Seirbhísí an Ráta Bisigh
Cad iad Seirbhísí an Ráta Bisigh?
Go bunúsach,tairgeann Seirbhísí Ráta Bisigh seirbhísí eolais agus spraoi,gur féidir teacht orthu trí fhón póca,faics,telefís idirghníomhach digiteach,an tIdirlíon nó uathdhialóir ar an ríomhaire.
Cuirtear na seirbhísí Ráta Bisigh chun cinn sna nuachtáin agus sna hirisí agus ar an telefís,an raidió agus ar an idirlíon.
I measc na samplaí faightear
*glórghlaonna agus paipéir bhalla
*cluichí
*vótáil telefíse (mar shampla,The X Factor)
*Tuismeánna
*Siceolaithe no seirbhísí spraoi eile
*Foláirimh spóirt(mar shampla,folairimh cúl)
*comórtais
*tuaranna aimsire
*Línte cabaireachta
*Eolas gnó
Cé mhéad a chosnaíonn Seirbhísí Ráta Bisigh?
Glaonna fóin-Cosnaíonn glaonna chuig seirbhísí Ráta Bisigh ó linte talún níos mó ná na gnáthghlaonna (mar shampla,d'fheadfadh glaonna chuig uimhreacha dar tús 1520 cosaint suas go 30cent nuair is féidir glaonna chuig uimhreacha dar tús 1590 cosaint suas chuig 3.50.De ghnáth bíonn na costaisí ó fhóin póca nios airde fiú.Brathann an costas sin ar Oibritheoir an Ghréasáin Soghluaiste.
Téacsanna-ag seoladh nó ag glacadh téacsanna ó Ráta Bisigh
Cosnaíonn an tseirbhís (mar shampla,cur isteach ar chomórtas nó vóta a chaitheamh)níos mó ná an gnáthchostas téacs a chur.Athraionn an costas ag brath ar an gcéad uimhir den gharchód cúig fhigiúr (mar shampla,d'fhéadfadh téacsanna chuig nó ó 53XXX cosaint suas go 80cent,nuair nach bhfuil limistéar da laghad ag baint le costas téacs chuig nó ó 57XXX).
Ag cosaint custaiméiri a úsáideann Seirbhísí Ráta Bisigh
Tá ComReg ainmnithe ag an Rialtas mar rialtóir Sheirbhísí an Ráta Bisigh in Eirinn.Is é ár ngnó ná caiteoirí a chosaint tri cabhrú leo roghanna eolacha a dhéanamh agus
*seirbhísí ráta bisigh a aithint
*na costaisí a ghabhann leo a aithint
*na téarmaí agus na fadhbanna a d'fhéadfadh bheith ann a thuiscint
*an smacht a choimeád
*cinntí aibí eolacha a dhéanamh
*Seirbhísí an Ráta Bisigh a úsáid go muiníneach
Leagaimid na caighdeáin ar chur chun cinn,ábhar agus feidhmiu na seirbhísí Rata Bisigh,a aithníonn na daoine gur féidir bheith leochaileach,go mór mór páistí.Cuirimid iallach ar sholáithreoiri Seirbhísí Ráta Bisigh
*Eolas soiléir agus cruinn maidir le costaisí
*ábhar fógraíochta agus seirbhíse macánta
*cothaithe oiriunacha do spriocghrúpaí faoi leith
a chur ar fáil.
Muna gcloíonn soláithreoirí Seirbhísí an Ráta Bisigh leis na caighdeáin a leagaimid,feidhmeoimid go tapaidh chun aon dochar do chustaiméirí a mhaolú.Déanfaimid iniúchadh ar ghearáin faoi sheirbhísí an Ráta Bisigh agus,má bhristear rialacha,cuirfimid an ceadúnas feidhme ar fionraí nó tarraingeoimid siar é ón gcomhlacht freagrach.I gcásanna níos dáiríre,d'fhéadfaimis an soláithreoir Seirbhísí Ráta Bisigh a chúisiú.Déanfaimid na fiosrúcháin go cothrom fuarchúiseach.Níl costas ar bith ag baint le gearán a dhéanamh.
Seirbhísi an Ráta Bisigh ar mo fhón póca.
D'fheadfadh costas a bheith i gceist ní hamháin le téacs a chur ach freisin le téacs a ghlacadh.D'fhéadfadh na costaisí seo dul i méid go tapaidh más ball de sheirbhís sintíuise soghluaiste tú.Is é seo nuair atá costas leanúnach i leith earra nó seirbhíse in ionad táille amháin.Sampla de seo ná seirbhís sintiúise foláireamh spóirt nuair a leagtar táille gach uair a chuirtear téacs chuig do fhón póca,le,abraimís,toradh peile.
