Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

Treoir le haghaidh conarthaí leathanbhanda agus aistriú soláthraithe

Treoir le haghaidh conarthaí leathanbhanda agus aistriú soláthraithe


Tá raon mór de sholáthraithe ann anois chun seirbhísí seasta, gluaiste agus leathanbhanda a chur ar fáil d’úsáideoirí.  Má tá tú gafa le soláthraí amháin tharlódh go mbeadh seirbhís nó raon seirbhísí ar luach níos fearr agus a fheilfeadh níos fearr dod ghnó arna thairiscint ag dream éigin eile .

Tá an treoir seo curtha le chéile againn chun:
• chun comhairle a thabhairt duit maidir le haistriú idir soláthraithe fóin agus/nó leathanbhanda, agus
• na príomh-phointí a chur ar d’aire má bhíonn tú ag dul faoi chonradh.


Cad is ceart dom a sheiceáil sula n-aistreoinn?

• Téigh isteach sa suíomh gréasáin seo againne agus seiceáil an praghas is fearr atá ar fáil le haghaidh na seirbhíse is fearr a oireann duit féin.  Tá an suíomh seo saor in aisce, athnuaite, furasta a úsáid, neamhspleách agus clúdaíonn sé formhór na bpleananna teileafóin, gluaiste agus leathanbhanda atá ar fáil in Éirinn.  Tá naisc ann freisin le téarmaí agus le coinníollacha na soláthraithe maidir le gach praghas-phlean agus leis an gcód cleachtais a oibríonn siad chun déileáil le gearáin.

• Teagmhaigh le do sholáthraí nó féach ar na téarmaí agus na choinníollacha le sheiceáil:
o cad é an tréimhse chonartha is lú atá mar cheangal ort,
o an bhfuil ort fógra roimh ré le tabhairt chun an conradh a chealú, agus
o an bhfuil pionós le gearradh ort má críochnaíonn tú an conradh atá ort faoi láthair.

Mura bhfuil tú cinnte cén soláthraí atá agat anois le haghaidh glaonna éagsúla tig leat na huimhreacha seo a leanas a dhiailiú ón dteileafón atá i gceist agus éisteacht le teachtaireacht ar thaifead a chuirfidh ar na eolas tú:
• 19822 do ghlaonna áitiúla,
• 19801 do ghlaonna náisiúnta, agus
• 19800 do ghlaonna idirnáisiúnta.

Cén t-eolas a bheadh uaim chun soláthraí a aistriú?

Ba chóir go mbeadh uimhir do Chuntais Uilíoch (UCU) ar eolas agat.  I gcás teileafóin baile is cóir go mbeadh an UCU ar an mbille agat.  Más ag athrú ó Eircom atá tú, úsáidfidh tú uimhir chuntais Eircom (UCE).  Má tá tú ag aistriú ó sholáthraí d’fhóin phóca, is ionann an uimhir chuntais agus uimhir theileafóin an fhóin phóca.

Cad iad na ceisteanna ba cheart dom a chur ar sholáthraithe eile sula ndéanfainn aistriú?

