Broadband, Phone and Postal information for the Irish consumer from ComReg

VoIp As Gaeilge

Prótacal Gutha thar Idirlíon
 

Réamhfhocal
Sa Treoir seo:
· cuirtear síos ar cad a thuigtear le PGtI agus an chaoi a oibríonn sé
· tugtar noda duit mar chabhair chun trealamh a cheannach, agus
· luaitear bealaí a rachadh PGtI chun sochair duit mar úsáideoir.
 

Maidir le ComReg

Tá ComReg freagrach as rialáil earnáil na cumarsáide leictreonaí (margaí teileafóin seasta agus gluaiste, teileachumarsáid ardráta, cumarsáid raidió agus tarchur craolacháin) agus táimid freagrach as earnáil an phoist a rialáil.
 

Cad a thuigtear le Prótacal Gutha thar Idirlíon (PGtI)?

Is teicneolaíocht í Prótacal Gutha thar Idirlíon (PGtI) a chuireann ar do chumas glaonna teileafóin a dhéanamh, thar cheangal leathanbhanda de ghnáth, in áit thar gnáth-líne teileafóin.  Úsáideann PGtI ‘teicneolaíocht an phacáiste’ agus ciallaíonn sin go n-úsáidtear na cainéil cumarsáide ar mhodh níos éifeachtaí ná na ceangail teileafóin traidisiúnta.
 

Conas a oibríonn sé?

Is féidir glaonna teileafóin ar PGtI a dhéanamh ar trí bhealaí.
 

1. Cuibheoir Teileafóin Analógach
Is í an tslí is simplí le glao PGtI a dhéanamh ná CTA a úsáid, is é sin Cuibheoir Teileafóin Analógach.  ‘Geata’ a tugtar air uaireanta.  Leis an bhfearas seo is féidir leat do ghnáth-theileafón a úsáid.
 
Le glao PGtI a dhéanamh ní ghá ach an ghnáth-ghléas láimhe a phlugáil isteach i do ríomhaire nó sa cheangal atá agat leis an idirlíon.
 
Gabhann an CTA an comhartha analógach as do ghnáth-theileafón agus déantar comhartha de atá oiriúnach le cur thar an idirlíon.
 
Uaireanta, le CTA, b’fhéidir go bhfaighidh tú:
·               roghnú chun glaonna amach a dhéanamh idir PGtI agus an ceangal caighdeánach teileafóin, agus
·               aistriú i gcomhair glaonna isteach idir PGtI agus an ceangal caighdeánach teileafóin atá agat
 

2.Fón PGtI
Is gléas láimhe speisialta PGtI é seo atá an-chosúil le ghnáth-teileafón. Bíonn sé ceangailte leis do ródaire nó le do ríomhaire, trí port Ethernet nó USB de ghnáth (an sliotán a úsáidtear i gcomhair méaróg chuimhne).
 
Tá oiread bog-earraí a bhéas de dhíth ort sa ghléas láimhe cheana féin chun glaonna PGtI a chur nó a fháil agus tairgtear bealach mear neamhchostasach ann chun Prótacal Gutha thar Idirlíon a úsáid.
 

3.  Ríomhaire chuig ríomhaire ag úsáid bog-earraí agus teileafón PGtI
Mar a thuigfí ón dtéarma, is éard atá anseo ná bog-earraí ar an ríomhaire agat féin maille le ceangal idirlíon chun teagmháil le duine eile lena mhacasamhail de bhog-earraí ar an ríomhaire acusan.  Cé is moite de na bog-earraí, bíonn micreafón, callairí, carta fuaime oiriúnach agus ceangal mear idirlín de dhíth id ríomhaire féin freisin.
 

B’fhéidir go mbeadh ort roinnt ama a chaitheamh ag cur an mhicreafóin agus na callairí i bhfearas lena dheimhniú go n-oibríonn an fhuaim i gceart agus nach mbíonn aisfhotha ar bith ann i rith an ghlao.  Is féidir aisfhotha a sheachaint má choinníonn tú an micreafón agus na callairí achar beag scartha óna chéile, na callairí a dhíriú sa treo eile ón micreafón agus a chinntiú nach bhfuil an fhuaim ró-ard sna callairí. 
 

Cad iad na buntáistí a bhaineann le PGtI?

Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le PGtI is ea gur féidir le costas na glaonna a bheith mórán níos ísle, go speisialta na cian-ghlaonna.  Fiú amháin is féidir le glaonna a bheith saor in aisce ar uairibh, cur i gcás má ghlaonn tú ar dhaoine atá ar an líonra céanna PGtI leat féin.
 
Buntáiste eile le PGtI is ea gur féidir leat an gléas láimhe a stoitheadh amach as cuibheoir an ríomhaire, imeacht leat chuig áit éigin eile (áit ar bith ar domhain beagnach), pluga an ghléis láimhe a shá isteach i gceangal eile agus leanúint ar aghaidh díreach mar a bheifeá sa bhaile.  Oibriú seachránach a thugtar ar a leithéid seo.
Cad iad na seirbhísí a dtig le soláthraí PGtI a thairiscint?
Taobh amuigh de ghnáth-sheirbhísí glaonna, tharlódh go n-ofrálaidís freisin:
·               glaonna físeáin, agus
·               glaonna comhdhála.
 

