach  dul i dteangmháil le do sholáithreoir fónlíne-an chomhlacht lena n-íocann tú an cíos líne.
Ba chóir a chur in iúl go mbaineann na riachtanais rialtóra sa réimse seo le glaonna díreacha margaíochta amháin.Mar sin,tá sé dleathach,mar shampla,do chomhlachtaí iarraidh ort páirt a ghlacadh i suirbhé.Táimid freagrach as cumarsáid leictreonach(margaí fóin,ceangailte agus saor,telechumarsáid rátaí bisigh,cumarsáid raidió agus craoladh) agus na réimsí poist.Níos mó eolais ar fáil ar ár suíomh www.comreg.ie/

Sa treoir seo,déanaimid
*cur síos ar chonas do rogha a chur in iúl anois agus
*cur síos ar cad is féidir leat a dhéanamh má fhaigheann tú “glaonna fuara” i gcoinne do thola.

Conas a fheidhmíonn an próiséas?


Coinnítear na huimhreacha go léir atá sna leabhair theileafóin phoiblí nó atá ar fail trí fhiosrúcháin an eolaire i dtaifead lárnach darb ainm An tIonad Eolaire Náisiúnta(IEN).
Chun stop a chur leis na glaonna margaíochta díreacha téigh i dteangmháil le do sholáithreoir fóin agus abair leo nach bhfuil tú ag iarraidh na glaonna seo.Déanfaidh siad cinnte go bhfuil sé seo i dtaifead san NDD.Coimeádann an NDD an clár margaíochta díreach “ná cuir glao orm”.D'Fhéadfadh seo tógáil suas le cúig lá oibre.

Is féidir go dtógfadh sé suas le 28 lá tar éis don eolas a bheith i dtaifead san NDD do chomhlachtaí margaíochta teacht ar an liosta-gan-bheith páirteach.Brathann sé seo ar cé chomh minic is a dhéanann siad uasdhátú ar a liostaí féin.

Má tá líne fóin talún agat (líne-fóin ceangailte)agus muna dteastaíonn uait glaonna ó na comhlachtaí margaíochta direacha,ba cheart duit dul i dteangmháil leis an gcomhlacht a bhfuil an líne sin ar cíos agat uathu.
Má tá do líne teileafóin lasmuigh den eolaire níor cheart go bhfaighfeá glaonna margaíochta díreacha ón lucht margaíochta a úsáideann an  liosta ná-cuir glao orm de chuid an NDD.Ciallaíonn lasmuigh den eolaire nach liostáiltear do uimhir sa leabhar  clóbhuailte ná le fiosrúcháin  an eolaire.
Tá sé i gcoinne an dlí go gcuirfeadh gnó margaíochta díreach glao ort ar do fhón póca mura ndúirt tú roimh ré leo go raibh cead acu é sin a dhéanamh.Má théann siad i dteangmháil leat gan do chead agus muna dteastaíonn sé uait go nglaofaidís arís ort,iarr orthu gan dul i dteangmhail leat arís agus/nó déan gearán le hOifig an Choimisinéara um Shonraí a Chosaint (sonraí teangmhála thar leathnach).
Is féidir leis an oifig an comhlacht a fhiosrú nó a thabhairt chun dlí más gá.

Más mian leat glaonna díreacha margaíochta a ghlacadh ar do fhónpóca ba cheart duit dul i dteangmháil le do sholáithreoir fóin.Cuirfidh siad tú ar an liosta  Táim-sásta-glaonna -a -ghlacadh de chuid an NDD.

Freisin tá sé i gcoinne an dlí go ndéanfadh lucht margaíochta dírigh feidhm as teachtaireachtaí chun earraí a dhíol leat gan aontú roimh ré leat go raibh an cead sin acu é sin a dhéanamh.
Maidir le gnónna.is féidir téacsteachtaireachtaí a chur go dtí go n-iarrtar ar an seoltóir stopadh agus tá gach teachtaireacht as sin ar aghaidh i gcoinne an dlí.Is féidir breis eolais faoi seo a fháil ó Oifig an Choimisinéara um Shonraí a Chosaint(somraí teangmhála thar leathnach)

Cad mar gheall ar fhaicseanna neamhiarrtha?


Ní ceadmhach do chomhlachtaí margaíochta díreacha faicseanna a chur chuig aon chustaiméirí tí gan a gcead siúd a fháil roimh ré.

Chuig gnónna

Is ceadmhach do chomhlachtá margaíochta díreacha faicseanna neamhiarrtha a sheoladh chuig gnónna.Muna mian leat faicseanna a fháil ó chomhlachtaí margaíochta díreacha ,ba cheart duit a chur in iúl don chomhlacht nach bhfuil tú ag iarraidh na faicseanna sin,tá iallach orthu do thoil a ghlacadh.Má théann siad i dteangmháil leat arís is féidir leat dul i dteangmháil le hOifig an Choimisinéara um Shonraí a Chosaint chun gearán a dhéanamh.