• An dtig liom an cód cleachtais, na téarmaí caighdeánacha agus na coinníollacha chonartha i gcomhair custaiméirí a fheiceáil?
• Cad í an tréimhse chonartha is lú agus cad a tharlaíonn nuair an bhíonn an tréimhse sin caite?  An leanann an conradh ar aghaidh?
• Cad a tharlaíonn má bhíonn uaim an conradh a chríochnú sula mbíonn an tréimhse is lú caite?
• An bhfuil praghas-liosta priontáilte le fáil agam?
o An gcaithfinn íos-shuim áirithe a chaitheamh gach mí?
o An bhfuil lascainí speisialta ar fáil?
o An ngearrfaí íos-mhuirear nó muirear suiteála ar gach ghlaoch a dhéanfainn?
o Conas a ghearrtar na muirir – de réir an tsoicind, na tríocha soicind nó de réir an nóiméid?
o An mbíonn muirir eile, cosúil le muirir i gcomhair ceangail?
o Cad iad na hamanna ard-bhroide agus lag-bhroide?
• Conas is féidir liom teacht ar na praghsanna is déanaí?
• Conas a chuirfidh sibh in iúl dom má tá athruithe le teacht ar phraghsanna nó ar coinníollacha eile an chonartha?
• Conas is féidir liom teacht ar chóip den pholasaí dícheangail atá agaibh?
• Conas a íocfainn an bille?
o An mbeadh orm íoc trí dhochar díreach?
o Cé chomh minic a bhfaighinn bille?
o An bhfaighinn bille páipéir?
o An dtig liom na billí a fheiceáil ar líne?
• Cén fhaid a thógfaidh an t-aistriú?
• An bhfuil orm aon ní eile a dhéanamh faoi sheirbhísí eile cosúil le glórphost agus urchosc ar ghlaonna?


Aire: Mura bhfuil tú ach ag lorg tuilleadh eolais faoin tseirbhís ná sínigh aon fhoirmeacha agus ná tabhair sonaí faoi do chuntas.

Cad ba cheart dom a lorg i gconradh sula gcuirfinn mo shíniú leis?

Mar thomhaltóir, de réir dlí tá tú i dteideal chonartha a fháil. Caithfidh an méid seo a bheith sa chonradh ar a laghad:
• ainm agus seoladh an tsoláthraí sheirbhíse;
• na seirbhísí a sholáthraítear, caighdeáin cáilíochta na seirbhísí agus na tréimhsí feithimh ar an gcéad ceangal;
• na cineálacha seirbhísí ar ofráil i gcomhair cothabhála;
• sonraí na bpraghsanna agus na dtaraifí agus conas sonraí athnuaite a fháil maidir le taraifí agus muirir cothabhála;
• fad an chonartha agus na coinníollacha chun é a athnuachan nó a chríochnú;
• eolas ar aon socruithe maidir le cúiteamh nó ais-íocaí mura sroicheann an soláthraí na caighdeáin seirbhíse; agus
• bealaí chun gearáin nó gníomhaíochta le conspóidí a réiteach.

Ní bhaineann sé le cúram ComReg téarmaí agus coinníollacha chonartha a fhaomhadh.  Tá sé fút féin iad a ghlacadh nó iad a dhiúltú.

Mura nglacann tú le téarmaí atá ar thairiscint, ná téigh faoin gconradh.  Mura bhfuil na míreanna ar an liosta thuas clúdaithe faoin gconradh cuir ceist ar do sholáthraí seirbhíse mar gheall air.  Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a gheobhaidh tú uathu, ansin is féidir leat an cheist a chur faoi bhráid ChomReg.

Ag síniú i gcomhair seirbhíse

Chomh luath is a chinneann tú ar sheirbhís teileafóin agus/nó leathanbhanda áirithe a thógáil ar láimh, tig leat dul faoi chonradh le soláthraí seirbhíse ar cheann amháin de thrí bhealaí.
• Tig leat aontú ar an teileafón, gan foirmeacha nó doiciméid ar bith eile a shíniú.  Úsáidfidh an soláthraí seirbhíse duine ar a dtugtar gníomhaire dearbhaithe lena dheimhniú leat go bhfuil tú sásta dul chun cinn leis an gconradh.  Nuair atá seo dearbhaithe (deimhnithe) agat leo ar an teileafón tá tú faoi cheangal ag an gconradh ansin.  Má tá an gníomhaire dearbhaithe ag obair don soláthraí seirbhíse is éard a thugtar ar an bpróiseas seiceála seo ná Údarú Gutha Chustaiméara (ÚGC).  Má tá an gníomhaire neamhspleách ón soláthraí seirbhíse is éard a thugtar air ná Dearbhú Tríú Pháirtí (DTP). 
• Tig leat ‘Foirm Údaraithe Chustaiméara’ (FÚC) a shíniú.  Is í an fhoirm seo an modh traidisiúnta chun aontú a dhéanamh.  Ní mór duit a bheith sásta to dtuigeann tú an fhoirm i gceart, agus an tseirbhís atá á thairiscint.  Nuair atá an fhoirm sínithe agat tá tú ceangailte faoi chonradh leis an soláthraí seirbhíse.  Tig leat an FÚC a shíniú ar pháipéar nó ar fhearas digiteach (ag doras do thí).
• Tig leat leagan ar líne (eFÚC) den Fhoirm Údaraithe Chustaiméara a shíniú, sin ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhíse de ghnáth.  Má dhéanann tú seo tá aontú ceangailteach á chruthú agat.  Molaimid duit, mar sin, go gcoimeádann tú cuntas ar na sonraí a chuireann tú síos agus na nithe a bhfuil tú tar éis síniú ar a son.

