Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Fánaíocht le Fón Póca

 Fánaíocht le Fón Póca

Sna laethanta seo tá níos mó ná riamh ag úsáid na bhfón póca thar lear.  Dá bhrí sin tá méadú ar an uimhir a dhéantar agus a bhfaightear thar lear de ghlaonna gutha, de théacsanna, de theachtaireachtaí ilmheáin (mar fhótagraif) agus den fhánaíocht shonraíochta (ar an idirlíon).

Rinneamar suirbhé a choimisiúnú i lár 2009 agus  thaispeáin sin go mba dhóigh lena leath d’ úsáideoirí na bhfón póca gurbh eol dóibh an t-uasphraghas de réir na rialacha chun glaonna a dhéanamh le linn fánaíochta san AE, agus ní dúirt ach 14% d’úsáideoirí gurbh eol dóibh an costas a bhain leis an idirlíon a rochtain agus iad ar fánaíocht.

Sa treoir seo:
• tugaimid leideanna mar chabhair duit roimh imeachta,
• tugaimid eolas chuig ar ár suíomh idirlíon, go dtí an rannóg um phraghsáil fánaíochta, agus
• míneoimid duit conas airgead a shábháil agus tú ag fánaíocht.

Cad a thuigtear le fánaíocht idirnáisiúnta?
Le cabhair na fánaíochta idirnáisiúnta tig leat d’fhón póca a úsáid má bhíonn tú thar lear.  Chun go dtarlódh seo, déanann soláthraí na seirbhíse gluaiste atá agat comhaontaithe le líonraí i dtíortha eile.   Nuair a úsáideann tú an fón thar lear ceanglaíonn d’fhón póca le líonra gluaiste áitiúil.  Cuireann an líonra iasachta bille
(muirear mórdhíola) chuig an soláthraí seirbhíse agatsa i leith na húsáide atá déanta agat.  Tar éis a gcostais féin a chur leis cuireann do sholáthraí féin bille chugatsa ansin.

Nithe le nótáil maidir le fánaíocht le fón póca
o I bhformhór tíortha tig leat an líonra gluaiste is rogha leat a phiocadh i gcomhair fánaíochta.
o Is féidir difir a bheith idir muirir a brath ar an líonra a thoghann tú agus i bhfad níos airde b’fhéidir ná sa bhaile.
o Lasmuigh den AE gearrfar táillí ort as glaonna chuig an líne um chúram custaiméirí  do sholáthraí seirbhísí gluaiste féin sa bhaile. Feicfidh tú saor-uimhir ar an scáileán beag le glaoch nuair a shroichfidh tú tír eile san AE.
o Gearrfar táille ort as glaonna a fháil le linn duit a bheith thar lear.
o Níl táille ar bith as teachtaireachtaí gutha a fháil san AE ach b’fhéidir go mbeadh táille as éisteacht leo.
o B’fhéidir go mbeadh ort íoc as glaonna a dhéanfaidh tú thar lear de réir incrimintí difriúla, mar shampla, de réir an nóiméid in áit an tsoicind.
o De ghnáth beidh íosmhuirear le híoc.
o Más réamh-íocóir tú, b’fhéidir go mbeifeá ábalta na muirir fánaíochta a fheiceáil má thugann soláthraí do sheirbhíse fóin phóca mion-shonraíocht ar an mbille saor in aisce ar líne.

Cad is fánaíocht iomrallach ann?
Tharlódh sin gan coinne dá bpiocfadh líonra eile suas an comhartha ó d’fhón póca.  Tharlódh a leithéid i gcóngar teorann idirnáisiúnta, mar shampla an teorainn idir an Phoblacht agus Tuaisceart Éireann.

Tá comharthaí raidió beag beann ar theorainneacha, agus má tá do theileafón réitithe chun ceangail leis an gcomhartha is treise atá ann, déanfaidh sé amhlaidh fiú mura dtéann tú thar teorainn.  Má tharlaíonn sin beidh ort muirir níos airde a íoc.  Ach bíonn muirir uile-oileánacha agus rátaí speisialta ar ofráil ag roinnt soláthraithe Éireannacha.  Mar sin, má bhíonn tú ag úsáid d’fhóin phóca le hais na teorann ba cheart duit seiceáil led sholáthraí seirbhíse.

Chun a leithéid seo a chosc:
• cuir an áis chun líonra a roghnú i d’fhón phóca as feidhm ionas nach gceanglódh sé le líonra eile ach amháin má roghnaíonn tusa é (féach treoir an ghléis láimhe chun seo a dhéanamh); nó
• smaoinigh ar phraghas-phlean a fháil a thugann lacáistí ar bhonn uile-Éireannach.