Cad is féidir a dhéanamh má fhaigheann tú glaonna margaiochta i gcoinne do thola?

Ní thiteann na glaonna margaiochta go leir i réimse “glaonna neamhiarrtha” nó “glaonna fuara”.D'Fhéadfadh gnó dul i dteangmháil leat ar bhonn margaíochta má tharlaíonn gur custaiméir reatha nó le déanaí leo tú.Is féidir leis an ngnó é sin a dhéanamh má aontaigh tú ,mar chustaiméir nó iarchustaiméir,leo margaíocht díreach a ghlacadh uathu.
`
D'Fhéadfa glaoch margaíochta díreach a fháil uathu freisin má sholáthraionn tú sonraí fóin do chomhlacht,mar shampla,trí cur isteach ar chomórtas,cúpóin a shlánú,nó bróisiur a lorg.Mura mian leat go rachadh an comhlacht i dteangmháil leat,abair é sin agus do shonraí á dtabhairt agat dóibh.
Má fhaigheann tú glao margaíochta díreach ó chomhlacht nár dheighleáil tú riamh leo,nó nár sholáthraigh tú sonraí teangmhála dóibh,inis don chomhlacht sin nár mhaith leat aon teangmháil leo as sin amach.

Má fhaigheann tú glao breis is 28 lá i ndiaidh do do shonraí a bheith ar taifead  sa chlár níor-mhaith-liom-bheith-páirteach de chuid an NDD,nó i ndiaidh duit cur in iúl don chomhlacht i gceist gan dul i dteangmháil leat arís,b'fhéidir gur mhaith leat gearán a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara um Shonraí a Chosaint.Is féidir leis an Oifig seo an comhlacht a fhiosrú agus a thabhairt chun cúirte mas gá.

Ní thagraíonn na rialacha a bhaineann le comhlachtaí margaíochta díreacha le comhlachtaí taobh amuigh d'Eirinn.

Cad ba cheart a dhéanamh má fhaigheann tú glao taifeadta(uathoibrithe)margaíochta ón Ríocht Aontaithe

Ciallaíonn glao uathoibrithe glao nuair nach féidir leat labhairt le duine.De ghnáth cuimsíonn siad glaonna taifeadta a sheoltar chuig an té a fhreagraionn an teileafóin.Sa Ríocht Aontaithe ,tá sé riachtanach go ndeireann an glacadóir go bhfuil sé ag iarraidh glaonna uathoibrithe margaiochta a ghlacadh.Ní mór do na glaonna margaíochta a chuirtear trid an gcóras uathoibrithe aitheantas agus seoladh nó saorfhón a chur ar fáil inar féidir dul i dteangmháil leis an duine a chuir an glao.

Gearán a dhéanamh faoi theachtaireacht uathoibrithe margaíochta a fuair tú ón Ríocht Aontaithe

Má iarrann an glao uathoibrithe ort glao a chur ar uimhir ráta Bisigh an RA (ceann a thosnaíonn le 090),iarr comhairle ar PhonespaPlus  rialtóir an ráta bisigh ag www.phonespayplus.co.uk.

Do na glaonna eile a thagann ón AR is féidir dul i dteangmháil le hOifig Choimisinéir an Eolais(ICO) an  oifig neamhspleách a bunaíodh san RA chun teacht ar eolas oifigiúl a chur chun cinn agus chun eolas pearsanta a chosaint.Téigh i dteangmháil le do thoil leis an ICO chun comhairle a ghlacadh ag www.ico.gov.uk

Conas is féidir liom dul i dteangmháil le Coimisinéir um Eolas a Chosaint ?
ar an bhfón (057)868 4800 nó1890 252 231
le ríomhphost:info@dataprotection.ie
sa phost:Oifig an Choimisinéara um Shonraí a Chosaint,Teach an Chanála,Bóthar an Stáisiúin,Cúl an tSúdaire,Co.Laoise.

Conas is féidir liom dul i dteangmháil le ComReg?
Ar an bhfón:(01)804 9668 nó 1890 229 668
(9.00r.n go dtí 5.30i.n Luan go hAoine)
le faics:(01)804 9680
le ríomhphost:consumafna@comreg.ie
an post:Foireann Caiteoirí ComReg.Ionad Irish Life,Bloc DEF,Sráid na Mainistreach íochtarach,BAC 1.

ár suíomhanna idirlín:
www.comreg.ie/wwwaskcomreg.ir/www.callcosts.ie/www.phoneserrat.ie

Séantóir Dleathach
D'Ullmhaigh Comreg an doiciméad seo ó roinnt foinsí.Cé gur thugamar cúram réasúnta chun é a chur le chéile,ní ghlacaimid freagracht ar bith as caillteanas nó dochar a d'fhulaingeodh duine ar bith as eolas ar bith anseo a úsáid.

Meán Fómhair 2011

 

Chuig tithe

© 2012 Commission for Communications Regulation