Is cuma cén chaoi a théann tú faoi chonradh, ba chóir go n-inseodh an soláthraí duit cad atá le déanamh má thagann tú ar mhalairt aigne.

An mbeadh orm a rá leis an soláthraí atá agam go bhfuil mé chun aistriú a dhéanamh?

De ghnáth, ná ghá duit é a rá leo mura bhfuil sé ráite sa chonradh go gcaithfidh tú fógra cealaithe a thabhairt dóibh.  Seiceáil na téarmaí agus na coinníollacha sa chonradh atá agat agus féach an bhfuil a leithéid luaite.  Féach freisin na cúinsí difriúla luaite thíos. 

Má theastaíonn uait an tseirbhís teileafóin agus leathanbhanda a fháil ón soláthraí céanna
Ní ghá duit aon tseirbhís leathanbhanda a chealú sula n-aistríonn tú.  Téigh ar aghaidh agus déan teagmháil le pé soláthraí nua is rogha leat. 

Má theastaíonn seirbhís teileafóin agus leathanbhanda uait don chéad uair.
Teagmhaigh leis an soláthraí ar mhaith leat an tseirbhís a fháil uathu.

Má tá tú ag aistriú ó sheirbhís dhiailithe idirlín chun leathanbhanda a fháil ó sholáthraí nua
Ní dhéanfaidh an leathanbhanda an tseirbhís dhiailithe idirlín a chealú mar ghnás, dá bhrí sin beidh ort an diailiú a chealú tú féin mura bhfuil sé uait a thuilleadh.

Má theastaíonn uait do sheirbhís teileafóin a aistriú chuig soláthraí nua agus do sheirbhís leathanbhanda chuig soláthraí nua eile.
Má tá sé i gceist agat an leathanbhanda a fháil trí do líne teileafóin beidh ort aistriú chuig an soláthraí nua seirbhíse teileafóin i dtosach.  Gheobhaidh tú uimhir cuntais nua, rud a bhéas ag teastáil uait nuair a bheidh tú ag aistriú an tsoláthraí leathanbhanda.

Aire: Ní cheadaíonn roinnt soláthraithe teileafóin a sholáthraíonn leathanbhanda freisin dá gcustaiméirí an leathanbhanda a ghlacadh ó sholáthraí eile.  Bí cinnte go bhfiosróidh tú faoi sin agus tú ag scrúdú na roghanna atá agat.

Mura bhfuil na seirbhísí teileafóin agus leathanbhanda uait a thuilleadh
Má tá na seirbhísí teileafóin agus leathanbhanda ag teacht ó sholáthraithe difriúla, caithfidh tú teagmháil neamhspleách a dhéanamh le gach soláthraí d’fhonn an conradh a chealú.  Ba cheart duit an leathanbhanda a chealú roimh an seirbhís theileafóin.

Cén chúis a gcuireann an sean-sholáthraí litir chugam tar éis dom athrú a dhéanamh chuig soláthraí nua?