Ach níor shínigh mé seirbhís sintiúise
D'fhéadfadh gur shínigh tú ag seirbhís sintiúise i ngan fhios.Má fheiceann tú uimhir ar do bhille fóin agus níl fhios agat cad í nó cén fáth ar ghlaoigh tú uirthi,nó má thugann tú faoi deara go bhfuil do chreidmheas ag ídiú níos tapúla ná mar ba cheart,dar leat,tá seans ann go bhfuil tú sínithe ag Seirbhís Sintiúise Ráta Bisigh.
Conas is féidir liom stop a chur leis an seirbhís sintiúise--------?
Ba cheart go bhféadfá deireadh a chur leis an seirbhís sintiúise le téacs leis an bhfocal “STOP”a sheoladh ar ais chuig an uimhir a sheolann na téacsteachtaireachtaí.
“STOP” an t-aon fhocal gur cheart a scríobh.D'fhéadfadh nach bhfeidhmeoidh aon fhocal,nath nó caractar eile.Má leanann na teachtaireachtaí ag teacht i ndiaidh duit an focal “STOP” a chur,téigh i dteangmháil le ComReg ar an toirt.
Ar cheart dom bheith buartha faoi na Seirbhísí Ráta Bisigh a úsáid?
Eagraítear an chuid mhór is mó de na seirbhísí Ráta Bisigh go freagrach agus ní chothaíonn siad deacrachtaí.Ach,muna dtuigeann tú conas a fheidhmíonn na Seirbhísí Ráta Bisigh nó más íobartach tú i bhfeall ráta bisigh,d'fheadfadh sin cur isteach go mór ort agus billí móra a chruhu.Tá sé tábhachtach an smacht a choimeád trí tú féin a chur ar an eolas faoi conas a fheidhmíonn seirbhís an ráta bisigh.,ce mhéad a íocfaidh tú agus cad a gheobhaidh tú.
Seo roinnt treoracha chun fanacht glan ón bhfeall:
*Bí ar an eolas faoi chonas Seirbhís an Ráta Bisigh a aithint.Is uimhreacha an chuid is mó díobh a thosaíonn le 15XX.Beidh na seirbhísí fónpóca cosúil le glorghlaonna agus foláirimh spóirt ar uimhreacha garchód cúig fhigiúr (mar53XX,57XX nó 59XX).
*Léigh an cló beag (na téarmai agus na coinníollacha)i gcónaí ar aon fhógra i leith Seirbhís an Ráta Bisigh sula gcinneann tú ceannach.
*Bí ar d'airdeall faoi thairscintí “saora” nó duaiseanna galánta.Má tá cuma dhochreidte ar rud,gach seans gurb amhlaidh atá.
*Bí cúramach cé dó go dtugann tú d'uimhir.Uaireanta tuigtear do sholáithreoirí gur conradh é soláthar d'uimhir fóin dóibh ag an tús an Ráta Bisigh a cheannach agus leagfaidh siad táille ort níos déanai dá bharr.
*Ná freagair aon téacsteachtaireacht nó glaonna fograíochta riamh nár iarr tú.Ní chuireann comhlachtaí freagracha a seirbhísí chun cinn sa bhealach seo.
*Má tá tu sínithe ag seirbhís síntiuise ar do fhón póca agus teastaíonn uait stopadh,ní gá ach an focal “STOP”a aischur chuig an uimhir téacs deireanach a fuair tú ón soláithreoir seirbhíse.
*Coimeád súil ar do bhille fóin nó ar do chreidmheas glaonna.Ma tá táillí nach n-aithníonn tú,labhair le do chomhlacht foin.Más mian leat cosc a chur le glaonna an Ráta Bisigh ó do fhón nó ó do ríomhaire,fiafraigh de do chomhlacht fóin faoina roghanna “glao a dhiúltú”.
*Roinn na treoracha seo le do pháistí agus le haon duine eile a úsaideann do fhón.
Cad ba cheart dom a dhéanamh má ghearrtar táille an Rata Bisigh orm nár iarr mé?
1.Bailigh na fíricí.
*Seiceail do bhille fóin chun fáil amach cad iad na huimhreacha is costaisí.Má tá cuntas fónpóca réamhioctha agat téigh i dteangmháil le do sholáithreoir seirbhíse(Vodafone,O2,Meteor,3 nó Tesco) chun an t-eolas a fháil.
