Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Gearáin

Treoirlínte ar ghearán a dhéanamh faoi sheirbhísí cumarsáide agus poist.


Cad is feidir leat a dhéanamh más mian leat gearán a dhéanamh faoi do fhón tí.d'fhon póca nó seirbhís poist.

 Insíonn an treoir seo duit faoi do chearta agus tú i mbun gearán a dhéanamh faoi sheirbhísí cumarsáide nó poist,seirbhísí ráta bisigh ina measc.Tá formhór na gcaiteoirí míchinnte faoi conas gearán a dhéanamh lena soláithreoir seirbhísí,agus cabhróidh an treoir leis na caiteoirí struchtúr a chur lena ngearán.Léirionn sé freisin ról ComReg sa phróiséas gearáin.

Sa treoir seo:
 *mínímid cad  is gá don soláithreoir seirbhíse a dhéanamh agus é ag deighleail le do ghearán
 *liostálaimid na pointi gur cheart smaoineamhorthu agus tú i mbun gearáin;
 *liostálaimid na céimeanna le glacadh má tá tú míshásta le hiompar do sholáithreora agus é i mbun do ghearán a chíoradh
 *mínímid ról ComReg agus conas is féidir linn cabhrú leat;
 *cuirimid liosta iomlán d'eagraíochtaí caiteoirí ar fáil agus
 *cuirimid sonraí teangmhála de sholáithreoirí Seirbhísí Poist ar fáil

 Tá dualgas ar sholáithreoirí cumarsáide agus poist cód cleachtais ar conas deighleáil le gearáin a bheith acu.Iniata sa chód  seo faightear na sonraí go léir a theastaíonn uait má theastaíonn uait gearán a dhéanamh,ina measc;
 *cé leis gur cheart dul i dteangmhail más mian leat gearán a dhéanamh
 *cén fhaid a thógfaidh sé freagra a thabhairt ar do ghearán;
 *cad iad na céimeanna le réiteach a fháil ar do ghearán.Clúdoidh sé sin fráma ama (suas go 10 lá oibre)chun teangmháil le ComReg mas gá sin;
agus
 *a bhfuil i dteideal agat maidir le haisíocaíochtaí,íocaíochtaí cúitimh agus íocaíochtaí a chludaíonn aon chaillteanas a d'fhulaing tú.
Tá dualgas ar sheirbhisí ráta bisigh polasaí gearán a bhunú agus a chur i bhfeidhm.


Táimid freagrach as na cumarsáidí leictreonacha (margaí fón idir thalún agus shoghluaiste,telechumarsaid ráta bisigh,cumarsáid raidió agus craoltoireacht)agus reimsí poist a rialú.

 

Is féidir teacht ar pholasaí gearán do sholáithreora seirbhise ar a suiomh gréasain nó trí glao a chur ar a línte cabhrach.Tá cód gearán An Phoist ar fáil freisin in oifigi an phoist.


 *Bí soiléir faoi na fadhbanna agus tabhair sonraí.
 *Tabhair deis don soláithreoir seirbhíse do ghearán a réiteach.
 *Coimeád taifead den dáta agus an t-am a rinne tú an gearán.
 *Iarr uimhir thagartha do do ghearán.
  *Déan nóta d'aon gheallúint a deineadh ag an solaithreoir seirbhíse.


Muna bhfuil tú sásta leis an mbealach inar deighleáladh le do ghearán,is féidir iarraidh go dtabharfar ardú ceime do do ghearán.Ciallaíonn seo go dtugtar do ghearán chuig leibhéal níos airde laistigh den eagraíocht.De ghnáth ciallaíonn seo go gcuirtear do ghearán chuig “foirne tacaíochta dara-líne”an tsoláithreorra seirbhíse.D'fhéadfadh seo a bheith ina cheannaire foirne nó ina bhainisteoir le gearáin níos casta na gcaiteoirí a réiteach.


Má bhraitheann tú nar deighleáladh i gceart le do ghearán tar éis duit céimeanna gearán an tsoláithreora seirbhíse a úsáid,d'fheadfadh go mbeidh ComReg in ann cabhru leat.

Déanfaimid iarracht cabhrú leat trí dhualgaisí an tsoláithreora a mhíniú duit,agus tabharfaimid tuairim réadúil ar an toradh is dócha a bheidh ar do ghearáin

Má bhaineann do ghearán le dualgaisí  cosanta  chaiteora an tsoláithreora seirbhíse ,iarrfaimid ar an soláithreoir seirbhíse ath-iniúchadh a dhéanamh ar do ghearán.


Nuair a chuirimid do ghearán ar aghaidh chuig an soláithreoir seirbhíse,tá fúthu fanacht i dteangmháil leat chun an deacracht a réiteach.Coimeádfaimid súil ar dhul chun cinn do ghearáin agus nuair a chuireann an soláithreoir seirbhíse in iúl go bhfuil an deacracht réitithe,déanfaimid an réiteach a iniúchadh agus féachfaimid go bhfuil do bhuairimh go léir pléite.


De ghnáth,deanann na soláithreoiri seirbhíse iarracht na gearain a réiteach laistigh de 3-10 lá oibre.Má bhíonn do ghearán níos casta,d'fhéadfadh sé bheith níos faide;más amhlaidh atá,ba cheart go gcuirfi ar an eolas tú faoi cad atá ag tarlu maidir le do ghearán.Ba cheart do sheirbhisí poist aitheantas a thabhairt do ghearán a glacadh laistigh de 3 lá oibre.