Cuireann an sean-sholáthraí an litir sin lena sheiceáil an bhfuil do thoil tugtha don athrú.  Ní ghá duit an litir a fhreagairt ach amháin mura bhfuil an rogha déanta agat soláthraithe a aistriú.

Má tá soláthraithe aistrithe agat ní thig leis an sean-sholáthraí teagmháil leat d’fhonn seirbhísí a thairiscint mura bhfuil an cead sin tugtha go neamhbhalbh agat dóibh le linn duit bheith id chustaiméir leo.  Má cheadaigh tú an teagmháil sin ach gur tháinig tú ar mhalairt aigne iar sin, tig leat a rá leo nach dteastaíonn uait cloisteáil uathu a thuilleadh.

Cad is féidir liom a dhéanamh dá n-aistreofaí mo sheirbhís gan aon chead uaimse?

Má tharla leithéid, ba chóir duit an soláthraí nua a theagmháil agus a fhiafraí díobh cén chaoi agus cé h-é a thug cead dóibh seilbh a ghlacadh ar do sheirbhís.  Iarr orthu cóip nó taifead den údarás sin a thabhairt duit.  Mura mbíonn tú sásta go raibh an t-údarás ceart tugtha, téigh i dteagmháil le líne na dtomhaltóirí atá ag ComReg.

Dá dteastaíodh uait filleadh ar an sean-sholáthraí, beadh ort teagmháil leo tú féin agus d’uimhir Chuntais Uilíoch (UCU) a thabhairt dóibh. 
Bheadh ort an uimhir sin a fháil ón soláthraí nua, is cuma má chuadar i mbun na seirbhíse gan cead uaitse.

An mbíonn orm m’uimhir theileafóin a athrú?

Ní bhíonn.  Sa ghnáth-chás tig leat an uimhir a choinneáil.  ‘So-iompar Uimreacha’ a thugtar ar an áis seo agus ligeann sé do chustaiméirí na huimhreacha teileafóin a choinneáil is cuma cén soláthraí teileafóin a bhíonn acu.

Tá trí chineál so-iompair uimhreacha ann: geografach, neamh-gheografach agus so-ghluaiste.
• Le so-iompar geografach tig le custaiméir teileafóin sheasta ar bith uimhir/uimhreacha teileafóin a aistriú chuig aon soláthraí seirbhíse eile atá ar fáil.
• Le so-iompar neamh-gheografach tig le custaiméirí an tseirbhís neamh-gheografach atá acu a aistriú (seirbhís nach bhfuil ag brath ar cód cheantair áitiúil, cosúil le freephone, lo-call nó uimhir Phrótacail Ghutha thar Idirlíon).
• Le so-iompar so-ghluaiste tig le custaiméirí fóin phóca an uimhir a choinneáil is cuma cén soláthraí a úsáideann siad.

An mbeidh briseadh seirbhíse agam le linn an aistrithe?

Ní bheidh, ba chóir go mbeadh aon aistriú chuig soláthraí nua gan briseadh ar bith.

Cad a tharlaíonn má thagaim ar mhalairt aigne?

De gnáth bíonn ‘tréimhse faoisimh’ ag baint le conradh agus tig leat d’aigne a athrú laistigh den tréimhse sin.  Tá an tréimhse sin folaithe faoi Rialacháin Cian-Dhíolacháin an Aontais Eorpaigh.  Bíonn an Ghníomhaireacht Tomhaltóirí Náisiúnta ag seiceáil go gcloíonn soláthraithe in Éirinn leis na Rialacháin seo.

Ag brath ar an gcaoi a ndeachaigh tú faoi chonradh leis an soláthraí nua, tharlódh go mbeadh 7 lá agat le d’aigne a athrú.  Tig leis an dtréimhse faoisimh tosú nuair a théann tú faoi chonradh seirbhíse nó ag an am a fuair tú dearbhú an chonartha, bíodh sin i bhfoirm litre, facs nó ríomhphoist.  Má athraíonn tú d’aigne tig leath an soláthraí nua a theagmháil agus cealóidh siad an conradh.  Bí cinnte go dtabharfaidh tú an treoir sin i scríbhinn ionas gur féidir é a dhearbhú níos déanaí más gá.