*clobhuail an garchód soghluaiste isteach sa chlár uimhreacha ar shuíomh greasáin ComReg(www.phonesmart.ie)Inseoidh sin duit ainm na seirbhíse,agus ainm,uimhir theileafóin agus seoladh an chomhlachta atá ina bun.Ag an bpointe seo,b'fhéidir go rachadh sé i gcion ort gur theastaigh uait glao a chur ar an uimhir sin.Ach,munar theastaigh uait an uimhir a úsáid is féidir na sonraí a chuir clár uimhreacha ComReg ar fáil duit a úsáid chun dul i dteangmháil díreach le soláithreoir na seirbhíse.
*Má fhaigheann tú téacsteachtaureacht agus munar fios duit cé uaidh,ná glan amach é.Cuir fios ar do chomhlacht fóin soghluaiste agus fiafraigh an féidir leo aon eolas a chur ar fáil faoin té a chuir an téacs agus ,an gcosnaíonn sé aon rud ort an teacs a ghlacadh.
*Ma ghearrtar táille ort as an téacs agus má cheapann tú nár shínigh tú chun é a ghlacadh,cuir glao ar ComReg nó líon amach ár bhfoirm gearáin ar-líne.Is gá an uimhir ónar tháinig an téacsteachtaireacht agus ábhar an téacs a sholáthar.
2.Téigh i dteangmháil le ComReg má tá tú buartha faoi ábhar,cur chun cinn nó feidhmiú aon seirbhíse Ráta Bisigh.Chun breis eolais faoi ComReg a fháil,agus conas is féidir linn cabhrú leat,tabhair cuairt le do thoil ar ár suiomh gréasáin www.phonesmart.ie
Roinnt Focal mínithe
uathdhialaitheoir-Is cineál bogearra ríomhaire é seo gur féidir leis uimhreacha a dhialú go huathoibritheach ó do ríomhaire féin.Is féidir le huathdhialaitheoirí áirithe casadh ón uimhir ata á dialú aige ar uimhir eile ,de ghnáth ceann a chosnaíonn níos mó airgid.Is féidir le seo tarlú i ngan fhios duit féin.
Glao-dhiúltú-Is féidir leat iarraidh ar do chomhlacht fóin cosc a chur le glaonna an ráta bisigh ó do fhón.Ciallaíonn seo nach ligfidh do fhón duit glao a chur ar uimhir an ráta bisigh('sé sin,uimhir a thosaíonn le 15)
Roghnaigh-isteach-Má úsaideann tú seirbhísí áirithe,seans go roghnófar isteach tú(.i..do shonraí teangmhála a chur ar fáil) ar chomhad fíricí fógraíochta..Más mar sin atá,comhairleoidh an chéadchothaitheoir tú agus cuirfidh sé ar an eolas tú conas roghnú amach as an gcomhad fíricí seo.
Réamh-íoc-Ciallaíonn seo creidmheas a cheannach ionas go mbeidh tú in ann glaonna a dhéanamh ó do fhón.A luaithe is atá an creidmheas idithe,caithfidh tú breis creidmheasa a cheannach sular féidir leat aon ghlao eile a chur.
Costaisí leanúnacha-Seo costaisí a thagann aníos arís is arís.Tá nasc idir costaisí leanúnacha agus seirbhisí síntiúise.
Garchód:seo cód cúig fhigiur ag tosú leis an uimhir 5(sin é 5XXX)gur féidir téacs a chur chuige chun seirbhís a ordú(mar shampla,foláirimh cúl,tuismeánna,scéalta grinn)
SPAM-D'fhéadfadh seo bheith ina theachtaireacht téacs,glao fógraíochta nó bileog nar iarr tú a chuirtear chuig do fhón,ríomhphost nó teach.
Seirbhísí síntiúise-Seo nuair a fhaigheann tú níos mó ná ceann amháin de na rudaí atá á ordú agat.Mar shampla,le seirbhís tuismeá,d'fhéadfá tuismeá nua a fhail gach lá.Le seirbhís foláirimh cúl,d'fheadfá roinnt folaireamh a fháil i rith an deireadh seachtaine.
Páipéar ballaí-Seo patrúin ar scáileán d'fhóin póca.Faigheann tú patrúin áirithe saor in aisce nuair a cheannaíonn tú an fón póca ach is féidir leat toiliú ceann eile a cheannach.
Conas is féidir liom dul i dteangmháil le ComReg?
Ar an bhfón-(01)8049668/1890 229 668
(9.00r.n go dtí 5.30i.n)Luan go hAoine
le faics:(01)804 96 80
le ríomhphost:consumerline@comreg.ie
Seo a leanas ár suíomhanna:
www.comreg.ie/www.askcomreg.ie/www.callcosts.ie
Trid an bpost:Foireann caiteoirí ComReg,Ionad Irish Life,Bloc DEF,BAC1.