Tugann roinnt seirbhísí roghanna ardchórais maidir le bainistiú glaonna.  Tá siad bunaithe ar aitheantas an ghlaoiteora agus ligeann siad duit cinneadh a dhéanamh faoi conas glaonna ó uimhir éigin a láimhseáil.  Mar shampla, sa ghnáthchúrsa b’fhéidir go mbeifeá ábalta go huathoibríoch:
·               an glao a chur chuig uimhir eile,
·               an glao a stiúradh chuig do ghlórphost, nó
·               an glao a dhiúltú.
 

Le seirbísí PGtI tig leat glórphost a sheiceáil tríd an ngréasán nó teachtaireachtaí gutha a cheangal le ríomhphost a chuirtear chuig do ríomhaire nó chuig fearas láimhe.
 

Difríochtaí idir soláthraithe PGtI

Ní hiad na bun-sheirbhísí céanna a bhíonn á dtairiscint ag na soláthraithe PGtI go léir. Cé gur féidir níos mó roghanna, tuilleadh gnéithe, a bheith á dtairiscint acu, agus ísliú i bpraghsanna go hiondúil, b’fhéidir, maidir le cuid acu go háirithe, nach mbeadh na háiseanna go léir acu a mbeadh taithí ag an húsáideoirí orthu sa ghnáth-sheirbhís teileafóin sa bhaile.
Go ginearálta, bí ar d’aire maidir leis na difríochtaí seo a leanas:
·               Ní oibríonn roinnt seirbhísí ach ar do ríomhaire nó ar theileafóin speisialta PGtI, ach oibríonn seirbhísí eile le fón traidisiúnta agus cuibheoir.
·               Is féidir go gcuirfeadh roinnt soláthraithe PGtI teorainn ort gan glaoch ach ar dhaoine a úsáideann PGtI, ach ligeann cuid eile duit glaoch ar aoinne a bhfuil teileafón acu, agus uimhreacha áitiúla, náisiúnta, gluaiste, idirnáisiúnta agus seoltaí idirlín a chur san áireamh.
·               Tharlódh nach lamhálfadh roinnt seirbhísí atá ann anois duit glaonna práinne chuig 999/112 a dhéanamh.  Sna cásanna sin bheadh ort an líne seasta nó an fón póca a choimeád.
 

Seiceáil sula gceannóidh tú

Cé go dtugann an treoir seo cuntas gairid ar líne faoin mbealach a oibríonn PGtI agus tugtar samplaí de threalamh agus de sheirbhísí PGtI, ní féidir linn leaganacha áirithe ná soláthraithe áirithe a mholadh.
 

Bí cinnte go ndéanfaidh tú taighde cheart ar an margaí is fearr agus an trealamh is fearr sula dtéann tú faoi chonradh ag aon bhranda ar leith.
 

Cad ba cheart dom a mheas agus mé i mbun PGtI a roghnú?

Cuir na ceisteanna seo a leanas ar do sholáthraí ionas go dtig leat rogha ar bhonn faisnéise a dhéanamh:
·               An gcaithfidh mé m’uimhir teileafóin a athrú chun seirbhís PGtI a úsáid.
·               An ligeann an tseirbhís dom na huimhreacha práinne 999/112 a dhiailiú?
·               An bhfuil áiseanna cosúil le cuidiú eolaire, liostaí eolaire agus oibreoir mhalartáin ar fáil.
·               An bhfuil ‘tréimhse cheangailte’ (íostréimhse) a gcaithfinn a íoc nuair a síneoidh mé an conradh?
·               An mbeadh an tseirbhís PGtI ag brath ar an gcomhacht leictreachais atá agam?
·               Má úsáidim cuibheoir CTA ar ghá dom é a luchtú tríd an bpríomhchumhacht leictreachais?
·               An mbeadh cúltaca cumhachta ar fáil dá ngearrfaí an leictreachas?
·               Má bhíonn fadhb éigin le leathanbhanda agam an ligfí dom mar chúltaca dul ar ais ar an gceangal teileafóin traidisiúnta?

Cá bhfuil tuilleadh faisnéise ar fáil?


Foilsímid sraith de threoirlínte do sholáthraithe PGtI maidir leis an mbaint a bhíonn acu le custaiméirí.  B’fhéidir go mba mhaith leat breathnú ar seo lena thuiscint cén chaoi a dhéileálfadh an soláthraí leatsa.  Is treoirlínte deonacha iad seo ach tá cód cleachtais réasúnta iontu agus tá meas ag formhór na soláthraithe orthu.  Tá teacht agat ar na treoirlínte seo ar www.comreg.ie

Conas is féidir liom teagmháil le ComReg?
Trí theileafón: (01) 804 9668 nó 1890 229 668
(9.00rn go dtí  5.30in, Luan go hAoine)
Trí facs: (01) 8049680
Trí ríomhphost: consumerline@comreg.ie
Trí ghnáthphost: An Fhoireann um Thomhaltóirí, ComReg
Lárionad Irish Life, Bloc DEF, Sráid na Mainistreach Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
 

Ár suímh gréasáin:
www.comreg.ie / www.askcomreg.ie / www.callcosts.ie 
 

Séanadh Dlíthiúil
Réitigh ComReg an doiciméad seo as foinsí éagsúla.  Cé gur caitheadh cúram réasúnta lena réiteach, ní ghlacann ComReg freagracht ar bith as caillteanas ná damáiste ar bith a fhulaingeodh duine ar bith as an bhfaisnéis seo a úsáid.
 

 

Iúil 2010

 

© 2012 Commission for Communications Regulation