Ní bhacann na rialacháin don soláthraí an tseirbhís a thógáil ar láimh le linn na tréimhse faoisimh.  Mar sin, cé go bhfuil cead agat cealú a dhéanamh gan phionós sa tréimhse, beidh ort íoc as aon teileafón agus/nó leathanbhanda a úsáideann tú sa tréimhse.

Cad a tharlaíonn má athraím mo sheoladh ach gur mian liom an soláthraí seirbhíse a choinneáil.
Níl le déanamh ach dul i dteagmháil leis an soláthraí agus inseoidh siadsan cad is cóir duit a dhéanamh.

An bhfuil cead ag an soláthraí seirbhíse conradh a athrú?

Tá, ceadaíonn an dlí don soláthraí seirbhíse téarmaí agus coinníollacha a gcuid sheirbhíse a athrú, na praghsanna san áireamh.  Ach, ní foláir dóibh na hathruithe a chur in iúl duitse ar a laghad mí roimh ré agus a rá leat go bhfuil sé de cheart agat an conradh a chríochnú laistigh de mhí, gan phionós, mura nglacann tú leis an athrú / na hathruithe.

Cad é an scéal má tharlaíonn locht ar an líne seasta agam?

Má tá locht ar an líne seasta agat, téigh i dteagmháil le do sholáthraí.  Socróidh siad le hinnealtóir chun na faidhbe a réiteach.  Is cuma cén soláthraí atá i gceist, ba chóir go bhfaigheadh gach úsáideoir an leibhéal céanna seirbhíse chomh fada is a bhaineann le lochtanna a dheisiú.

Má tá gearán agam, cad a dhéanfaidh mé?

Tabharfaidh do sholáthraí seirbhíse duit cóip den chód cleachtais atá acu nuair a ghlacfaidh tú an tseirbhís uathu nó déarfaidh siad leat conas cóip a íoslódáil.  Beidh na sonraí go léir ansin maidir le gearán a dhéanamh.

Mura bhfuil mé sásta leis an tslí a láimhseáladh an gearán, cad a dhéanfaidh mé?

Mura mbíonn tú sásta fós tar éis dul tríd an bpróiseas gearáin atá ag an soláthraí, téigh i dteagmháil le ComReg ag (01) 804 9668 nó 1890 229 668*


Maidir le ComReg

Tá ComReg freagrach as rialáil earnáil na cumarsáide leictreonaí (margaí teileafóin seasta agus gluaiste, teileachumarsáid ardráta, cumarsáid raidió agus tarchur craolacháin) agus táimid freagrach as earnáil an phoist a rialáil.

Teagmháil le ComReg
Trí theileafón: (01) 804 9668 nó 1890 229 668*
(9.00rn go dtí 5.30pm, Luan go hAoine)
Trí facs: (01) 804 9680
Trí ríomhphost: consumerline@comreg.ie
Trí ghnáthphost:  An Fhoireann do Thomhaltóirí, ComReg,
Lárionad Irish Life, Bloc DEF, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath I

Is iad na suímh gréasáin atá againn ná:
www.comreg.ie / www.askcomreg.ie  / www.callcosts.ie


Séanadh Dlíthiúil

Réitigh ComReg an doiciméad seo as foinsí éagsúla.  Cé gur caitheadh cúram réasúnta lena réiteach, ní ghlacann ComReg freagracht ar bith as caillteanas ná damáiste ar bith a fhulaingeodh duine ar bith  as an bhfaisnéis seo a úsáid.

Iúil 2010

* Gearrtar ráta an ghlao áitiúil ar ghlaonna chuig uimhreacha 1890.  Is féidir difríocht a bheith idir glaonna ó fhóin póca, ag brath ar an soláthraí seirbhíse.

 

 

© 2012 Commission for Communications Regulation