Má tá d’fhón póca réitithe chun líonra a roghnú go huathoibríoch is é is dóichí go mbeidh ort an bille a thagann dá bharr a íoc.

Fánaíocht – cad is cóir a dhéanamh sula n-imíonn tú thar lear

Téigh isteach ar www.callcoste.ie/roaming chun treoir idirghníomhach faoi phraghsanna fánaíochta a fháil.  Is féidir a sheiceáil freisin féachaint an fearr don úsáid atá pleanáilte agat an pacáiste fánaíochta atá ag soláthraí speisialta seirbhíse.

Breathnaigh suíomh gréasáin do sholáthraí seirbhíse agus, má gá, glaoigh ar a rannóg um chúram custaiméirí lena fháil amach:
• an bhfuil fánaíocht idirnáisiúnta ceadaithe faoin gconradh acu,
• an bhfuil praghas glaonna a dhéantar thar lear áirithe in aon ‘chuachadh’ atá agat uathu,
• cé méid a chosnóidh sé ort an fón a úsáid sa tír a bheidh tú ar cuaird inti – don idirlíon, glaonna agus teachtaireachtaí le chéile,
• an bhfuil tú ar phacáiste fánaíochta ag soláthraí speisialta seirbhísí,
• cén líonra a ofrálann na praghsanna fánaíochta is saoire sa tír a bheidh tú ar cuairt inti,
• cén ainm a thaispeánfar ar d’fhón le haghaidh an líonra sin,
• cén uimhir atá le glaoch chun teacht ar an rannóg seirbhíse custaiméirí (má bhíonn tú ag taisteal lasmuigh den AE),
• cén uimhir atá le glaoch agus cad iad na sonraí gléis láimhe .i. sraith-uimhir nó an t-Aitheantas Idirnáisiúnta um Threalamh Gluaiste (IMEI) atá le tabhairt mar chailltear nó má ghoidtear an gléas láimhe uait,
• conas seirbhísí tábhachtacha eile a chur i bhfearas (mar glórphost, glaonna ar atreo agus roghnú líonraí).

D’fhéadfadh an-chostas a bheith ag baint thar lear le húsáid an chárta sonraí, an dangal nó an mhéaróg USB.  Má théann tú i dteagmháil led sholáthraí seirbhíse chun praghsanna a sheiceáil seans go mbeidh tú ábalta rátaí níos ísle a aimsiú (mar shampla taraifí laethúla nó míosúla).  B’fhéidir go sábhálfá airgead mar sin agus bille a bhainfidh preab asat a sheachaint nuair a fhillfidh tú abhaile.  Féach taobh thall den leathanach le haghaidh mion-eolais ar theorainneacha fánaíocht na sonraíochta.

An chomhairle is fearr atá ag ComReg maidir le húsáid d’fhóin phóca thar lear

Tá sé níos daoire an fón póca a úsáid thar lear ná sa bhaile, ach ní chóir go mbacfadh sin ort fanacht i dteagmháil led chlann agus led chairde má leanann tú
an chomhairle phraiticiúil seo a leanas:

Sula dtéann tú
1. Seiceáil gur féidir an gléas láimhe atá agat a úsáid thar lear agus bíodh a fhios agat conas an ‘roghnú líonra’ a thoghadh de láimh, ionas go dtig leat an líonra is saoire thar lear a thoghadh.

2. Seiceáil an bhfuil fánaíocht áirithe sa chuntas fóin phóca atá agat.  Más réamh-íocóir tú, breisigh an creidmheas sula n-imíonn tú.

3. Seiceáil na praghsanna idirnáisiúnta fánaíochta ar an suíomh seo againne, www.callcosts.ie/roaming.

4. Seiceáil praghas úsáidte an idirlín thar lear led sholáthraí seirbhíse.

5. Abair led chairde téacsanna in áit glaonna a chur chugat nuair atá tú thar lear – níl aon chostas ar théacsanna a fháil i bhformhór tíortha.

6. Bíodh costais an ghlórphoist sa tír a bhfuil tú ag taisteal inti ar eolas agat – tá glaonna chuig glórphost saor san AE ach seans go mbeadh ort íoc as éisteacht leo.  Má tá uait an glórphost a chur as feidhm agus tú ar fánaíocht, cuir ceist ar do sholáthraí le haghaidh an treorach chuige sin.