Sula gcuireann tú do ghearán chuig ComReg,ba cheart duit na rudaí seo a leanas a sheiceáil:

 *An bhfuil do ghearán tugtha agat don soláithreoir seirbhíe cheana féin?Muna bhfuil,le do thoil, téigh i dteangmhail le do sholáithreoir seirbhise,mínigh an scéal dóibh agus inis dóibh gur mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh leo.
  *An bhfuil do ghearán á dhéanamh agat in am?Tá sé riachtanach gur tharla an fhadhb go bhfuil tú ag gearán fúithi
  ^do dheacrachtaí cumarsáide,laistigh de 9 mí anuas;agus
   ^do dheacrachtaí poist,tá sé riachtanach gur tharla an fhadhb go bhfuil tú ag gearán fúithi
       -laistigh de mhí tar éis duit earra poist a fhail;
      -laistigh de 3 mhí de earra a chur sa phost in Eirinn;
       agus
        -laistigh de 6 mhí ón dáta a cuireadh earraí idirnáisiunta sa phost;

     ^do dheacrachtaí seirbhíse ráta bisigh,laistigh de 3 mhí an glao a chur nó ó tharraingt siar ó shíntiús

 *An tusa an duine buailte ag an deacracht?Go rialta,is tusa an duine gur cheart an fhadhb a fhulaingt (an cuntasaí le haghaidh gearáin chumarsaide agus ráta bisigh,nó an té a chuir nó a fuair an t-earra maidir le gearáin poist).I  gcásanna áirithe,ámh,oibreoidh ComReg le daoine nó eagraíochtaí eile.

*Baineann seo leis An Post,an soláithreoir cruinne seirbhíse (SCS)agus oibritheoirí eile poist a thairgeann seirbhíse cruinne..Maidir le gach oibritheoir poist eile,le do thoil léigh a dtearmaí agus a gcoinníollacha.Tá sonraí na n-oibritheoirí ar fáil ar shuíomh gréasáin ComReg www.comreg.ie.
 *Do shonraí teangmhála,d'uimhir fhóinphóca chomh maith,mas feidir,i leith gearan foin;agus lánseoladh poist i leith gearan poist.
 *An t-ainm atá ar an gcuntas agus uimhir an chuntais(má oireann)
 *Uimhir an rata bisigh,má bhaineann an gearan le seirbhísi rata bisigh
 *Sonraí an ghearáin ,chomh maith le huimhir thagartha anghearain.
 *Sonraí faoi iarchumarsaidí leis an solaithreoir seirbhíse.
 *Ráiteas soiléir ag cur in iúl cad is mian leat a bhait amach as do ghearán a dhéanamh.

Nuair a thugann tú eolas dúinn,caithfidh tú a rá linn an bhfuil aon sonraí faoi leith nach dteastaíonn uait go gcuirfimid ar aghaidh chuig an soláithreoir seirbhíse.

 

*An Post
Seirbhís an Phobail,ArdOigig an Phoist,SAORPHOST,BAC 1.
Fón:                  (01)705 7600/1850 57 58 59
Faics :             (01)809 0900
Ríomhphost :   customer.services@anpost.ie
Tá sonraí na Soláithreoirí Udaraithe Seirbhísí Poist go léir ar ár suíomh
www.askcomreg.ie

 

Tá sonraí na Solaithreoirí seirbhísí ráta bisigh go léir ar ar suiomh
www.phonesmart.ie

 

 

Cúrsaí Poist
*Oifig Fhear an Phobail(An Post amhain)
  Fón:    (01)639 5600/ 1890 223 030
 suíomh:  www.ombudsman.gov.ie

*Udarás Craoltóireachta na hEireann:
Fón:(01) 644 1200
Suíomh:www.bai.ie

Cúirt na gCúiteamh Beag-Seirbhísí na Cúirte
Fón:(01)888 6000
Suiomh:www.courts.ie

*Udaras Caighdean Fógraíochta na hEireann
Fón:(01)613 7040
Suíomh:www.asai.ie

Ionad na gCaiteoirí Eorpach
Fón:(01) 879 7620
Suíomh:www.eccireland.ie

Oifig an Choimisinéara um Shonraí a Chosaint
Fón:(057 868 4800/1890 252 231
Suíomh:www.dataprotection.ie

*Foras Naisiunta na gCaiteoirí
Fón:(01)402 5533/1890 432 432
Suíomh: www.nca.ie

Ar an bhfón:(01)804 9668 Nó 1890 229 668
(9..00r.n go dtí 5.30i.n,Luan go hAoine)
An an bhfaics:(01)804 9680
Ar an ríomhphost:consumerline@comreg.ie
Tríd an bpost :Foireann Caiteoirí ComReg,Ionad Irish Life,Bloc DEF,Sráid na Mainistreach íochtarach,BAC1.
Ár suíomhanna:www.comreg.ie/www.askcomreg.ie/www.callcosts.ie/www.phonesmart.ie
:

Séantóir Dleathach:D'ullmhaíomar an doiciméad seo as foinsí ilghnéitheacha.Cé gur ullmhaíomar é le cúram réasúnta,ní ghlacaimid freagracht ar bith as aon chaillteanas nó dochar a d'fhulaingeodh duine ar bith as aon chuid den eolas seo a úsáid.

© 2012 Commission for Communications Regulation