7. Bí cinnte go mbíonn an uimhir i gcomhair cúraim chustaiméirí ó thar lear go dtí an soláthraí agat.  Má bhíonn tú san AE, beidh an uimhir luaite sa teachtaireacht fáilte a gheobhaidh tú agus saor ó chostas. Lasmuigh den AE, gearrtar táillí ar chúram chustaiméirí ar an ráta céanna le glaonna eile chuig Éire.

8. Déan uimhreacha tábhachtacha a liostú ar eagla go gcaillfí nó go ngoidfí an fón póca uait.  Nótáil an uimhir a  bheadh le glaoch chun cailleadh nó goid a thuairisciú agus na sonraí gléis láimhe a bheadh le tabhairt.

Nuair sroicheann tú an ceann turais

1. Coinnigh an ‘teachtaireacht fáilte’ a gheobhaidh tú nuair a shroicheann tú tír san AE.  Ní amháin go mbeidh rátaí na nglaonna, fánaíocht sonraíochta agus teachtaireachtaí inti, ach freisin bíonn saor-uimhir do sholáthraí seirbhíse i gcomhair cúraim custaiméirí inti agus uimhir na seirbhísí práinne.

2. Bíodh uimhir na seirbhísí práinne ar eolas agat: 112 san AE agus 911 i SAM agus i gCeanada.  Lasmuigh díobh sin seiceáil an uimhir ábhartha go háitiúil.

3. Teagmhaigh led sholáthraí láithreach má chailltear nó má ghoidtear an fón póca uait.  Mura ndéanann tú an teagmháil sin seans go mbeifeá freagrach as costais úsáidte d’fhóin sa tír sin.

4. Smaoinigh ar táillefón agus cárta teileafóin a úsáid.  Má chinneann tú gan an fón póca a úsáid seiceáil rátaí na dtáillefón – d’fhéadfadh na glaonna a bheith níos saoire dá mbainfeá úsáid as cárta teileafóin réamh-íoctha.  Ná húsáid cárta creidmheasa chun íoc as glaonna más féidir, mar bheadh na rátaí an-ard.

An dlí san AE maidir fánaíocht le fón póca

Tionscnaíodh Rialáil san AE don chéad uair maidir le Fánaíocht i Mí Lúnasa 2007 chun costas na fánaíochta le fóin póca san AE a rialáil.   Faoin rialachán seo:
• faightear glórphost agus téacsanna saor in aisce,
• tá teorainn leis an bpraghas chun glaonna a dhéanamh agus a fháil agus chun téacsanna a chur,
• caithfidh soláthraithe fón póca ‘teachtaireacht fáilte’ a chur chuig d’fhón le huimhir a gcúraim custaiméirí, uimhir na seirbhísí práinne agus sonraí praghsanna chun glaonna a chur nó a fháil, chun teachtaireachtaí a chur agus fánaíocht sonraíochta (tríd an idirlíon) le linn duit a bheith sa tír sin.
• Caithfidh soláthraithe seirbhísí fóin phóca teorainn a chur le fánaíocht sonraíochta laistigh de thréimhse billeála (€50.00 atá mar uath-theorainn, gan CBL), mura bhfuil cineál eile de theorainn tofa agat cheana.  Gheobhaidh tú teachtaireacht agus tú ag teacht i ngiorracht teorann d’fhánaíochta sonraíochta agus ní bheidh tú inniúil níos mó ná an teorainn ar do chuntas a chaitheamh nó a úsáid mura dtéann tú i dteagmháil le soláthraí do sheirbhíse fóin phóca.

Trí theileafón: (01) 804 9668 nó 1890 229 668*
(9.00rn go dtí 5.30pm, Luan go hAoine)
Trí facs: (01) 804 9680
Trí ríomhphost: consumerline@comreg.ie
Trí ghnáthphost:  ComReg - an Fhoireann um Thomhaltóirí,
Lárionad Irish Life, Bloc DEF, Sráid na Mainistreach Íochtarach,  
Baile Átha Cliath I
Is iad na suímh gréasáin atá againn ná:
www.comreg.ie / www.askcomreg.ie  / www.callcosts.ie

Tá ComReg freagrach as rialáil earnáil na cumarsáide leictreonaí (margaí teileafóin seasta agus gluaiste, teileachumarsáid ardráta, cumarsáid raidió agus tarchur craolacháin) agus táimid freagrach as earnáil an phoist a rialáil.

Séanadh Dlíthiúil
Réitigh ComReg an doiciméad seo as foinsí éagsúla.  Cé gur caitheadh cúram réasúnta lena réiteach, ní ghlacann ComReg freagracht ar bith as caillteanas ná damáiste ar bith a fhulaingeodh duine ar bith as an bhfaisnéis seo a úsáid.

Iúil 2010

© 2012 Commission for Communications Regulation